Tá ráite ag aire rialtais nach bhfuil an córas chun státseirbhísigh le Gaeilge a earcú chuig an státseirbhís ag obair agus go bhfuil gá lena athrú.
Bhí an tAire Stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Ossian Smyth, ag tabhairt freagra sa Dáil ar áitiú an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil an baol ann gur níos lú Gaeilgeoirí á earcú sa státseirbhís de thoradh phlean an Rialtais cur le líon na nGaeilgeoirí inti.
Dúirt an tAire Stáit go bhfuil “an-deacracht” ag an státseirbhís daoine le Gaeilge a earcú agus go mbíonn suas le 100 uair níos mó iarratasóirí ann do chomórtais earcaíochta do ghnáthphostanna Béarla i gcomparáid le postanna a bhfuil an Ghaeilge ag teastáil dóibh.
Dúirt an tAire Stáit Smyth an méid sin tráth a bhfuil sé mar sprioc ag an rialtas go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030.
Dúirt sé gur chuir 60 uair níos mó iarratasóirí isteach ar chomórtas d’oifigigh chléireachais le Béarla i gcomparáid leis an gcomórtas do dhaoine a raibh Gaeilge acu. I gcás eile, 100 uair níos mó daoine a chuir isteach ar chomórtas d’oifigigh feidhmiúcháin le Béarla i gcomparáid leis an gcomórtas Gaeilge.
Léirigh figiúirí a chuir an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fáil don Teachta Éamon Ó Cuív le gairid go raibh poist faighte ag 32 duine tríd an gcomórtas d’oifigigh feidhmiúcháin le Gaeilge. 88 iarratasóir a bhí ar an bpainéal Gaeilge sin a bhfuil deireadh curtha anois leis.
Dúirt an Teachta Ó Cuív go raibh sé “cineál seafóideach” go bhfuil painéal ar leith ann do dhaoine le Gaeilge agus gur cheart go gcuirfí Gaeilgeoirí ar an liosta Béarla freisin. Mheas sé go mbeadh drogall ar dhaoine cur isteach ar an bpainéal Gaeilge mar nach gcuirtear daoine ón bpainéal sin ach i bpostanna a bhfuil riachtanais Ghaeilge luaite leo.
“Cad chuige a srianfadh daoine iad féin go poist ina gcuirtear i mbosca beag na Gaeilge iad nuair a bheadh an Státseirbhís oscailte do dhaoine dátheangacha má théann siad ar an bpainéal Béarla, mar a thug an tAire Stáit air?”
Agus na fadhbanna a bhain leis an gcóras earcaíochta á bplé sa Dáil ag an, d’aontaigh an tAire Stáit go raibh athrú ag teastáil ionas go bhfostófaí níos mó Gaeilgeoirí.
“Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil gá leis an gcóras seo a athrú. Is é sin an fáth go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 ag teacht, chun fadhbanna mar seo a réiteach. Tá orainn níos mó daoine atá dátheangach a earcú.”
Dúirt an tAire Stáit Smyth, áfach, go raibh deacrachtaí ann maidir lena laghad spéise a léirítear i gcomórtais do dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu.
Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bhíonn i mbun na gcomórtas earcaíochta don státseirbhís.
Dúirt an tAire Stáit Smyth gur léirigh an easpa iarratasóirí go raibh “fadhb oideachais” ann ó thaobh na Gaeilge de agus “gur fadhb níos leithne ná fadhb earcaíochta í”.
Léirigh anailís de chuid Tuairisc níos luaithe i mbliana nach raibh ach 88 post ann a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo as an mbeagnach 25,000 post atá sa státseirbhís. Bhí beagnach leath de na postanna sin – 38 ceann ar fad – in oifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara.
Folúntais a raibh cumas sa Ghaeilge luaite leo a bhí i 16 de na folúntais a líonadh sa státseirbhís idir an 1 Eanáir 2018 agus 30 Meán Fómhair 2020 – 0.2% de na folúntais a líonadh le linn na tréimhse sin.
Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh sé in am an córas a athrú má táthar chun an sprioc earcaíochta atá luaite sa Bhille Teanga a bhaint amach.
“Tá fhios acu go bhfuil an tAcht ag teacht agus is ceart go mbeadh siad bogtha cheana féin air seo. Tá sé cosúil le duine nach dtosódh ’dul i ngleic leis an athrú aeráide go dtí go mbeadh ‘Climate Bill’ ann,” arsa Ó Cuív.