Tá cáineadh déanta ag Oifigeach Pleanála Teanga ar Fhoras na Gaeilge as físeán grinn a scaipeadh ar líne ina ndéantar scigmhagadh faoi litriú na Gaeilge.
Scaip an eagraíocht teanga físeán ar a leathanach Facebook ina ndéantar cur síos ar na difríochtaí atá ann idir litriú agus foghraíocht ainmneacha áirithe i nGaeilge.
Úsáidtear Sadhbh, Caoimhe agus Aoife mar shamplaí sa bhfíseán atá ag an aithriseoir Séamus Lehane.
Deirtear go magúil sa bhfíseán freisin go gcruthódh litriú na n-ainmneacha Gaeilge deacrachtaí do dhaoine a bhfuil disléicse orthu agus daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama eile acu.
Deir Foras na Gaeilge gur scaipeadh an físeán mar go dtaitníonn físeáin ghrinn dá leithéid lena leantóirí.
Tá roinnt físeán grinn eile déanta ag Lehane faoin nGaeilge agus faoin gcaoi a litrítear agus a bhfoghraítear focail sa teanga.
Cháin Oifigeach Pleanála Teanga Uíbh Ráthaigh, Victor Bayda, Foras na Gaeilge as an bhfíseán a scaipeadh.
“An oiread cacamais sa bhfíseán seo. Ní fhéadfadh duine é a dhéanamh le meas air féin. Físeán a rinne duine faoi thionchar teanga nach bhfuil aon chiall lena córas litrithe murab ionann agus córas litrithe na Gaeilge. Foras na Gaeilge, an bhfuil sibh ceart go leor?!,” a dúirt Bayda i dtrácht a d’fhág sé faoin bhfíseán.
Tá @ForasnaGaeilge ag roinnt ar facebook físeáin tiktokaire ag magadh faoin nGaeilge. An bealach is fearr le Gaeilge a chur chun cinn.
— Victor Bé-A-Yé-Dé-A (@VictorBayda) May 11, 2021
Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge go dtaitníonn físeáin ghrinn dá leithéid lena leantóirí ar na meáin shóisialta.
“Roinneann Foras na Gaeilge réimse leathan ábhair ar na meáin shóisialta lenár leantóirí, idir ábhar dáiríre agus éadrom. Roinneadh an físeán grinn TikTok ar Facebook inniu mar go bhfuil sé léirithe go dtaitníonn na físeáin ghrinn lenár leantóirí.”
Tharraing an fear grinn John Cleese conspóid air féin cúpla bliain ó shin nuair a mhol sé go gcuirfí córas foghraíochta an Bhéarla i bhfeidhm ar ainmneacha Gaeilge.
Dúirt Cleese ag an am gur “deliberate attempts to mislead innocent people” a bhí sna bealaí a raibh roinnt ainmneacha Gaeilge litrithe.