Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
grianghraf-stairiuil-den-fhear-gaeltachta-a-mharaigh-ceannaire-na-invincibles-aimsithe-tar-eis-138-bliain

Grianghraf stairiúil den fhear Gaeltachta a mharaigh ceannaire na Invincibles aimsithe tar éis 138 bliain

Tá grianghraf de Phadaí Mhicheáil Airt Ó Domhnaill as Mín an Chladaigh i nGaoth Dobhair, a crochadh i Londain sa bhliain 1883, foilsithe den chéad uair sa leabhar The Queen v Patrick O’Donnell, saothar ar a bhfuil fadchlár faisnéise nua den teideal céanna bunaithe ag an gcomhlacht léiriúcháin ROSG do TG4.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin, údar an leabhair nua, gur thuig sé gur tógadh pictiúr d’fhear Ghaoth Dobhair mar go bhfaca sé sceitsí lámhdhéanta a bhí bunaithe ar ghrianghraf ach go raibh ‘an t-ádh dearg air’ bunchóip den ghrianghraf a aimsiú.

‘B’uirlis neamhchoitianta go maith é an ceamara sna 1880idí agus ní raibh sé de chumas ag formhór nuachtáin an domhain san am sin pictiúir a fhoilsiú. Ba sceitsí a rinne ealaíontóirí iad na híomhánna de Phadaí Mhicheáil Airt a bhí le feiceáil i bhfoilseacháin ar nós The Graphic agus an London Weekly Illustrated,’ a dúirt Ó Cuirreáin le Tuairisc.ie.

Ar bord loinge ar chósta na hAfraice Theas a mharaigh Ó Domhnaill an brathadóir James Carey. Tugadh i dtír in Port Elizabeth é lena thabhairt os comhair cúirte ach eiseachadadh go Londain níos deireanaí é dá thriail san Old Bailey.

Thuairisc nuachtán de chuid na hAfraice Theas i Lúnasa 1883 gur ‘thoiligh’ Padaí Mhicheáil Airt go nglacfaí a phictiúr ar an tuiscint go dtabharfaí cead ar dtús dó é féin a bhearradh agus a ghléasadh go néata don ócáid.

Tuairiscíodh i gcomhad i gCartlann Náisiúnta na Breataine gur chláraigh grianghrafadóir, C.W. Smart ó Port Elizabeth, úinéireacht agus cóipcheart ar an bpictiúr de Phadaí Mhicheáil Airt ar an 28 Lúnasa 1883 agus gur grianghraf ‘ceann is guaillí’ a bhí ann agus hata á chaitheamh aige.

Dúradh i nóta ar an gcomhad, áfach, nach raibh cóip den phictiúr féin leis an bhfoirm chláraithe.

Rinneadh tagairt don phictiúr de Ó Domhnaill in dhá mheamram i gcomhad de chuid Rannóg Póilíneachta agus Coiriúlachta an RIC atá le fáil sa Chartlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. I gcás amháin acu sin, d’iarr oifigeach de chuid na bpóilíní go gcuirfí cóip den phictiúr d’Ó Domhnaill ar fáil dó le cabhrú leis fianaise a bhailiú ar a raibh ar siúl ag fear Ghaoth Dobhair le linn na cuairte a thug sé ar an tír seo sular imigh sé chun na hAfraice Theas. Bheadh ‘géarghá’ leis an bpictiúr seo le go n-aithneodh finnéithe é, a dúirt sé. Lorgaíodh ‘roinnt cóipeanna’ den ghrianghraf de réir meamram eile le cabhrú leis na húdaráis leanúint dá bhfiosruithe. Ní raibh an pictiúr le fáil ar chomhad na cartlainne, áfach.

 

Tagairt fhánach d’Ó Domhnaill in alt gairid san Irish Times 54 bliain níos deireanaí, i Lúnasa 1937, a chabhraigh le Seán Ó Cuirreáin an bunphictiúr a tógadh in Port Elizabeth in 1883 a aimsiú. Tuairisc a bhí sa nuachtán ar liosta d’ábhair nua a bronnadh ar Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann. Bhí cóipleabhar de chuid Phadaí Mhicheáil Airt i measc na n-ábhar a bhronn bean as Cúil Raithin, Co. Dhoire, Kathleen Masters, ar an iarsmalann.

Cé gur chainteoir dúchais Gaeilge é Ó Domhnaill a raibh Béarla ar a thoil aige de bharr breis agus 20 bliain a chaitheamh i Meiricea ní raibh aon oideachais foirmiúil air agus ní raibh scríobh ná léamh aige. Ach le linn dó a bheith i bpríosún ag fanacht go gcuirfí triail air faoi dhúnmharú Carey thosaigh sé a fhoghlaim le scríobh i gcóipleabhar scoile.

An séiplíneach i bpríosún Newgate i Londain, an áit a raibh fear Ghaoth Dobhair faoi choinneáil, a thug an cóipleabhar d’aintín leis an mbean a bhronn níos deireanaí é ar an Músaem Náisiúnta. Tá an cóipleabhar sin mar chuid de Bhailiúchán Stairiúil an mhúsaeim i mBeairic Uí Choileáin, Baile Átha Cliath.

B’ábhar ‘iontais agus sástachta’ do Sheán Ó Cuirreáin nuair a fuair sé amach go raibh an bunphictiúr de Phadaí Mhicheáil Airt a thóg C.W. Smart in Port Elizabeth na hAfraice Theas in 1883 i dteannta an chóipleabhair sin.

Four Court Press a d’fhoilsigh an leabhar The Queen v Patrick O’Donnell (€17.97, clúdach bog) agus beidh an fadchlár faisnéise den teideal céanna atá bunaithe ar an leabhar le feiceáil den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn. Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil sé le taispeáint freisin ag Féile Idirnáisiúnta Scannán i Rhode Island Mheiriceá agus tá ainmniúcháin do ghradaim faighte cheana féin ag an scannán, a rinne ROSG do TG4, ag féilte idirnáisiúnta scannán in Vancouver Cheanada agus i Maidrid na Spáinne.

Níos mó