Aghaidheanna siopaí Gaeilge á lorg!
Tá deontas úr fógartha ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta ar mhaithe le hathchóiriú a dhéanamh ar aghaidheanna siopaí Gaeilge. Seo thíos céard atá ar fáil faoin scéim:
Beidh deontais ar leith idir €15,000 agus €50,000 ar fáil do thionscadail incháilithe, lena n-áirítear oibreacha athchóirithe agus caomhnaithe ar aghaidheanna siopaí, fuinneoga agus comharthaíocht stairiúil.
Tá deontas amháin in aghaidh an chontae ar fáil agus ba mhaith linn an próiseas seo a éascú don phobal. Má tá aghaidh siopa Gaeilge i do chontae a bheadh oiriúnach don scéim seo ba mhaith linn cloisteáil faoi! Caithfaidh an foirgneamh a bheith ar Thaifead na Struchtúr faoi Chosaint an údaráis áitiúil, nó incháilithe chuige sin.
Cuir ríomhphost le seoladh an tsiopa chugainn ag peig@cnag.ie agus cuirfidh muid an t-eolas sin ar aghaidh chuig an údarás áitiúil cuí. Tá gach eolas faoin scéim nua ar fáil anseo.