Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
learscail-adhmaid-de-thithe-solais-mora-na-heireann-nochta-i-dteach-solais-fhanada

Léarscáil adhmaid de Thithe Solais Móra na hÉireann nochta i dTeach Solais Fhánada

Tá léarscáil mhór adhmaid curtha isteach i dTeach Solais Fhánada le hómós a thabhairt do thithe solais ar fud na hÉireann agus aird a tharraingt orthu.

Coimisiúnaíodh ceardaí as Fánaid, Martin Clinton ón gcomhlacht ealaíne adhmaid Carraig na Rón, leis an léarscáil mhór a dhearadh agus a dhéanamh do Theach Solais Fhánada. Dhear Martin an léarscáil ina mhíreanna mearaí agus tá a áit féin ar an mbord ach gach deilbhín de Thithe Solais Móra na hÉireann. 

“Bímid i gcónaí ag iarraidh rudaí a dhéanamh a bheadh ag díriú ar pháistí agus ar an teaghlach. Is fearr rudaí idirghníomhach a bheith againn in áit a bheith ag súil go n-amharcfaidh páistí ar rudaí ar na balla, agus go mbeadh rud éigin ann a bhféadfaidís lámh a leagan air agus spraoi a bhaint as. Is as sin a tháinig an coincheap gur féidir míreanna mearaí a dhéanamh. Pléigh muid le Martin Clinton é, tá an ghnólacht Carraig na Rón cúpla míle siar an bóthar ó Theach Solais Fhánada agus tá rudaí eile déanta aige dúinn cheana féin,” a dúirt Rosie Nic Cionnaith, Oifigeach Margaíochta an Tí Solais, le NÓS.

Nochtadh an léarscáil nua ag an teach solais Gaeltachta le deireanas agus bhí an deis ag cuairteoirí a n-iarracht féin a dhéanamh na tithe beaga adhmaid a chur ina leaba cheart ar an chlár. 

“Tá na cuairteoirí ag baint an-sult as. Tá na daoine fásta ag cur an-spéis san ealaín agus is maith le páistí a bheith ag spraoi leis. Ní do pháistí amháin atá sé, mar níl sé chomh furasta sin na deilbhíní a chur ina n-áit, tógann sé roinnt ama, agus tá sé deas nuair a thagann daoine le chéile timpeall an bhoird le sult a bhaint as agus rudaí a fhoghlaim uaidh. 

Ní hé seo an t-aon mhír ealaíonta oideachasúil a bheidh á cur in áit i dTeach Solais Fhánada, dar le Rosie. Tá Martin ag obair cheana féin i gceardlann Charraig na Rón ar mhíreanna eile a chuirfear sa teach solais a “mbainfidh cuairteoirí taitneamh agus tairbhe astu”.

“An rud a bheas ann ná léarscáil de thithe solais chontae Dhún na nGall. Bíonn patrún solais difriúil ann i ngach teach solais, agus cabhraíonn na patrúin sin leis na báid a bhíonn amuigh ar an fharraige mhór na tithe a aithint agus a oibriú amach cá bhfuil siad. Bíonn dathanna difriúla i gceist fosta, is féidir a fheiceáil go bhfuil sé ‘bán agus buí’ in áit amháin agus ‘dubh agus buí’ in áit eile. Beidh an léarscáil á cur i spás beag dorcha againn agus cuirtín timpeall uirthi. Beidh atmaisféar cineál rúna ann agus beifear in ann dul isteach agus na cnaipí a bhrú leis na soilse seo a fheiceáil,” a dúirt Rosie. 

Osclaíodh Teach Solais Fhánada don phobal mar ionad turasóireachta in 2016. Tá na mílte daoine tar éis cuairt a thabhairt ar an teach solais Gaeltachta ó shin. Tá an Ghaeilge in uachtar san áit agus eolas agus turais treoraithe ar fáil do chainteoirí Gaeilge ann. 

Táthar in ann fanacht sna tithe beaga saoire taobh leis fosta, áit a mbíodh lucht an tí solais ina gcónaí fadó. Tá Teach Solais Fhánada ar cheann de Thithe Solais Móra na hÉireann, tionscadal turasóireachta a seoladh tamall de bhlianta ó shin le hoidhreacht mhara na hÉireann a cheiliúradh. 

Níos mó