Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
maire-ni-fhinneadha-tuairisc.ie-i-measc-bhuaiteoiri-ghradaim-chumarsaide-an-oireachtais

Máire Ní Fhinneadha Tuairisc.ie i measc bhuaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

Bhí Tuairisc.ie i measc na mbuaiteoirí anocht ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais.

Bhuaigh Máire Ní Fhinneadha, colúnaí le Tuairisc.ie agus fo-eagarthóir na seirbhíse nuachta ar líne, an duais ‘Colúnaí na Bliana’ ag ócáid bhronnta gradam a reáchtáladh i dTeach Farmleigh i mBaile Átha Cliath anocht.

As an gCloich Mhóir i nGaeltacht Chonamara do Mháire Ní Fhinneadha agus d’oibrigh sí chomh maith mar fho-eagarthóir leis an nuachtán Foinse nó gur dúnadh é in 2009.

Thréaslaigh Seán Tadhg Ó Gairbhí, Eagarthóir Tuairisc.ie, a gradam le Máire Ní Fhinneadha.

Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers le Gearóid Denvir, Uachtarán an Oireachtais, a ghlac leis an nGradam ‘Colúnaí na Bliana’ thar cheann  Mháire Ní Fhinneadha

“Ní fhéadfainn cuimhneamh ar aon duine is lú a shantódh gradam mar seo ná aon duine is mó a mbeadh sé tuillte aici. Is í Máire Ní Fhinneadha réalta eolais agus coinsias Tuairisc.ie.

“Mar cholúnaí bíonn macallaí a muintire agus an dúchais i ngach a scríobhann sí ach sí an ionramháil a dhéanann sí ar an dúchas sin chun rud éigin fiúntach a rá a dhealaíonn glan amach í ó aon duine eile againn atá ag saothrú an ghoirt seo. Ba chóir go mbeadh sí mar eiseamláir againn go léir,” a dúirt Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Mar a tuairiscíodh cheana, an t-iriseoir agus craoltóir aitheanta, Póilín Ní Chiaráin, colúnaí eile le Tuairisc.ie, a bhuaigh Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana.

14 duais a bronnadh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana.

Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, agus Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4

Cuireadh tús leis an oíche nuair a bhronn Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta, gradam speisialta ar Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, as saothar an stáisiúin a bheidh ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód Oíche Shamhna.

Bhí RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 go mór sa treis ag gradaim na bliana seo agus d’éirigh le craoltóirí de chuid an BBC na gradaim ‘Pearsa Raidió na Bliana’ agus ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’ a bhuachan.

Donncha Ó Murchú, TG4

Thug Daithí Ó Muirí, a chuireann an clár Blas i láthair ar BBC Uladh, leis an duais do ‘Phearsa Raidió na Bliana’ agus Máire Bhreathnach, láithreoir ar na cláir theilifíse An Focal Scoir agus I lár an Aonaigh (BBC 2) a thug an lá léi i rannóg na gcraoltóirí teilifíse.

Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers agus Peadar Mac Gaoithín, iriseoir le Nuacht RTE/TG4

Is é Peadar Mac Gaoithín, iriseoir le Nuacht RTE/TG4, a thug leis an duais ‘Iriseoir na bliana’ agus an craoltóir aitheanta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gormfhlaith Ní Thuairisg, a bhuaigh an gradam do ‘Chraoltóir Solabhartha na bliana’.

Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers le Darach Ó Tuairisg, Meangadh Fíbín

Ba ar an chlár ealaíne Samhlú, a léirigh Meangadh Fíbín, a bronnadh an gradam do chlár teilifíse na bliana.

Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, agus Niamh Ní Bhaoill, Bailte, Aniar TV

Sraith a léirigh Aniar TV do TG4 Bailte a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Teilifíse na Bliana’.

An clár irise Barrscéalta, atá á chur i láthair ag Michelle Nic Ghrianna, a tháinig sa chéad áit sa rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’.

Bhuaigh clár cainte Gaeilge a chraoltar ar Newstalk, Splanc, a bhíonn á chur i láthair ag Cuán Ó Flatharta, an duais sa rannóg Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála.

Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bhí an bua ag Ó Chonamara go Crimea, a craoladh ar Raidió Pobail Chonamara, sa rannóg ‘Clár Gaeilge na bliana ar Raidió Tráchtála’.

Ba ar Dhonncha Ó Murchú, láithreoir le TG4, a bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana, gradam ar vótáil an pobal dó.

Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021.

Máirín Ní Choisdealbha Seoige, #ConamaraLáir

Ar lucht pleanála teanga Chonamara Láir a bronnadh an gradam don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta dá bhfeachtas  #ConamaraLáir, a cuireadh ar bun chun daoine a mhealladh le cur fúthu sa cheantar Gaeltachta.

Colúnaí Na Bliana

Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie

Pearsa Raidió Na Bliana

Dáithí Ó Muirí, BBC Uladh

Pearsa Teilifíse Na Bliana

Máire Bhreathnach, An Focal Scoir agus I Lár An Aonaigh

Sraith Raidió Na Bliana

Barrscéalta, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Iriseoir Na Bliana

Peadar Mac Gaoithín, Nuacht RTÉ/TG4

Craoltóir Solabhartha Na Bliana

Gormfhlaith Ní Thuairisg, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Clár Teilifíse Na Bliana

Samhlú, Meangadh Fíbín

Sraith Teilifíse Na Bliana

Bailte, Aniar TV

Réalta Óg Na Bliana

Donncha Ó Murchú, TG4

Feachtas Meán Sóisialta Na Bliana

#ConamaraLáir, Pleanáil Teanga Chonamara Láir

Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Pobail

Ó Chonamara go Crimea, Raidió Pobail Chonamara

Clár Gaeilge Na Bliana Ar Raidió Tráchtála

Splanc, le Cuán Ó Flatharta, Newstalk

Buaic-ghradam Cumarsáide an Oireachtais

Póilín Ní Chiaráin

Níos mó