Ní gá go mbeidh Gaeilge ag an leas-uachtarán nua a bheas i mbun ‘gach gné den chomhionannas’ a chur chun cinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Cé gur faoi Leas-Uachtarán um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú in OÉ an comhionannas ‘a chur chun cinn agus a threorú i ngach cuid den ollscoil’, tá sé deimhnithe ag OÉ Gaillimh le Tuairisc.ie nach bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ina riachtanas don phost.
Tá an post don Leas-Uachtarán um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú san ollscoil á fhógairt i láthair na huaire.
Bhí conspóid mhór ann faoin chinneadh a rinneadh le déanaí deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhain le postanna riaracháin grád 1, 2 agus 3 san ollscoil, moladh a tháinig ó Chomhairle Acadúil na hOllscoile.
An tOllamh Anne Scott, Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht atá ag éirí as an phost sin a chur in iúl ag cruinniú Chomhairle Acadúil na hOllscoile go raibh “ar a laghad 15 gearán” faighte ag a hoifig ó dhaoine ar an fhoireann a bhí “ag smaoineamh ar ghearán a dhéanamh” faoin riachtanas Gaeilge san ollscoil do phostanna riaracháin.
In 2016 chinn údaráis na hollscoile deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge do phost na huachtaránachta OÉ, Gaillimh agus is cinnte go bhféachfar ar an scéal is déanaí faoi phost leas-uachtaránachta an chomhionannais mar chreimeadh a bheith á dhéanamh ar stádas na teanga san ollscoil.
I ráiteas a chuir OÉ, Gaillimh ar fáil do Tuairisc.ie faoin scéal, dúradh gur tugadh isteach rialacháin nua maidir le daoine a bhfuil Gaeilge acu a fhostú agus nach raibh “ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge” mar riachtanas don phost mar Leas-Uachtarán um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú.
“Tá seirbhísí OÉ Gaillimh curtha ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, mar atá leagtha amach i Scéim Teanga na hOllscoile. Mar chuid de sin, tá sé ina riachtanas go mbeadh líon áirithe postanna líonta ag daoine, le Gaeilge d’ardleibhéal, i ngach aonad san Ollscoil. Ní féidir folúntas do phost gan ardleibhéal Gaeilge a fhógairt, muna bhfuil an riachtanas seo á chomhlíonadh,” a dúradh.
Nuair a chuir Tuairisc.ie ceist ar an Ollscoil an raibh cearta comhionannais teanga faoi chúram an Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht nua atá le ceapadh, dúradh gur faoi Oifig an Uachtaráin Ionaid agus an Mheabhránaí atá sé a chinntiú go bhfuil “ár ndualgas comhlíonta” ó thaobh na Gaeilge de.
Ní luaitear cearta teanga ná an Ghaeilge féin i Straitéis Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe 2020-2024 na hollscoile.