Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
22-moladh-faoi-chas-na-gcolaisti-samhraidh-gaeltachta-i-dtuarascail-nua

22 moladh faoi chás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta i dtuarascáil nua

| Tuairisc.ie | , ,

Tá 22 moladh faoi chás na gcoláistí samhraidh Gaeltachta i dtuarascáil atá atá curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Moltar sa tuarascáil ó Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta gur cheart airgead breise a chur ar fáil d’earnáil na gcoláistí samhraidh agus ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm thart ar dheich mbliana ó shin a chur ar ceal.

Moltar chomh maith go n-íocfaí an cúiteamh paindéime céanna leis na coláistí féin is a íocadh leo an samhradh seo caite.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil an baol ann nach n-osclóidh coláistí samhraidh an bhliain seo chugainn mura bhfaigheann siad cúiteamh.

Cé gur fógraíodh cúiteamh cheana do mhná tí na gcoláistí, táthar fós ag fanacht ar scéala faoi cén cúiteamh a bheidh ar fáil do na coláistí samhraidh féin mar gheall ar na cúrsaí samhraidh a bheith curtha ar ceal don dara bliain as a chéile.

I measc na moltaí eile sa tuarascáil, moltar go dtabharfaí ar ais an deontas caipitíochta a thugadh an Roinn Oideachais do na coláistí samhraidh. Deontas €52 in aghaidh an scoláire a bhí i gceist sular cuireadh deireadh leis in 2008. Measadh ag an am gur cailliúint €1.25 milliún a bhí ann do na coláistí samhraidh.

Agus iad ag éileamh go dtabharfaí ar ais an deontas, dúirt CONCOS, grúpa ionadaíochta na gcoláistí samhraidh, go dtabharfadh an deontas ról lárnach don Roinn Oideachais in imeachtaí na gcoláistí arís, ról nach ann dó i gceart anois, dar leo.

Moltar sa tuarascáil freisin gur cheart ardú a dhéanamh ar an airgead a chuirtear ar fáil do na mná tí, deontas laethúil na dTeaghlach Gaeltachta. €10 san oíche in aghaidh an scoláire a fhaigheann na mná tí ach tuigtear go bhfuil sé i gceist ag an gcoiste ráta €10.50 a mholadh, an ráta a bhí ann sula ndearnadh ciorrú air le linn an chúlaithe eacnamaíochta. Moltar go soláthrófaí sna coláistí samhraidh gearrchúrsaí trí lá do dhaltaí i rith na scoilbhliana.

Molann an Comhchoiste go gcuirfí leis an gciste ‘Erasmus Gaeltachta’ ionas go bhféadfadh 200 mac léinn leas a bhaint as gach bliain.

Moltar freisin go dtabharfaí ar ais an Scéim um Chúrsaí agus Scoláireachtaí Gaeltachta d’fhostaithe na seirbhíse poiblí.

Tá moladh sa tuarascáil freisin go mbunófaí Coiste Stiúrtha Náisiúnta, le hionadaithe ó Chomhairle Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, ó eagraíochtaí oideachais, ó Roinn na Gaeltachta agus ón Roinn Oideachais. Dhéanfadh an coiste monatóireacht ar chaighdeán na gcúrsaí a chuireann na coláistí ar fáil ó thaobh an oideachais de.

D’fhéadfadh sé a bheith mar sprioc ag an gcoiste seo gearrchúrsaí oiliúna a chur ar fáil d’oibrithe na gcoláistí, amhail múinteoirí agus cinnirí.

Tá tuarascáil nua an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge bunaithe ar chruinniú a bhí ag baill an choiste le dreamanna éagsúla atá ag plé le hearnáil na gcoláistí samhraidh Gaeltachta.

Agus iad os comhair an choiste níos luaithe i mbliana, rinne CONCOS agus Gael Linn cáineadh ar na ciorruithe a chuir an Rialtas i bhfeidhm san earnáil le linn an chúlaithe eacnamaíochta.

Tá roinnt moltaí sa tuarascáil dírithe ar níos mó scoláirí a mhealladh i dtreo na gcoláistí samhraidh trí fheachtas fógraíochta a chur ar bun agus níos mó scoláireachtaí a chur ar fáil.

22 moladh ar fad atá sa tuarascáil. Agus an tuarascáil curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais déanfar í a phlé sa Dáil amach anseo.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh go raibh na coláistí samhraidh “thar a bheith tábhachtach” do gheilleagar na Gaeltachta is do cur chun cinn na Gaeilge.

Dúirt sé chomh maith go raibh pobal na Gaeilge ar fud na hÉireann “ag brath ar na Coláistí Samhraidh Gaeilge mar thobar na Gaeilge agus mar áis d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge”.

“Ach tá na Coláistí Samhraidh Gaeilge ag feidhmiú le dhá bhliain anuas gan aon teacht isteach airgid acu ó dhaltaí, agus ní féidir leo leanúint ar aghaidh mar sin, ná fanacht ar oscailt go dtí 2022, mura gcuirfidh an Rialtas Ciste Cobhsaíochta ar fáil dóibh láithreach in 2021, chun tacú lena gcobhsaíocht le linn phaindéim an Choróinvíris, díreach mar an gcéanna leis an gCiste Cobhsaíochta a chuir an tAire ar fáil i gcomhair na bliana 2020.

“Iarraim anois ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán amhlaidh a dhéanamh láithreach.”

Níos mó