Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ni-easpa-struchtuir-na-airgid-ata-ag-cur-as-do-clg-ach-easpa-spraoi

Ní easpa struchtúir ná airgid atá ag cur as do CLG ach easpa spraoi

| Maire Treasa Ni Cheallaigh | ,

Faoin am a bheidh tú á léamh seo beidh cúpla alt léite agat cheana féin, agus neart comhráití cloiste agat faoin bplean a bhí ag Cumann Lúthchleas Gael athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcraobhchomórtas. Chlis ar an rún mar ní raibh dóthain tacaíochta acu, ar chúis amháin nó ar chúis eile. Táthar ann a bheidh den tuairim go bhfuil rudaí fágtha ina steig meig ach i ndáiríre, ní raibh an t-athstruchtúrú seo le mórán feabhais a chur ar shaol an imreora. 

Bhí sé níos fearr ná mar atá rudaí faoi láthair, ach ní mórán de dhuais é sin ach oiread. Aontaíonn chuile dhuine go dteastaíonn athrú, ach feictear dom féin nach bhfuil muid ag breathnú ar an rud ceart. Bíonn daoine ag sárú cén fáth nach féidir lucht na hiomána a leanúint, ach tá siadsan breá sásta sraitheanna a imirt do choirn éagsúla, ach tá na foirne peile ar fad ag iarraidh an deis chun imirt do Chorn Sam Mhig Uidhir, cé nach bhfuil seans na grást ag an gcuid is mó acu.

Idir an dá linn, tá imreoirí ag tréigeadh CLG. Ag dul go dtí spóirt eile. Áit ina mbeidh cluichí acu. Píosa craic. Seachas traenáil, traenáil, traenáil agus íde béil. Tá cultúr sa CLG atá bunaithe ar an bhfulaingt. Mura bhfuil fir óga ag fulaingt nó ag seachaint na craice, níl siad á dhéanamh i gceart. Ordaítear gan aon deoir a ól ar feadh cúpla mí, agus ansin bíonn iontas ar dhaoine nuair nach bhfuil aon chaidreamh aibí ag go leor leis an alcól. Seo club agus contae. 

Chuile bhliain caitheann imreoirí in aer an pheil agus níl aon duine ag ceistiú cén fáth, go dtí go roghnaíonn fear mar Jack McCaffrey a dhéanamh agus bíonn iontas orainn cén fáth a mbeadh duine mar é ag éirí as? Agus deis aige cúpla bonn eile a thabhairt leis? Dúirt sé amach go lom é. Ní raibh aon spraoi ann. Cé go raibh sé ar an bhfoireann ab fhearr agus rathúla sa tír. Níor úirt aon duine gur léiriú é seo ar an gcultúr, níl aon imní mhór ann, is cosúil, ar na toscairí ar fad faoi cén fáth a mbeadh fear óg mar é, agus fir óga eile nach bhfuil chomh cáiliúil céanna leis á chaitheamh in aer. 

Le blianta beaga tá agallaimh déanta ag dóthain imreoirí agus iar-imreoirí ag cur síos ar an obair a bhí orthu a dhéanamh, an bhail a d’fhág sé ar a gcorp agus ar a meabhairshláinte. Níl tada ag athrú. Coinnigh ag obair iad go dtí go gcliseann siad, agus ansin faigh grúpa nua. 

Seo an fhadb atá ag an CLG. Ní struchtúir agus airgead. Easpa spraoi. Bhí uair ann a bhí fir óga sásta cur suas leis. Níl imreoirí óga na linne seo chomh héasca céanna ag bainisteoirí. Tá oideachas orthu. Tá fios acu nach bhfuil san óige ach seal. Cheana féin, tá sé ráite ag bainisteoirí ar fud na tíre go bhfuil na himreoirí is fearr sa gcontae ag fanacht amach uathu. Ní leigheasfaidh aon struchtúr nua é sin, mura bhfuil sé i gceist acu eispéireas na n-imreoirí a fheabhsú chomh maith. Agus níl tada na ngrást á rá faoi sin. 

Níos mó