Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
misneach-agus-duchas-ar-fail-in-iris-bhliantuil-iorras-aithneach

Misneach agus dúchas ar fáil in iris bhliantúil Iorras Aithneach

Deis bhreá í an Nollaig lenár n-anáil a tharraingt, scíth a ligean, súil a chaitheamh siar ar an mbliain agus caint is comhrá a dhéanamh lenár muintir.

Aon duine a bhfuil gaol ná dáimh acu le hIorras Aithneach agus a phobal, beidh neart ábhar seanchais aige as Iorras Aithneach 2021, iris bhliantúil Charna/Chill Chiaráin.

Is geall le halmanag nó dialann faoin saol agus faoin bpobal seo is gaire do Mheirceá í an iris seo a dhéanann comóradh is cuimhneamh ar bheo is mharbh. Tá sí ar maos le pictiúir, daoine a d’imigh thar sáile, daoine a d’fhan agus na daoine óga a bhfuil cinniúint an phobail seo ar a gcrann.

Ar an gcéad fhéachaint ar na figiúirí déarfá leat féin gur pobal i mbaol atá anseo – i 1990 nuair a foilsíodh an chéad iris bhí

330 gasúr sna bunscoileanna ach i mbliana níl iontu ach 115 gasúr, tá scoil amháin dúnta ó shin agus ceann eile íseal go maith

Ach rosc catha atá ar leathanach cúil na hirise seo: “Beag beann ar an laghdú daoine óga, beag beann ar an gcaoi a bhfuil an rialtas lárnach agus áitiúil ag caitheamh leis an bpobal, d’éirigh daoine agus d’fhéach siad leis an saol a fheabhsú ar mhórán bealaí.”  Níl deireadh ráite ag an dream treallúsach a d’fhoilsigh an “scáthán seo ar phobal a bhfuil a gcumas léirithe acu ar fud an domhain”.

Gheobhaidh tú éachtaí, ócáidí, pictiúir agus neart fógraí san iris dhaite seo ar €10.

Tá pictiúr anseo de na gasúir a bhí i Scoil Chill Chiaráin i 1932 agus píosaí ó ghasúir an lae inniu faoin obair shlachtmhar a rinneadh ar chlós na scoile agus an trealamh spraoi eile atá uathu fós. Is mór an seans  nach mórán den spraoi a chonaic gasúir 1932 ach neart den mhaide agus den fhuacht agus nach breá an t-athrú é sin fhéin ar shaol na n-óg.

Tá píosaí breátha anseo faoi shaol agus muintir na háite – scéal na ceilpe as leabhar Choilm Uí Ghaora ‘Obair is Luadhainn’, dhá chuntas spéisiúla i mBéarla ó dhá theaghlach a d’aistrigh go dtí an ceantar le gairid agus cuntas agus pictiúir faoin gcéad ghleoiteog mhór, ‘An Róisín Dubh’ le Réamonn Mac Donnchadha, a tógadh ansin le dhá chéad bliain. Deirimse misneach is dúchas leat.

Bhain mé an-sásamh go deo as alt leis an Athair Pádraig Standún atá bailithe ar féarach i gCill Chiaráin agus blianta fada tugtha aige mar shagart sa nGaeltacht. Saonta go leor is cosúil go gceaptaí gur  ‘Dúch agus Deoch’ an dá chathú ba mhó ag sagart agus é ag tabhairt faoin saol sin ach níor bhain ceachtar acu aon tuisle as Pádraig mar tá sé fós ag scríobh agus ag foilsiú.

Is mór atá scríofa faoi Pheter, deartháir an fhile Patrick Kavanagh, ach tugann

an seandálaí Erin Gibbons a ceart féin dá bean ghaoil féin, Ann Keeley Kavanagh, a bhí ina cónaí i Manhattan, iníon le Micheál Ó Caodhla as Leitir Ard, Caiseal. Bhí Ann ina réalta mhór teilifíse is nuachta le NBC TV. Ise a thug deis is airgead dá fear céile Peter le saothar a dhearthár a chosaint agus a chur in iúl don saol mór. Cuireadh luaithreach Ann Ó Caodhla Kavanagh sa reilig cháiliúil siúd in Inis Caoin i gcontae Mhuineacháin le déanaí.

Tá alt breá agus léarscáil ag Colm Ó Neasa faoin taighde a rinne sé ar stair agus logainmneacha Chill Chiaráin – éacht ceannródaíochta agus dea-shampla do chuile phobal.

Faraor ní grian is sonas ar fad a bhíodh sa gceantar aoibhinn seo – bíonn an mí-ádh agus an drochmhianach chuile áit. Scéal truamhéalach anseo as Ros Cíde nuair a bádh athair is mac agus iad ag feistiú na curaí oíche stoirme, Oíche’l Stiofáin thar oícheanta an tsaoil.

Ní hé uafás na stoirme ach uafás an duine is bun le scéal deacrach ó 1890 atá ag Seosamh Ó Cuaig faoi pháistín a bádh i Loch an Charnáin agus an cás cúirte a lean. Is mór atá le léamh as faoin saol sin, gan taise do bhean ná do pháiste.

Ach tá neart eile sa leabhar seo – fosaíocht caorach in Idaho, bean óg a bhailigh beagnach €2000 do charthanacht ar a cuid gruaige, turas a rinne Tommy Cloherty ar oileán tréigthe a dhúchais, an Bior Mór, agus leagan Gaeilge ag an bhfile Paddy Mhéime Ó Súilleabháin ar an amhrán ‘Portaigh Shanaheever’.

Tá oideas i ndeireadh an leabhair le Cáca Croíúil Nollag a dhéanamh ach seachain thú féin air nó is maith tinn a bheas an cloigeann ar maidin!

Is blasta téagartha an lón Nollag atá sa leabhar seo, bíodh tú á léamh sa mbaile nó thar sáile. Tá sí le ceannach i siopaí na háite – ón Tulaigh siar go hIorras Aithneach agus ó thuaidh ar an Teach Dóite.

Níos mó