Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘conas-a-dearfainn-‘giving-out’-i-mbealach-a-thuigfeadh-mo-chairde-meiriceanacha?’

‘Conas a déarfainn ‘giving out’ i mbealach a thuigfeadh mo chairde Meiriceánacha?’

| muireann ni chorcrain | ,

Tá Muireann Nic Corcráin, as Loch Garman, ina FLTA le Fulbright in Ollscoil Connecticut, UConn, i mbliana. Beidh sí ag tuairisciú ar an saol i Meiriceá uair sa mhí do NÓS ó thús deireadh a tréimhse sna Stáit Aontaithe.

“Comhghairdeas leat, tá an-áthas orm insint duit go bhfuil scoláireacht Fulbright bainte amach agat!”

Nuair a dúradh liom i Mí Aibreáin go raibh mé th’éis scoláireacht Fulbright a bhaint amach chun dul ag múineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, níor chreid mé gur mise a bhí i gceist. Chun an fhírinne a rá, níor chreid mé é go dtí gur shroich m’eitleán Boston ar an 22 Lúnasa go raibh an t-aistear nua seo tosaithe agam! Bhí an méid sin cloiste agam maidir le Fulbright agus an Scoláireacht FLTA (Foreign Language Teaching Assistant), ach níor chreid mé riamh go mbeadh an t-éacht seo bainte amach agam. 

Ní raibh mé cinnte céard a bheadh ag fanacht orm agus mé ag taisteal ó Loch Garman go Storrs, Connecticut. An mbeadh Éireannaigh ann? An mbeinn ag streachailt le cuntas bainc agus fón nua a shocrú? Oh, agus an bainne, an mbeadh an bainne chomh deas is atá sé sa bhaile, nó an mbeidh orm géilleadh agus ‘oat milk’ a bhlaiseadh den chéad uair? Ní raibh mé iontach buartha maidir leis na ranganna agus cur chun cinn na Gaeilge. Cinnte, bhí mé neirbhíseach sular thosaigh mé ag múineadh, ach ón taithí atá bailithe agam ón gCumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide agus bheith i m’Oifigeach Gaeilge in Aontas na Mac Léinn TCD, thuig mé go dtiocfaidh réiteach timpeall i mbealach amháin nó bealach eile.

Is cinnte go bhfuil léargas ar leith le fáil ó scannáin agus cláracha teilifíse maidir le saol an choláiste thall anseo, ach ní go dtí go bhfuil tú i measc na scoláirí agus ag freastal ar na ranganna a thuigeann tú cé chomh difriúil is atá sé. Is é sonóg UConn ná Jonathan Husky, agus tá madra beo anseo darb ainm Johnathan Husky (uimhir a 13 nó 14 faoin am seo), rud a cheaptar nach dtarlaíonn ach sna scannáin. Phléigh mé é seo le mo scoláirí sa chéad rang, toisc go raibh sé iontach ait domsa fógraí ‘Go Huskies!’ a fheiceáil timpeall na háite. Ach sin cuid lárnach d’fhéiniúlacht an choláiste, agus iad ag tabhairt tacaíocht d’aon fhoireann spóirt a bheadh ag imirt nó ag dul in iomaíocht i gcomórtas éicint. Tá sé cinéal cosúil leis an gcaoi a seasann gach duine taobh thiar den fhoireann CLG áitiúil, ach tá go leor bróid bainteach le bheith i do Husky. Cabhraíonn sé leis an ‘merch’ uilig a dhíol freisin, mar sin baineann chuile dhuine tairbhe as i mbealach amháin nó bealach eile!

An rud a sheasann amach dom ná go bhfuil chuile dhuine iontach sásta cúnamh a thabhairt duit má tá ceist ar bith ar bharr do theanga. Tá grúpa álainn cúntóirí teagaisc i Scoil na dTeangacha anseo, agus cuireann sé faoiseamh orm go mbeinn in ann ceist randamach a sheoladh ar WhatsApp ag fiosrú céard go díreach atá i gceist le checking accountsa bhanc, nó conas a déarfá ‘giving out’ i mbealach a thuigfeadh mo chairde Meiriceánacha? Tá an phobal idirnáisiúnta iontach láidir sa scoil, agus muid uilig ag roinnt oifige le chéile freisin, mar sin bímid in ann tacaíocht agus cúnamh a thabhairt dá chéile agus muid ag pleanáil ranga nó ag iarraidh tasc ranga a oibriú amach le chéile. Chabhraigh sé sin go mór liom agus mé ag tosú amach ar m’aistear múinteoireachta.

Nílim ach ag tús an aistir seo, agus tá go leor ama fós agam taiscéalaíocht a dhéanamh leis na FLTA’s eile timpeall na tíre. Tosóidh mé ag traenáil leis an gclub CLG in Hartford an tseachtain seo chugainn, beimid ag cur tús le himeachtaí le haghaidh an Chumainn Ghaelaigh, agus dar ndóigh beidh orm scrúduithe agus ranganna a eagrú do mhic léinn UConn. Ach, mar a deirtear, tús maith leath na hoibre, agus cinnte tá tús maith bainte amach agam anseo in Storrs.

Níos mó