Tá sé i gceist tús a chur le seirbhís ateangaireachta ó Bhéarla go Gaeilge i dTithe an Oireachtais.
Tá an tseirbhís nua beartaithe mar chuid de phlean chun feabhas a chur ar na seirbhísí ateangaireachta atá ar fáil i dTeach Laighean.
Tá sé i gceist ag Tithe an Oireachtais foireann ateangaireachta ar leith a earcú i mbliana agus níos mó áiseanna a chur ar fáil don ateangaireacht.
Bhí seirbhísí ateangaireachta Thithe an Oireachtais i mbéal an phobail le gairid nuair a dúirt Catherine Connolly, Leas-Cheann Comhairle na Dála, nach raibh an córas atá ann anois “cuimsitheach” ná “cuí chun muinín a thabhairt duit”.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách an méid sin i ndiaidh d’Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, cinneadh a dhéanamh Béarla amháin a labhairt ag cruinniú de choiste Oireachtais, fiú nuair a cheistigh Seanadóir i nGaeilge é.
Agus é ag déanamh cosaint ar an gcinneadh sin, dúirt Esslemont nach bhféadfadh sé é a fhágáil faoi aistritheoir a theachtaireacht a chur in iúl i mbliain a bhí “an-tábhachtach” do TG4.
Ag éirí as an gconspóid sin, thug Tithe an Oireachtais le fios do Tuairisc.ie go bhfuil socruithe á ndéanamh acu chun cur lena seirbhís ateangaireachta.
Córas ateangaireachta éighníomhaí, ceann a dhéanann aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla amháin, atá in úsáid i dTithe an Oireachtais i láthair na huaire ach tá sé i gceist seirbhís ó Bhéarla go Gaeilge a chur ar fáil freisin den chéad uair.
Dúirt urlabhraí ó Thithe an Oireachtais le Tuairisc.ie go gcuirfidh an t-athrú seo “go mór le leanúnachas aonteangach na díospóireachta do lucht úsáidte an chórais”.
Dúradh freisin go bhfuil sé i gceist meitheal ateangaireachta a earcú trí chomórtas poiblí atá le seoladh san fhómhar. Beidh an fhoireann seo ag plé den chuid is mó leis an tseirbhís ateangaireachta.
Faoi láthair, is iad an fhoireann chéanna a sholáthraíonn na seirbhísí aistriúcháin agus na seirbhísí ateangaireachta i dTithe an Oireachtais.
Anuas air sin, tá bothanna breise ateangaireachta le tógáil i rith shos an tsamhraidh chun líon na mbothanna a mhéadú ó cheithre bhoth go dtí ocht mboth.
“Agus an obair sin curtha i gcrích, cuirfear ar chumas Sheirbhís Thithe an Oireachtais an córas a fhorbairt sna blianta beaga atá amach romhainn agus freastal ar roinnt de na pointí a d’ardaigh an Leas-Cheann Comhairle,” a dúirt urlabhraí ó Thithe an Oireachtais le Tuairisc.ie.
Dúirt an t-urlabhraí gur cheist d’Alan Esslemont é pé ceann de na teangacha oifigiúla ba mhian leis a úsáid agus é ag caint i dTithe an Oireachtais.
Tá seirbhís aistriúcháin chomhuainigh ar fáil i dTithe an Oireachtais ón mbliain 1972.