Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
imni-mhor-ar-ray-mac-manais-agus-a-bhean-jenny-faoin-n-inion-aoife-ata-sainnithe-in-aerfort-kabul-na-hafganastaine

Imní mhór ar Ray Mac Mánais agus a bhean Jenny faoin n-iníon Aoife atá sáinnithe in aerfort Kabul na hAfganastáine

Deir tuismitheoirí Aoife McManus go bhfuil “imní mhór” orthu faoina n-iníon atá sáinnithe ag aerfort Kabul agus í ag feitheamh ar eitleán le bealach éalaithe a thabhairt di as an Afganastáin.

Dúirt an scríbhneoir aitheanta agus oideachasóir Ray Mac Mánais, iarUachtarán an Oireachtais, le Tuairisc.ie nach mbeidh suaimhneas ar bith aige féin ná a bhean chéile Jenny go dtí go mbeidh Aoife taobh amuigh d’aerspás na hAfganastáine.

Dúirt sé go bhfuil siad i dteagmháil “i rith an ama” le hAoife ar Whatsapp agus ar ghlaonna, agus í ag feitheamh i gcónaí san aerfort ar eitleán ’na bhaile go hÉirinn.

“Bíonn muid i gcomhrá léi trí nó ceithre huaire sa lá agus i dteagmháil léi i rith an ama ar Whatsapp. Tá sí ag feitheamh ar an eitleán le cúpla lá anuas agus ní ann don eitleán go fóill, bhí muid ag caint léi bomaite ó shin,” a dúirt sé.

“Tá Aoife ag rá linn go bhfuil sí in áit atá sábháilte go leor ach níl áit ar bith san Afganastáin sábháilte. Tá a fhios agam nach bhfuil sí ag iarraidh go mbeadh imní orainn ach tá imní orainn agus tá imní ar an teaghlach ar fad agus ar na gaolta agus na cairde ar fad.”

Dúirt máthair Aoife, Jenny, gurb í “an éiginnteacht” a bhaineann le hAoife a thabhairt ’na bhaile is mó atá ag cothú imní dóibh.

“Caitheadh i dtraipisí gach uile phlean a bhí aici ó d’fhág sí an áit a raibh Aoife ag fanacht ann le cúpla bliain. Is í an éiginnteacht an rud is mó atá ag cur isteach orainn. Níl a fhios againn ó uair a chloig amháin go huair a chloig cén áit a mbeidh sí, cén cruth a bheith ar chúrsaí.”

Dúirt Ray Mac Mánais go bhfuil iarracht á déanamh ag Aoife an chuid is measa den scéal a cheilt orthu ionas nach mbíonn imní rómhór orthu.

“Fuair muid amach trí thimpiste faoi eachtra a tharla cúpla lá ó shin. Nuair a bhí muid ag caint le hAoife faoi sin dúirt muid léi cad chuige nár dhúirt tú linn faoin eachtra thar a bheith contúirteach seo agus dúirt sí nach raibh sí ag iarraidh go mbeadh muid imníoch. Cá bhfios cad é atá ag dul ar aghaidh faoi láthair nach bhfuil sí sásta inse dúinn faoi?

“Ní haon iontas ar bith é nach bhfuil mé féin ná Jenny ábalta codladh na hoíche a fháil agus ní bhfaighidh go dtí go mbeidh sí ar ais in Éirinn i ndáiríre.”

Dúirt Ray Mac Mánais gur “tógáil croí ollmhór” atá ann a bheith éisteacht le hAoife ag caint faoina cuid oibre ar na meáin.  Tá agallaimh déanta aicí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar Nuacht TG4 agus ar sheirbhísí eile.

“Cé go bhfuil muid buartha, tá sé galánta a bheith ag éisteacht léi ag caint faoin obair a bhíonn ar siúl aici agus ag caint faoi na rudaí atá ag titim amach. Tá daoine ag fáil tuiscint ar an obair thábhachtach seo atá ar siúl ag Aoife agus go leor Éireannach thar lear.”

Seo an tríú bliain d’Aoife a bheith ag múineadh san Afganastáin. Chaith sí ceithre bliana roimhe sin ag teagasc i Mosaimbíc agus dhá bhliain sa Ghána.

“Chuir sí í féin sa bhearna bhaoil ar son na ndaoine seo. Is iontach an rud é sin ach ní hiontach an rud dúinne é agus is iomaí oíche a chaill muid codladh ach ag an am céanna, is duine thar a bheith dílis agus cróga í. Tá sí tiomanta do dhaoine atá ar an imeall agus do dhaoine nach bhfuil fáil acu ar oideachas,” a dúirt a hathair.

Tá tús curtha in athuair le heitiltí míleata as aerfort Kabul, príomhchathair na hAfganastáine, áit ar bhailigh na sluaite inné agus iad ag iarraidh éalú ón tír ó fuair an Taliban smacht arís ansin tar éis na cogaíochta a mhair scór bliain. Cuireadh na heitiltí ar fionraí inné nuair a maraíodh ar a laghad cúigear de na sluaite a rinne iarracht bealach éalaithe a aimsiú agus de bharr an oiread sin daoine a bheith cruinnithe ar na rúidbhealaí.

Tá dóchas ann go n-éireoidh leis na Meiriceánaigh agus a gcomhghuaillithe an smacht atá acu ar an aerfort a choinneáil lena chinntiú go mbeidh deis éalaithe ag oiread agus is féidir den phobal idirnáisiúnta ar mian leo an tír a fhágáil. Tá Aoife McManus, ar dhuine den 15 saoránach Éireannach a bhí ag obair le grúpaí carthanachta agus fóirithinte, orthu siúd atá ag fanacht le himeacht as an tír.  Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le fios inné go raibh iarrachtaí ar bun ag a Roinn socruithe a dhéanamh le tíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le haslonnú na nÉireannach atá ansin.

Beidh an tAire Coveney páirteach i gcruinniú lena chomhghleacaithe Eorpacha níos deireanaí inniu le cás na hAfganastáine a phlé.

Níos mó