Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
la-i-gcorca-dhuibhne-–-treoir-don-turasoir

Lá i gCorca Dhuibhne – treoir don turasóir

| Slaine Ni Chathallain | ,

An fiú an t-alt seo a scríobh in aon chor? Nach bhfuil turas ar Chorca Dhuibhne déanta ag an uile dhuine in Éirinn faoin dtráth seo? Dealraíonn sé go bhfuil, toisc an tranglam tráchta agus an síorshruth daoine atá ag triail ar an áit, ach an bhfeadaraís, má tá am ag duine de mhuintir na háite suí síos lasmuigh in áit éigin sa Daingean, seachas a bheith ag déanamh déircí do dhaoine eile nó i mbun a gcuid cúraimí lae, tá taitneamh le baint as, agus ana-atmaisféar timpeall. Caithfidh go bhfuil a leithéid céanna amhlaidh, mar sin, don gcuairteoir. 

Bíonn duine éigin i gcónaí ag seinmt ceoil. Bíonn fear an asail ar an marina agus é ag píobaireacht leis ar an bhfeadóg stáin agus bunóicíní á gcur ar dhrom an asail chun pictiúir a thógaint. Bíonn leanaí ag siúl timpeall agus a bpus lán d’uachtar reoite gorm ó Kool Scoops agus é ag dul dóibh greim a choimeád ar an uachtar a bhíonn ag sileadh. 

Bíonn tapas á dtabhairt leo ag buíonta ban ó Solas agus iad á n-alpadh ar na binsí suite agus ite ar Shráid na Trá. Bíonn scuaine mór ag feitheamh le hiasc agus sceallóga ó The Fish Box agus boladh aoibhinn na bpiardóga ag siosmairt as an áit. 

Trasna an bhóthair, coirm an Déardaoin le clos ó Gháirdíní an Dísirt. Síos an bóthar, na hurdy gurdys sa tsiúl agus béiríní á mbuachtaint agus candyfloss á ithe! Ah, An Daingean, in airde fholláin, gan cháim. 

Tair-se ar cuairt chugainn agus is mar seo a d’fhéadfá do lá a chaitheamh! Dúisigh ar maidin moch, agus téir ag snámh ar Thráigh Bhinn Báin, lastoir don nDaingean díreach. Bhítí ábalta radharc a fhail ar Fungie go minic ón dtráigh bheag seo, ach mo léir, is dóichí go bhfuil sé ar an saol eile anois. 

Is féidir leat dul ón dtráigh, suas ar an bhfaill agus siúl chomh fada le Tig Solais an Daingin. Tá radharc aoibhinn ar an gcuan ón áit seo. Sin é do dhóthain siúil anois, mar caithfidh tú dul ag rothaíocht! Is féidir le Cathal Ó Fiannachta, ar leis Rothair Leictreacha an Daingin, na rothair a thabhairt chugat pé áit atá tú, agus as san, dein mórchuaird Chinn Sléibhe ar do shuaimhneas. 

Cúpla míle ón Daingean, tá Siopa agus Tábhairne Pháidí Uí Shé, agus is ann is féidir leat An Bosca Lóin a cheannach. Bosca nua é seo, atá ar an bhfód do dhaoine ar mian leo picnic a bheith acu agus an bia ar fad ann as an áit. Tá ceapaire ann le harán ó Bácús, liathróidín próitéine, torthaí agus criospaí. Is féidir leat é seo a ithe ar do shuaimhneas le hais dealbh Pháidí, beannacht Dé leis.

Lean ort siar ansan, agus buailfidh tú leis an bhfarraige ar thaobh do láimhe clé tar éis Cill Mhic an Domhnaigh. Cífidh tú na Blascaodaí ar d’aghaidh amach agus iad ag glioscarnach le teas na gréine agus trasna an bhá, Dairbhre agus na Scealga. 

D’fhéadfá cupa caifé a bheith agat faoin dtráth seo i gCaifé na Trá, áit a ndeineann Niamh Feirtéar milseoga áille a bhfuil blas an bhaile orthu.

D’fhéadfá tamall a thabhairt ar an dtráigh i gCom Dhíneol, in aice Chaifé na Trá ina dhiaidh sin, ach seachain agus ná téir ag snámh ann. Lean ort ar d’aistear, agus tiocfaidh tú go hIonad an Bhlascaoid. Is fiú go mór páirceáil anseo agus siúl chomh fada leis an ardán féachana chun lán na súl a bhaint as na Blascaodaí. Cífidh tú an Tráigh Bhán istigh ar an oileán agus báid isteach is amach le cuairteoirí. N’fheadar an bhfuil radharc níos deise ar domhan?

Tig Áine ar an nGráig a bhuailfidh leat ina dhiaidh san, agus is féidir leat uachtar reoite a fháil anseo agus suí amuigh ag féachaint síos ar Thráigh Chlothair agus Pluais Phiarais. Fáilte níos fearr ní chuirfear romhat ar an leithinis, ná an fháilte a chuirfidh Áine agus Sorcha romhat. 

Baile an Fheirtéaraigh a bhuailfidh leat ina dhiaidh sin. Fágfaimid é sin go fóill, mar seans go rachaidh tú ann anocht ag ithe! Lean ort ar d’aistear ansan, agus tú ag fágaint an fharraige i do dhiaidh nach mór. Beidh tú cois Chnoc Bréanainn ar an dtaobh ó thuaidh don leithinis ar an tslí ar ais chuig an Daingean. 

Dála an scéil, ní gá duit an tslí ar fad a rothaíocht. Is féidir le Cathal an rothar a bhailiú uait má thagann leisce ort, nó má bheartaíonn tú piúnt a bheith agat i dTig TP i mBaile na nGall. Tá sé mealltach tarraingteach mar áit agus dhá thráigh ann ina bhféadfaidh tú tú féin a thumadh sa tsáile, nó léimt den gcé i measc na leanaí agus bús acu!

An oíche sin, ná téir tharais Tig Uí Mhurchú ar an mBuailtín – togha an bhídh! Is é Mark Ó Ceallacháin ón gCoimín cócaire na bialainne agus tá burgair, iasc, sicín, béilte don bhfeoilséantóir agus ualach eile ar an mbiachlár. Tá spás breá amuigh laistiar agus tarrac ar spáis istigh leis agus beidh fáilte mhór ag Nóra romhat! Mamaí ceart, a thabharfaidh aire na huibhe duit. 

Cuir clabhsúr le do lá le radharc ar dhul faoi na gréine ó chúl Thábhairne Mhuintir Chatháin ar an mBuailtín agus buidéal de bheoir Chorca Dhuibhne i do ghlaic, deoch a dheintear i dtábhairne Bhruic ar an Riasc. 

Má thagann tú arís, bí siúráilte oíche a chaitheamh ar an mBlascaod Mór. Níl a sárú ann, dar liom féin. Níl aon chomparáid idir an Ghréig, Santorini ná fiú na hOileáin Mhaildíve.

Nílim tar éis aon trácht a dhéanamh ar mhórán nithe eile, nó áiteanna le n-ithe, nó le fanacht, go deimhin, ach tá fuílleach acu ann agus ní bheir ceal rogha, pé scéal é.

“Sí tír mo rúin í, tá dlúth le m’chroí-se”

Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do thuras!

Níos mó