Tá 1,392 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
288 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 290 inné, agus bhí 73 acusan in aonad dianchúraim, laghdú ón 67 a bhí i gceist inné.
1,239 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh deichniúr eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,493 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.
419 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt, i gcomparáid le 425 inné, agus tá 38 díobhsan in aonad dianchúraim, mar a bhí inné. Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,303,889 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,199,906 duine.