Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ceann-de-na-ratai-scaipthe-viris-is-isle-sa-tir-i-gcorca-dhuibhne-agus-laghdu-ar-fud-ghaeltacht-dhun-na-ngall

Ceann de na rátaí scaipthe víris is ísle sa tír i gCorca Dhuibhne agus laghdú ar fud Ghaeltacht Dhún na nGall

Tá ráta scaipthe an Covid-19 i gCorca Dhuibhne anois ar cheann de na rátaí is ísle sa tír agus titim shuntasach ar líon na gcásanna sa cheantar le seachtain anuas.

De réir na staitisticí is deireanaí, ráta 649 atá i dtoghcheantar Chorca Dhuibhne faoi láthair, beagán beag faoi leath an mheánráta náisiúnta – 1,317.

Thit líon na gcásanna sa cheantar 25% le seachtain anuas. 649 cás a deimhníodh i gCorca Dhuibhne idir an 16-29 Samhain, titim ón 867 cás a cláraíodh i dtréimhse 14 lá i lár na míosa seo caite.

Fágann na figiúirí is deireanaí nach bhfuil ach dhá thoghcheantar eile sa tír ina bhfuil ráta níos ísle ná Corca Dhuibhne – Cluainín i gcontae Liatroma (573) agus Ráth Caola i Luimneach (646). Níl ach cúpla seachtain ann ó bhí Cluainín ar cheann de na toghcheantair ba mheasa a bhí buailte ag an Covid-19.

Tá ceann de na rátaí is ísle sa tír i mBéal an Mhuirthead go fóill – 722 – ach tháinig ardú breis is 50% ar líon na gcásanna sa cheantar le seachtain anuas. 91 cás a deimhníodh ansin le coicís anuas, ardú ó 59 an tseachtain seo caite. Tháinig ardú beagnach a ceithre oiread ar an ráta scaipthe i mBéal an Mhuirthead le linn mhí na Samhna.

Thit an ráta i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. Ráta 1,230 atá i gceist ansin anois, anuas ó 1,534, agus 226 cás Covid-19 cláraithe ann idir an 16-29 Samhain.

Tháinig laghdú ar an ráta agus ar líon na gcásanna sna trí thoghcheantar Gaeltachta i dTír Chonaill. Laghdú os cionn 10% a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall, áit a bhfuil ráta 925 luaite léi agus 245 cás a deimhníodh ann le coicís.

I dtoghcheantar na nGleanntach, thit an ráta beagáinín ó 1,041 go dtí 1,024 agus 245 cás den víreas ar fad cláraithe ansin idir 16-29 Samhain. Laghdú beagnach 40% a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach. Thit an ráta ó 1,423 go dtí 879 agus 121 cás deimhnithe ann le coicís anuas.

I nGaillimh, ardú thart ar 20% a bhí i gceist ar an ráta agus líon na gcásanna sa dá thoghcheantar i gConamara. I gConamara Theas, ráta 787 atá anois ann, suas ó 670, agus 168 cás deimhnithe ann le coicís anuas. 167 cás a cláraíodh i gConamara Thuaidh le linn na tréimhse chéanna agus ráta 971 anois sa cheantar sin.

I dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, d’ardaigh an ráta ó 1,276 go dtí 1,373 tar éis do 506 cás a bheidh deimhnithe sa cheantar le coicís.

Thit an ráta i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, ó 1,566 go dtí 1,337 le seachtain anuas. 274 cás den Covid-19 a deimhníodh ann le cúpla seachtain.

I gcontae na Mí, i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ardú a tháinig ar líon na gcásanna, ó 411 go dtí 467, agus ráta 1,497 sa cheantar.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib, thit an ráta ó 1,550 go 1,195 agus cláraíodh 387 cás nua ansin.

Níos mó