Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ta-muid-craite-ag-an-sceal’-–-dioma-ar-ghrupai-pobail-agus-cead-pleanala-diultaithe-do-phairc-na-mara

‘Tá muid cráite ag an scéal’ – Díomá ar ghrúpaí pobail agus cead pleanála diúltaithe do Pháirc na Mara

Deir urlabhraí ón bhrúghrúpa ‘Jabanna do Cheantar Iorras Aithneach’ go seasfaidh siad in aghaidh “buille marfach” lucht pleanála na Comhairle Contae a chinn inné gan cead a thabhairt d’fhorbairt Pháirc na Mara.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, chinn rannóg pleanála na Comhairle Contae nach gceadóidís Páirc na Mara in Iorras Aithneach, ceann de na tionscadail is mó riamh ag Údarás na Gaeltachta.

Tá 200 post agus na scórtha milliún d’infheistíocht luaite leis an fhorbairt i gCill Chiaráin, mar a raibh súil go rachadh an togra seo i ngleic leis an ghéarchéim dífhostaíochta i gceantar iarthuaisceart Chonamara.

Tá míniú iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Chomhairle faoin chinneadh ach tuigtear go raibh cúrsaí caomhnaithe – Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta go háirithe – agus cúrsaí soláthair uisce, i measc na n-ábhar a bhí ag déanamh imní do phleanálaithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Ba é tráthnóna inné an sprioc a bhí leagtha síos le haghaidh cinneadh na Comhairle Contae a fhógairt agus bhí sé ina ardtráthnóna sular fógraíodh an toradh.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Michael Dunworth, urlabhraí don ghrúpa ‘Jabanna do Cheantar Iorras Aithneach’ gur “buille marfach” don cheantar a bheadh ann mura leanfaí ar aghaidh leis an tionscadal seo.

“Tá géarghá le fostaíocht agus bhí muid ag brath ar Pháirc na Mara le teaghlaigh a mhealladh isteach sa gceantar agus nuair atá sin casta síos, is tromchúiseach an scéal é,” a dúirt Dunworth.

Dúirt sé gur tháinig cinneadh na Comhairle Contae “aniar aduaidh” ar bhaill an choiste mar go raibh “dóchas” ann go gceadófaí an t-iarratas.

“Bhí muintir an cheantair ag tacú go mór leis an iarratas agus níl muid ag dul ag seasamh siar. Déanfar cinneadh go luath faoin treo a bheas muid ag dul ach faoi láthair, tá an chaint ar fad dírithe ar an chinneadh a throid, agus achomharc a dhéanamh.

“Ní bradáin amháin a bhí le tabhairt isteach ar an suíomh. Bhí comhlachtaí le haghaidh saortha báid is cur caoi ar bháid; bhí réimse comhlachtaí mara a léirigh spéis sa togra. Seo an chéad pháirc mara sa tír,” a dúirt urlabhraí Jabanna do Cheantar Iorras Aithneach.

I ráiteas a chuir Údarás na Gaeltachta ar fáil do Tuairisc.ie inniu, dúradh nach raibh aon eolas faighte acusan mar gheall ar chinneadh na Comhairle Contae go fóill.

“Níl aon chomhfhreagras faighte ag Údarás na Gaeltachta ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe maidir le cinneadh i leith an iarratas pleanála atá déanta ar thogra Pháirc na Mara i gCill Chiaráin. Táthar ag súil le comhfhreagras oifigiúil ag dearbhú cibé cinneadh atá déanta ar an iarratas roimh dheireadh na seachtaine,” a dúradh.

Beidh cruinniú éigeandála á reáchtáil anocht ag coiste ‘Jabanna do Cheantar Iorras Aithneach’ agus coistí eile atá ar son na forbartha de bharr cinneadh na comhairle contae.

Dúirt Mánus Ó Conaire, urlabhraí ón cheantar, go bhfuil an pobal “cráite” ag an scéal.

“Is uafásach an cinneadh é. Bhí muid ag brath go mór ar Pháirc na Mara le haghaidh na fostaíochta agus le daoine a thabhairt isteach sa gceantar agus le borradh a thabhairt do na scoileanna,” a dúirt sé.

Bhí Páirc na Mara ar an bpríomhchloch ar phaidrín Údarás na Gaeltachta sa bPlean Gnímh cúig bliana a fógraíodh arú anuraidh d’Iorras Aithneach – Carna agus Cill Chiaráin – agus do Ros Muc.

Rinneadh ullmhúchán ar an iarratas pleanála sa tréimhse sin agus cuireadh an t-iarratas ar an bhforbairt faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe os cionn bliana ó shin.

In 2018, d’éiligh an brúghrúpa ‘Jabanna Iorras Aithneach’ go gcuirfí tascfhórsa ar bun chun plean fostaíochta a chruthú d’iarthuaisceart Ghaeltacht Chonamara de bharr na héiginnteachta a bhain le Páirc na Mara.

Níos mó