Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ta-gneithe-d’arainn-ina-n-eiseamlair-don-turasoireacht-ghlas’

‘Tá gnéithe d’Árainn ina n-eiseamláir don turasóireacht ghlas’

| Maitiu O Coimin | ,

Agus srian curtha ar an taisteal idirnáisiúnta le bliain go leith tá i bhfad Éireann níos mó daoine ag triall ar áiteacha áille in Éirinn. Is maith an rud go bhfuil spéis á cur ag muintir na hÉireann ina dtír féin agus ag tacú le hearnáil na turasóireachta anseo, ach tá fadhbanna go leor cruthaithe ag an líon ard daoine atá ag teacht go háiteacha iargúlta.

Tuairiscíodh go forleathan an drochbhail a fágadh ar láithreacha campála an samhradh seo agus an samhradh seo caite, idir láithreacha oifigiúla agus neamhoifigiúla. Ba cheart aird a tharraingt air sin, agus na campálaithe a d’fhág málaí bruscair, pubaill agus carnáin chaca ina ndiaidh a cháineadh go láidir. Ach ní fhaca mé mórán cainte ar an dochar mór a rinne carranna sna ceantair sin. 

Bhí mé i bPáirc Náisiúnta na Boirne an mhí seo caite agus chonaic mé an damáiste seo le mo dhá shúil cinn. Níl mórán áiseanna páirceála sa bPáirc Náisiúnta (agus níl mé ag éileamh go gcuirfí a leithéid ar fáil) ach fágann sé go mbítear ag páirceáil ar bhóithríní caola, i ndíoga, ar an gcriathrach (dá laghad é i dtuaisceart an Chláir) agus áiteacha eile nár cheart carr a chur. 

Ní hamháin go mblocáiltear bóithríní beaga agus geataí – rud a chuireann isteach ar mhuintir na háite agus na seirbhísí éigeandála – ach déantar puiteach de na díoga, milltear bláthanna agus sceacha, líontar claiseanna uisce le láib agus salachar eile, agus ar an lá is measa de leagtar claíocha agus ballaí eile. 

Tá an fhadhb chéanna ann ar fud na tíre: an bóthar go Gleann Dá Loch ó bhaile beag an Láithrigh i gCill Mhantáin; an ceantar timpeall an ‘Staighre go Neamh’ (Cuilceach) i bhFear Manach; an bóithrín go Rinn Mhuintir Bháire; agus na céadta tránna geala ar gach cósta.

Níl an fhadhb seo ann ag Dún Aonghusa, ná ag Poll na bPéist, trá Chill Mhuirbhigh, Dún Eochla ná na háiteacha eile in Árainn a mbíonn tóir ag turasóirí orthu.

Tuige? Ní féidir carr a thabhairt isteach go hÁrainn go héasca.

Árainn

Fágann roinnt turasóirí a gcarr sa gcarrchlós i Ros an Mhíl, ar an gCaisleán in Indreabhán, nó ag an gcéibh i nDúlainn an Chláir agus isteach leo go hÁrainn ina rogha árthaigh – bád nó eitleán. Tá daoine eile fós ann a fhágann an carr i gcathair na Gaillimhe, nó nach dtugann carr ar bith leo, agus a fhaigheann an bus beag siar go Ros an Mhíl nó an tseirbhís nua ó dhuga na Gaillimhe go Cill Rónáin. 

Agus iad istigh in Árainn, céard a bhíonn rompu ach na rothair, na busanna beaga, agus na cairteacha capall. Tá Árainn 14km ar fhad agus tuairim is 4km ar leithead (31 km2 nó mar sin) – chomh mór céanna le háit ar bith eile a gcaithfeadh turasóir lá nó leathlá ann. Is minic a chaitear oíche nó cúpla oíche san oileán agus gan carr príobháideach ar bith ag teastáil ó thurasóir ar bith le taitneamh a bhaint as an áit. 

