Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Learn Irish: 18-22 year olds
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
10 Reasons to Register to our Business Directory
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Surnames
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
na-tri-scor-bainte-amach-ag-an-amhranai-gaeltachta-enya

Na trí scór bainte amach ag an amhránaí Gaeltachta Enya

NÓS

Tá an t-amhránaí mórchlúiteach Gaeltachta Enya ag ceiliúradh a seascadú lá breithe inniu. Rugadh Eithne Ní Bhraonáin i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill ar an 17 Bealtaine 1961, agus ní raibh sí ach 18 mbliana d’aois nuair a thosaigh sí ag ceol le banna a muintire Clannad.

Chaith sí dhá bhliain leis an mbanna ceoil sular fhág sí le bheith ina ceoltóir aonair. Bhain sí cáil amach i réimse an cheoil nua-aoisigh agus is iomaí scannán agus clár teilifíse a d’úsáid a cuid ceoil i gcaitheamh na mblianta — leagan Peter Jackson de Lord of the Rings: The Fellowship of the Ring (2001) ina measc.

Is í an ceoltóir aonair is rathúla in Éirinn agus os cionn 75 milliún rian díolta aici ar fud an domhain – rud a fhágann go bhfuil sí ar dhuine de na ceoltóirí is rathúla ar domhan freisin.

Tá ceithre ghradam Grammy buaite aici, seacht ngradam World Music agus gradam Ivor Novello. Chomh maith leis sin ainmníodh an t-amhrán a chan sí ar Lord of the Rings: The Fellowship of the Ring do ghradam Oscar agus don Golden Globe.

Agus í ina cailín óg ba mhinic Enya ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair in Ard na gCeapairí agus ghlacadh sí páirt go rialta i gcomórtais áitiúla agus náisiúnta ar nós na Feise Ceoil. Cheannaigh sí caisleán i gCill Iníon Léinín i mBaile Átha Cliath in 1997 agus thug an t-ainm Caisleán Manderly air. Is ann atá sí ina cónaí ó shin.

Aisteach go leor, cuimhneofar ar Enya go deo in annála na ndúile fionnuisce mar gheall ar an Leporinus enyae – “éiscín beag gleoite” ar tháinig eolaithe air in abhainn Orinoco i Meiriceá Theas. Bheartaigh siad ainm an amhránaí as Gaoth Dobhair, a d’eisigh an t-amhrán Orinoco Flow sa bhliain 1988, a thabhairt air.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge