Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Learn Irish: 18-22 year olds
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
10 Reasons to Register to our Business Directory
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Surnames
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
2,399-cas-nua-fogartha,-an-lion-is-mo-in-aon-la-amhain-o-mhi-eanair

2,399 cás nua fógartha, an líon is mó in aon lá amháin ó mhí Eanáir

Tuairisc
| Tuairisc.ie | , ,

Tá 2,399 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Sin an líon is mó cásanna a fógraíodh in aon lá amháin ó mhí Eanáir.

473 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, aon duine dhéag níos lú ná inné, agus bhí 74 acusan in aonad dianchúraim, duine níos mó ná inné.

1,367 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh ochtar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,629 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

366 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, naoi nduine dhéag níos mó ná inné, agus tá 31 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos lú ná inné.

Níos túisce inniu d’fhógair an Rialtas plean leasaithe d’athoscailt an stáit ón Aoine seo agus tithe tábhairne agus bialanna le filleadh ar a ngnáthuaireanta oscailte.

Beidh tástálacha antaigine agus teanndáileoga vacsaíne ina gcuid den phlean nua agus beidh na srianta deireanacha sláinte poiblí i bhfeidhm go dtí mí Feabhra ar a laghad.

Ón Aoine, an té atá lánvacsaínithe ach a shíltear a bheith ina ghartheagmhálaí cuirfear mearthástáil antaigine chuige sa phost.

Ní bheidh ar an duine sin fanacht glan ar dhaoine eile. Má bhíonn toradh dearfach ar an tástáil antaigine, a thógann 10 nóiméad í a chur i gcrích, déanfar an toradh sin a dheimhniú le tástáil PCR.

Déanfar teanndáileog vacsaíne, an tríú snáthaid nó an dara ceann ag brath ar an vacsaín, a thairiscint do dhaoine atá os cionn 60.

Ní bheidh aon srian feasta ar líon na ndaoine a bheidh ceadaithe ag seirbhísí reiligiúnacha nó póstaí agus beidh cead oscailte chomh maith faoin bplean nua ag clubanna oíche.

Ar na srianta a bheidh i bhfeidhm go dtí mí Feabhra ar a laghad, tá an scaradh sóisialta, caitheamh mascanna agus an riachtanas teastas Covid-19 a bheith agat le dul isteach i mbialanna, tithe tábhairne agus áiteanna eile taobh istigh.

Seirbhís ag an mbord amháin a bheidh ar fáil sna tithe tábhairne agus bialanna go dtí earrach na bliana seo chugainn agus deichniúr a bheidh ceadaithe ag bord.

Ní bheidh gá le teastas Covid d’ócáidí taobh amuigh ná ní chuirfear srian ar líon na ndaoine a cheadaítear ag ócáidí taobh amuigh.

Cuirfear rialacha nua i bhfeidhm d’athoscailt na gclubanna oíche agus beidh ort teastas Covid a bheidh agat le freastal ar cheann acu. Beidh gá le masc a chaitheamh ach amháin nuair atá tú ag ól nó ag damhsa.

Leanfaidh daoine atá ag obair ón mbaile ag filleadh ar an ionad obair ach déanfar sin ar bhonn “céimiúil”.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcaithfí “an fíor-dhul chun cinn” a bhí déanta le bliain anuas “a chosaint”.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar nach raibh an tír “san áit a dteastódh í a bheith” ó thaobh líon na gcásanna den víreas.

“Níl an phaindéim thart fós. Beidh orainn geimhreadh amháin eile a chaitheamh sula mbeimid in ann a rá go bhfuil sí curtha dínn againn,” arsa an Tánaiste.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge