Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-is-trathuil-gur-an-tseachtain-seo-a-leigh-me-leabhar-emma-dabiri

Is tráthúil gur an tseachtain seo a léigh mé leabhar Emma Dabiri

| Domhnall O Braonain |

Tá an leathanach bán romham arís agus machnamh á dhéanamh agam ar sheachtain eile atá imithe tharainn. Is seans é an písín scríbhneoireachta seo le mo sheachtain a chur i ndiaidh a chéile de réir mar a tharla sé agus greim a fháil, nó ar a laghad ar bith tuiscint a fháil, ar an am atá ag sleamhnú leis chomh héasca sin nuair nach bhfuil féilire ag cur mórán araoide ar dhuine ar bith. Mar sin, céard a tharla an tseachtain seo?

Théis dom éisteacht leis an agallamh a rinne Blindboy le Emma Dabiri ar a phodchraoladh faoin leabhar is déanaí a scríobh sí féin, What White People Can Do Next, cheannaigh mé an leabhar agus léigh.

Is dóigh gur tráthúil go leor gur phioc mé suas an leabhar an tseachtain seo mar gheall gur tharla an phéire nó trí cinn d’eachtraí mharfacha (chomh fada agus atá a fhios agamsa. D’fhéadfadh sé go raibh i bhfad níos mó ná sin ann) idir póilíní Mheiriceá agus daoine gorma i Meiriceá lá nó dhó théis dom í a chríochnú. Ar dheis Dé go raibh anam na ndaoine a maraíodh agus is tromchúiseach an scéal é a chloisteáil chuile uair a tharlaíonn na rudaí seo.

Sula ndéarfaidh mé rud ar bith faoi – siod an-leabhar agus b’fhiú é a léamh.

Ar an gcéad dul síos tarraingíonn an teideal aird. Sin é atá teideal agus clúdach ceaptha a dhéanamh. 

Is leabhar í seo ina ndéantar scrúdú ar an gciníochas agus ar an bhfrithchiníochas sa lá atá inniu ann. Déanann Emma trácht ar an gcaoi ar chruthaigh córas an chaipitleachais ciníocha agus dá bhrí sin ciníochas le daoine bochta a chur in aghaidh agus in adharca a chéile lena n-aird a bhaint de na boic mhóra, an fhad agus a bhí siadsan ag bailiú an t-uafás airgid. 

Cén difríocht ab fheiceálaí a d’fhéadfadh siad a úsáid leis seo a dhéanamh? Dath craicinn. Cé go bhfuil tacaíocht eolaíoch ag eitneachas (mar shampla an méid a bheadh na tástálacha DNA sin in ann a inseacht duit) níl aon bhunús eolaíoch ag an smaoineamh gur mó gaol atá ag duine amháin le duine eile má tá an dath céanna ar a gcraiceann ná gur féidir rud ar bith a rá fúthu mar dhaoine óna bheith ag breathnú orthu.

Deir Emma nach bhfuil a leithéid de rud ann agus duine ‘geal’ ná duine ‘gorm’ ach go bhfuil daoine ann a bhfuil craiceann níos gile acu agus go bhfuil daoine ann a bhfuil craiceann níos dorcha acu, ach ní fiú caint ar sin mar ní inseoidh sé rud ar bith duit faoin duine féin. 

Agus mar sin gur cheart dúinn an smaoineamh den duine ‘geal’ agus an duine ‘gorm’ a ruaigeadh as ár n-intinn.

Ach ó tharla gur chruthaigh córas na chaipitleachais an ciníochas, ní bheidh comhionannas ann an fhad agus a bheidh an córas sin i bhfeidhm, mar nach n-oibreoidh an córas sin d’uireasa an chiníochais. Má tá an caipitleachas le n-oibriú teastaíonn cos ar bolg a bheith á dhéanamh ar dhuine éicint. Mar sin deir sí go dteastaíonn dúshlán an chórais áirithe sin a thabhairt agus rud eile a chur i bhfeidhm.

Tugann sí dearcadh suimiúil ar an bhfrithchiníochas sa lá atá inniu ann freisin nach ndéarfaidh mé mórán faoi nó tachtfaidh an t-eagarthóir mé ach ní dearcadh é a bheinn ag súil leis murach gur éist mé leis an bpodchraoladh ar dtús. 

Má smaoiníonn tú ar an méid a deir sí, tá ciall leis. Mar sin mholfainn an leabhar a léamh agus mholfainn cluas a thabhairt don agallamh a rinne sí le Blindboy le cur leis – tá mé cinnte gur thug mé féin míniú uafásach ar an ábhar san alt seo. 

Níos mó