Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
bus-cholaiste-lurgan-pairceailte-lasmuigh-de-roinn-na-gaeltachta-mar-agoid-roimh-chuairt-aire-stait

Bus Choláiste Lurgan páirceáilte lasmuigh de Roinn na Gaeltachta mar agóid roimh chuairt Aire Stáit

Tá bus páirceáilte taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta mar agóid faoin easpa dul chun cinn a mhaítear atá á dhéanamh maidir leis an bplean Ionad Oideachais agus Óige a thógáil ar shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán.

Deir na comharthaí móra atá ar an mbus ‘Fís nó Frithfhís’ agus ‘Cainteanna = Comhthuiscint = Comhaontú’ scríofa chair. Tá scrios déanta le líne dhearg ar ‘Lurgan… 2021, 2022, 2023’ agus comhartha ceiste ann faoi ‘2024’, ag tabhairt le fios go bhfuil éiginnteacht faoina bhfuil i ndán don choláiste samhraidh cáiliúil.

Páirceáladh an bus lasmuigh de cheannárais na Roinne agus an Údaráis inné, 24 uair an chloig roimh chuairt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ar Ghaeltacht Chonamara. Tá sé i gceist ag an Aire cruinniú a bheith aige tráthnóna le hionadaithe ó Choláiste Lurgan.

Tá sé curtha i leith na Roinne agus an Údaráis go minic ag úinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, gur ag tarraingt na gcos atá siad i dtaobh an togra in Indreabhán. Deir lucht na Roinne agus an Údaráis, áfach, gurb amhlaidh go bhfuil siadsan ag fanacht ar úinéir Choláiste Lurgan glacadh leis an bplean atá acu don fhorbairt.

Deir Údarás na Gaeltachta gurb iad na príomhchéimeanna atá le baint chun an togra a chur i bhfeidhm ná teacht ar chomhaontú le Coláiste Lurgan maidir le húsáid an ionaid, beannacht a fháil ó bhord an Údaráis agus ó Roinn na Gaeltachta an togra a thabhairt chun cinn agus ansin cead pleanála a lorg don fhorbairt.

Deirtear go bhfuil sé mar sprioc ag Údarás na Gaeltachta cead pleanála a fháil sa tríú ráithe den bhliain seo agus go mbeadh an t-ionad nua tógtha agus réidh in am do shamhradh 2023.

Beidh an tAire Stáit i gCois Fharraige ar maidin chun seoladh a dhéanamh ar thaighde faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht a choimisiúnaigh Tuismitheoirí na Gaeltachta. Casfaidh sé chomh maith le CONCOS, scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, atá fós ag fanacht ar scéala faoi cén cúiteamh a íocfar leo mar gheall ar na cúrsaí samhraidh a bheith curtha ar ceal don dara bliain as a chéile.

Níos mó