Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘seoidin-i-dtuaisceart-na-heireann-i-doire’-–-treoir-don-turasoir

‘Seoidín i dtuaisceart na hÉireann í Doire’ – treoir don turasóir

Seoidín i dtuaisceart na hÉireann is ea í mo chathair dhúchais, Doire, agus a bhfuil le feiceáil agus le déanamh inti. Ní foláir d’aon duine atá ag iarraidh seal saoire a chaitheamh i gcúige Uladh an seal sin a chaitheamh sa Chathair Mhúrtha í féin. 

I dtús báire, socróidh muid an lóistín. Tá an-rogha lóistín i nDoire idir Óstán na Cathrach ar bhruach an Fheabhail, an Maldron Hotel atá go hard taobh istigh de Bhallaí na Cathrach cúpla troigh ó Gheata an Bhuistéara agus Sráid Fhathna, nó má thaitníonn an saol de luxe leat, tá óstán Ramada da Vinci go díreach ar imeall na cathrach féin, taobh le gabháil Bhóthar Bhun Cranncha agus Bhóthair na Cúile Móire.

Cathair mhór staire is ea í Doire atá lán le scéalta agus imeachtaí tábhachtacha cinniúnacha, ní hamháin don cheantar áitiúil, ach ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta fosta. Is féidir tumadh faoin stair seo agus cuairt a thabhairt ar aon cheann de na músaeim sa chathair: Músaem an Túir a chuimsíonn scéal na cathrach ón aois réamhstaire go dtí an lá inniu, Músaem ShaorDhoire, a bhfuil iarsmaí agus cuntas na dTrioblóidí sa cheantar agus ar fud Thuaisceart Éireann, nó Músaem an Leigir, a thugann dearcadh ar bhunú na Cathrach Múrtha le linn na Plándála, agus gach ar tharla a lean chun Léigear Dhoire i 1689.

Ar a bharr sin, ná déan dearmad cuairt a thabhairt ar Bhallaí na Cathrach, ar ndóigh, agus tú sa Chathair Mhúrtha féin. Is fearr tús a chur le do shiúlóid ó Chearnóg Halla na Cathrach agus dul ar chlé trí Gheata Ché na Loinge go dtí an rampa cloiche ar chlé. Ansin, lean ort ceachtar treo ar feadh míle glan. 

Agus tú ag siúl, beidh tú in ann radharc breá na cathrach taobh istigh de na Ballaí a fheiceáil maraon le radharcanna áille iomlána de Thaobh an Bhogaigh, an Creagán, Bruach Thiar an Fheabhail, agus neart de na sráideanna ar ar taifeadadh Derry Girls. In éineacht leis sin, bheidh tú in ann do lámha a leagan ar na gunnaí móra a scaoileadh le linn Léigear Dhoire 1689 atá suite ar fud na mBallaí féin.

I ndiaidh duit siúl thart fá na Ballaí, is féidir siopadóireacht a dhéanamh i do rogha ionad siopadóireachta i lár na cathrach, mar a nglactar idir phunt agus Euro i bhformhór na siopaí. Is féidir teacht ar Quayside ar Bhóthar na Trá, agus bearradh gruaige Túrcach a fháil, nó milseáin shaora a cheannach ón siopa puint ann má tá rogha na pictiúrlainne Omniplex béal dorais róchostasach duit. Má roghnaíonn tú an Richmond Centre, beidh trí urlár de shiopaí faisin, cúraim, teicneolaíochta, cluichí ríomhaireachta, agus bia ar fáil, agus níl tú ach dhá bhomaite de shiúl na gcos ó Richmond atá Foylesidear Shráid an Úlloird, ina bhfuil an Chúirt Bia, chomh maith le Siopa Disney, agus siopaí eile.

Molaim go mór duit má tá do dhotháin den chathair agat, áfach, cuairt a thabhairt ar an Brunswick Moviebowl (nó The Bowling Alley mar a thugtar air go háitiúil). Creid nó ná creid, tá níos mó ná ‘cúirt bhabhlála’ amháin atá san ionad seo, ach áit a ndeimhníonn spraoi ón duine óg go dtí an croí óg féin. Tá cúirt mhór bhabhlála 16 lána san áit seo; bialann Martha’s Vineyard do bheilí agus deochanna den scoth; an Boulevard Café do bheilí simplí saor ach blasta, ionad súgartha Bananas do pháistí; seomra púil naoi tabla; agus an phictiúrlann mór seacht scáileán. Áit is ea é mar sin a dtiocfadh le duine ar bith an lá ar fad a chaitheamh ann.

Is cinnte go mbeidh tú ar do sháimhín só nuair a thiocfaidh tú go Cathair Dhoire mar sin agus súp is fiche a bhaint as a mbeidh le feiceáil agus le déanamh ann, sin a dhearbaímse duit.

Níos mó