Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Learn Irish: 18-22 year olds
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
10 Reasons to Register to our Business Directory
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Surnames
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
athosclofar-gairdin-beorach-chlub-chonradh-na-gaeilge-de-luain

Athosclófar gairdín beorach Chlub Chonradh na Gaeilge Dé Luain

NÓS
| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Athosclófar gairdín beorach Club Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair Dé Luain 7 Meitheamh. Bhíothas ag díol ‘piontaí bóthair’ ó gheata tosaigh an Chlub Dé Sathairn an 22 Bealtaine le hairgead a bhailiú a ghlanfadh cuid de na billí a bhí le híoc, ach tá foireann an Chlub ag súil le fáilte a chur roimh Ghaeil na hardchathrach sa ghairdín beorach arís ag tús na seachtaine seo chugainn.

Fógraíodh ar na meáin shóisialta inniu go mbeidh ‘piontaí beir leat’ ar fáil ó dhoras an Chlub, mar a bhí coicís ó shin, ach go mbeidh an gairdín beorach ar chúl an tí ar oscailt freisin agus na srianta in aghaidh an víris chorónaigh maolaithe.

Beidh an Club ar oscailt Dé Luain seo chugainn den chéad uair agus gach Aoine agus Satharn ina dhiaidh sin. Ní féidir ach líon beag daoine a thabhairt isteach sa ghairdín beorach mar gheall ar na srianta a bheidh fós i bhfeidhm go ceann cúpla seachtain ar a laghad.

“Tiocfaidh bhur seal mar a thiocfaidh sibh féin,” a dúradh ar chuntas Twitter an Cblub.

Beidh an Club ar oscailt ó 15.30 go 23.00 Dé Luain seo chugainn, ó 17.30 go 23.00 ar an Aoine, agus ó 16.30 go 23.00 ar an Satharn.

Bhí an-lá ag lucht an Chlub an mhí seo caite nuair a díoladh deochanna ann den chéad uair le 15 mhí. Bhíothas ag iarraidh an áit a oscailt ar feadh an deireadh seachtaine ach bhí an oiread sin éilimh ar an tseirbhís ‘piontaí beir leat’ gurbh éigean an áit a dhúnadh arís Dé Domhnaigh.

Dúnadh an Club i mí Mhártana bliana seo caite nuair a tháinig an chéad ráig den víreas corónach go hÉirinn. Bhí súil ag lucht an tí tábhairne oscailt arís i mí an Mheithimh 2020 ach d’fhág na dianghlasálacha fada agus na ráigeanna nua den víreas nach raibh an deis sin acu.

Agus an Club dúnta rinneadh obair athchóirithe air. Péinteáladh na ballaí taobh istigh agus cuireadh scáileáin phlaisteacha in áit le dul i ngleic leis an víreas. Tá athchóiriú déanta ar an ngairdín beorach freisin.

Tá leathanach PayPal ag coiste an Chlub agus tá airgead á dheonú ag Gaeil Bhaile Átha Cliath go rialta le bliain anuas le cabhrú leis an gcoiste na costais a ghlanadh agus an Club dúnta don phobal.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge