Tá tús le cur le haifreann i nGaeilge arís i séipéal i mBaile Átha Cliath agus réiteach faighte ar aighneas a mhair breis agus ceithre bliana.
Bhíodh aifreann Gaeilge ar siúl i Séipéal Naomh Micheál i nDún Laoghaire le 50 bliain nó gur cuireadh deireadh tobann leis in 2017. Tá grúpa daoine ón bparóiste ag éileamh ó shin go dtabharfaí ar ais an t-aifreann Gaeilge tá siad sásta go bhfuil réiteach faighte ar an scéal faoi dheireadh.
An sagart paróiste a bhí ansin ag an am a chinn deireadh a chur leis an aifreann Gaeilge ceithre bliana ó shin ach tá socrú déanta leis an sagart paróiste a ceapadh ina áit agus beidh aifreann Gaeilge agus an cór ar ais chuile Dhomhnach i Séipéal Naomh Micheál ón Domhnach beag seo, an 28 Samhain 2021.
Dúirt Pauline Uí Argáin, stiúrthóir Chór Phobal Aifrinn Dhún Laoghaire, go raibh an-áthas orthu go bhfuil an t-aifreann Gaeilge le filleadh agus go raibh obair ar bun chun an cór a réiteach.
“Táimid ríméadach agus táim cinnte go mbeidh sé dúshlánach mar tar éis ceithre bliana beidh cór nua á bhunú againn i ndáiríre mar go mbíonn daoine ag bogadh agus ag teacht agus ag imeacht. Táimid ag dul ó scoil go scoil ag lorg daoine gur suim leo an Ghaeilge ach ní ‘Gaeilgeoirí’ amháin! Cloisfear an Ghaeilge arís sa chomhluadar agus táimid an-sásta faoi sin.
“Bhíomar ag fanacht ar an lá seo le tamall fada ach bhíomar dóchasach an t-am ar fad.”
Is i samhradh 2017 a chinn an sagart paróiste, an tAthair Paul Kenny, deireadh a chur leis an aifreann Gaeilge. Le tacaíocht Chonradh na Gaeilge, chuaigh daoine i mbun feachtais don aifreann Gaeilge ach dúradh nár thug an sagart ná Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, an Dr Diarmuid Martin, aird ar bith ar na litreacha agus na hachainíocha go léir a seoladh acu chucu.
Ceapadh sagart paróiste nua, an tAthair Paul Tyrell, in 2019 agus cuireadh tús le plé maidir leis an aifreann Gaeilge a chur ar bun arís. Chuir an phaindéim Covid-19 moill ar chúrsaí ach tá aontaithe anois go gcuirfear tú le haifreann Gaeilge go seachtainiúil.