Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
1,578-cas-nua-fogartha,-73-othar-buailte-ag-an-vireas-in-aonad-dianchuraim

1,578 cás nua fógartha, 73 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

| Tuairisc.ie | , ,

Tá 1,578 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

484 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, 25 níos mó ná inné, agus bhí 73 acusan in aonad dianchúraim, duine níos lú ná inné.

1,091 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,621 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

347 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, duine níos lú ná Dé hAoine, agus tá 34 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos lú ná Dé hAoine.

Tá cruinniú tráthnóna ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) chun plé a dhéanamh faoin gcomhairle a chuirfidh siad ar an Rialtas faoin maolú atá beartaithe ar na srianta deireanacha Covid-19 Dé hAoine.

Meastar go molfaidh NPHET go leanfaí le húsáid na dteastas Covid agus é ina imní faoin ardú ar líon na gcásanna den ghalar atá á ndeimhniú le tamall.

Tá imní ann go háirithe faoi líon na n-othar Covid-19 atá á gcur san ospidéal agus déanfar cinneadh ag cruinniú rialtais amárach faoi scaoileadh na srianta.

Meastar go mbeidh teastas Covid-19 fós riachtanach i mbialanna agus tithe tábhairne ar feadh an gheimhridh. Beidh gá le masc a chaitheamh chomh maith in go leor áiteanna.

Déanfar cinneadh amárach freisin faoi líon níos mó daoine a cheadú ag ócáidí taobh istigh agus taobh amuigh agus faoi chead a thabhairt do thithe tábhairne agus bialanna fanacht oscailte níos déanaí.

Pléifear chomh maith ceist na gclubanna oíche agus faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh cead oscailte acu do dhaoine a bhfuil teastas Covid acu.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Paul Reid, inniu gur anois “an t-am chun an cnaipe a bhrú agus tosú arís”.

Bhí daoine nach raibh an phrioc faighte acu “i gcontúirt níos mó” a dúirt sé agus d’achainigh sé orthu “an rud ceart a dhéanamh”. Maidir “leis an gcuid eile againn” bhí sé in am againn “na rudaí bunúsacha a dhéanamh arís agus iad a dhéanamh go maith”.

Dúirt príomhchomhairleoir eolaíochta an Rialtais an tOllamh Mark Ferguson go gcaithfeadh daoine a bheadh ag freastal ar chlub oíche an vacsaín a bheith faighte acu “chun iad féin a chosaint”.

Mhol an tOllamh Ferguson chomh maith go mbainfí leas níos mó as tástálacha antaigine san iarracht an galar a choimeád faoi chois. Bhí na tástálacha sin “an-úsáideach” mar “uirlis chosanta eile” cé nach leigheas ar chúrsaí a bhí iontu.

Deir an Taoiseach Micheál Martin nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas srianta a thabhairt isteach arís chun srian a chur ar líon na gcásanna Covid-19.

“Níl fonn orainn dul siar agus nílimid ag smaoineamh ar dhul siar. An t-aon rud atá romhainn ná a bheith ag bogadh ar aghaidh,” arsa an Taoiseach.

Níos mó