Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ni-hionann-teach-osta-agus-seomra-ranga-do-phaiste’

‘Ní hionann teach ósta agus seomra ranga do pháiste’

Mol an óige agus a tiocfaidh sí. Go dtí go bhfuil an rud atá go maith don óige go dona don phóca. Bhí mé ag sciolladh anseo coicís ó shin faoin tsaint atá feicthe againn le bliain go leith. Tá cluas bhodhar á tabhairt do ghasúir agus do na daoine atá ag iarraidh cás ár leanaí a chur chun cinn. An tseachtain seo, tá na daoine fásta ag sárú, in iarracht a gcuid ciontachta agus leithleachais a chuir i bhfolach, agus iad ag triail gasúir gan vacsaín a scaoileadh isteach i dtithe ósta. 

‘Mór an trua na gasúir’ a chloiseann muid. ‘Na créatúr coinnithe taobh amuigh.’ ‘Shílfeá, má tá siad sábháilte ar scoil go mbeadh siad sábháilte faoi dhíon agus muid ag ithe lón.’ Iad ag iomrascáil in iarracht an milleán a chuir ar dhuine eicínt eile (An Dr Tony Holohan is dóigh) má chuirtear stop le craic na ndaoine fásta, nó má éiríonn a gcuid gasúr tinn le COVID-19.

Ní maith liom madraí an bhaile a tharraingt isteach sa scéal, ach faoin tráth seo, tá a fhios ag an madra mór go bhfuil an bithathraitheach Delta i bhfad níos tógálaí. Tá an fhios ag na madraí céanna go dtéann an baol sin i méid nuair nach bhfuil muid faoin aer, ach istigh i mbialann. Mura bhfuil vacsaín faighte agat, níl tú chomh sábháilte céanna agus leis na daoine a fuair an tsnáthaid faoi dhó. Agus den uair dheireanach, agus na madraí ag tafann gan stad, ní hionann teach ósta agus seomra ranga do pháiste. 

Teastaíonn ceann de na rudaí seo uathu, ach faraor, níl aon chaint á dhéanamh ar na bealaí a thabharfadh cosaint do na páistí. Ní fhaca mé gasúr fós a mhothaigh go raibh éagóir déanta orthu nuair a roghnaigh a gcuid tuismitheoirí gan iad a thabhairt ag an bpub. Ach tá éagóir á dhéanamh orthu ón gcéad lá a caitheadh amach as an seomra ranga iad i mí an Mhárta i 2020.

Go deimhin, tá sé ag dul ar aghaidh le blianta agus iad brúite sa mullach ar a chéile i seomraí ranga, ceal múinteoirí. Ní an phaindéim a chruthaigh na fadhbanna seo, ach an bealach a roghnaigh daoine fásta dul i ngleic leis. A gcosa beaga scriosta ag bróga a bhí róbheag dóibh, ceal siopaí bróg. Easpa scileanna sóisialta i measc na bpáistí. Dearmad déanta ar ghasúir le riachtanais speisialta. Díomá arís agus arís eile, nuair a cuireadh turais bheaga, cluichí, agus anois campaí samhraidh ar ceal. Mar gheall ar Covid. 

Nó, mar gheall ar shaint na ndaoine fásta, a roghnaigh go raibh pionta faoi dhíon, níos tábhachtaí ná líon na gcásanna a choinneáil íseal, sa gcaoi agus go mbeadh na scoileanna in ann oscailt arís sa Meán Fómhair. 

Tá sé in am go gcuirfí iallach ar bhrústocairí céatadán dá mbuiséid a chur ar leataobh le maoiniú a thabhairt do bhrúghrúpa a chuirfeadh riachtanais na ngasúr faoi bhráid an rialtais agus na sochaí. Is cosúil gurb é an t-aon bhealach é aird a tharraingt ar na daoine beaga, nach bhfuil aon ghuth acu. Mo náire muid. 

Níos mó