Samhlaigh ar feadh nóiméid cén chuma a bheadh ar chúrsaí dá bhféadfaí tollán nó droichead a thógáil go hÁrainn a scaoilfeadh isteach na carranna ina mílte i gcaitheamh an tsamhraidh. Ní hamháin go mbeadh na bóithríní beaga plódaithe ach bheadh caighdeán an aeir agus an truailliú fuaime uafásach freisin ann. Samhlaigh anois na háiteacha eile a luaigh mé thuas – an Bhoirinn, Gleann Dá Loch, Rinn Mhuintir Bháire agus áit ar bith eile ar an míntír – agus gan na carranna ann. 

Is gá dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a ndéileáiltear leis an gcóras iompair sna háiteacha is mó a mbíonn tóir ag turasóirí orthu, agus d’fhéadfadh gnéithe d’Árainn a bheith ina n-eiseamláir dó sin. Dá mbreathnófaí ar chuid de na háiteacha seo mar ‘oileáin’, d’fhéadfaí rudaí a fheabhsú do mhuintir na háite agus do na turasóirí araon. 

Ionad na Boirne i gCill Fhionnúrach

Abraimis Páirc Náisiúnta na Boirne, mar a raibh mé an mhí seo caite. Déanaimis ‘oileán’ de, agus ‘calafoirt’ in Inis agus Gort, agus ‘céibheacha’ i gCora Finne agus Cill Fhionnúrach. Turas bus thart ar fhiche nóiméad a bheadh i gceist ó cheachtar den dá ‘chalafort’ (tá Gort beagáinín níos faide uaidh) go Cora Finne. Sna ‘bailte poirt’ bheadh rothair ar cíos ar fáil, busanna beaga a thabharfadh daoine go háiteacha deasa nó cinn slí, agus fiú cairteacha faoi chapaill mar a bhíonn in Árainn. 

D’fhéadfaí cosc a chur ar charranna sa bpáirc i rith an tsamhraidh (bheadh cead ag muintir na háite a bheith ag tiomáint ann ar ndóigh), cosc a chur ar charranna le linn amanna áirithe den lá, nó córas ceadanna tiomána a thabhairt isteach trína ngearrfaí táille ar thiománaithe atá ag iarraidh tiomáint tríd an bpáirc. 

Bóithre Chill Mhantáin timpeall ar Ghleann Dá Loch plódaithe le cairr

Ní gá go mbeadh costas mór, ná costas ar bith, leis na moltaí seo don turasóir ach an oiread. D’fhéadfadh an stát busanna beaga saor in aisce a chur ar fáil sa bpáirc, nó cabhair airgid a thabhairt don tseirbhís ar a laghad ar bith. D’fhéadfaí a rud céanna a dhéanamh le rothair ar cíos (an locht is mó atá agam ar mhuintir Árann ná an mhonaplacht atá acu ar rothair – is féidir rothar a thabhairt isteach go hInis Meáin ón míntír ar na báid ach ar chúis mhistéireach éigin ní féidir ceann a thabhairt go na hoileáin eile a bhfuil gnólachtaí rothar iontu…). 

Theastódh an bonneagar ceart le córas éifeachtach a chur i bhfeidhm – bóithre agus cosáin shábháilte do choisithe agus rothaithe, caithfear seirbhísí nua bus a chur ar fáil, agus caithfear a chinntiú go mbeadh rochtain ag muintir na háite ar a n-áit féin. Ach is féidir na rudaí sin agus tuilleadh a dhéanamh.

D’fhéadfaí an múnla a chur i bhfeidhm áit ar bith sa tír – ‘calafort’ a dhéanamh d’Inis Ceithleann, baile Chill Mhantáin, nó Beanntraí. Tá rud mar é i bhfeidhm ag Brú na Bóinne i gcontae na Mí cheana féin – an cuimhin leat nuair ab fhéidir tiomáint díreach in aice leis an mBrú Sí agus na carranna uilig a bhíodh ar thaobh an bhóithrín sin? Tá ionad breá turasóireachta acu anois agus bus beag a thugann na turasóirí as sin go dtí an láthair stairiúil. 

Fiú nuair a bheidh cead bóthair (cead spéire?) againn arís agus na hÉireannaigh ag imeacht ina sluaite thar lear, beidh na fadhbanna seo le réiteach againn sna blianta amach romhainn agus muid ag iarraidh na hastaíochtaí carbóin a laghdú sna háiteacha is áille sa tír. Glacaimis chugainn cur chuige na nÁrannach. 

Níos mó