Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

An Ghaeilge – an eilifint sa seomra ranga i ngach bunscoil in Éirinn

| Lynn | ,

Rinne mé iarracht sa bhliain 2017 chun a mhíniú cad ina thaobh, dar liom, nach raibh ‘gnáthléitheoirí’ ar fáil do ghearrscéalaí mar mé féin. Níor athraigh an scéal puinn idir 2017 agus an lá atá inniu ann.

In aiste atá mar bhrollach le Bhuel, Scéalta Eile!, rinne mé iarracht léargas réadúil a thabhairt ar staid ghinearálta phrós na linne seo i nGaeilge agus spléachadh a thabhairt ar na cúiseanna atá leis an staid sin a bheith amhlaidh.

Déanaim amach, ó 1939 i leith, nuair a baineadh anuas an chéad tranche de threalamh oifigiúil ullmhúcháin Stáit na múinteoirí bunscoile sa Ghaeilge, go bhfuil an phroifisiúntacht á tréigean ag de Valera agus ag páirtí de Valera, mar go raibh Fianna Fáil curtha ar chúrsa tréigin maidir le dáiríreacht i leith athréimniú na teanga, rud a fíoraíodh nuair a chuir Bartley, Hillery agus Lemass deireadh leis an gcuid eile de na coláistí ullmhúchain sin gan díospóireacht Dála sa bhliain 1960. (Féach Risteárd Ó Glaisne, Coláiste Móibhi, Coiscéim, 2001).

Sa bhliain 1946, le linn stailc na múinteoirí bunscoile i mBaile Átha Cliath, dhein de Valera naimhdeas a neadú sna bunmhúinteoirí, a mbeifí ag brath ar a ndea-thoil i leith na Gaeilge, nuair a dhiúltaigh sé, fiú amháin le foréigean na nGardaí i bPáirc an Chrócaigh, a mbochtanas a mhaolú, nuair a thug sé ardú costas beatha suntasach do státseirbhísigh sa bhliain 1944 gan aon ardú ná breis a thabhairt do na bunmhúinteoirí. (Féach Agallamh Áine Ní Chonghaile le Seán Ó Lúing, an Leabharlann Náisiúnta.).

Bhí dí-urramú na Gaeilge laistigh de Fhianna Fáil imithe chomh mór chun cinn go raibh Hillery in ann a tábhacht a shéanadh ina chuid idirbheartaíochta don Chomhphobal Eorpach sa bhliain 1972.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin arís, sa bhliain 1974, tugadh an tréigean céim thubaisteach eile chun cinn nuair a dúnadh na Coláistí Oiliúna do mhúinteoirí bunscoile na tíre agus nuair nár leagadh síos san idirbheartaíocht Rialtais leis na hOllscoileanna go gcaithfeadh gach ábhar múinteora an Ghaeilge a bheith mar ábhar riachtanach aige/aici sa B.Ed.

Ón mbliain sin, 1974, i leith, tá eilifint sa seomra ranga bunscoile i ngach bunscoil in Éirinn maidir le proifisiúntacht chomh fada agus a bhaineann le múineadh teanga nua-aimseartha na Gaeilge.

Ón mbliain 1974 i leith, roghnaíonn an t-ábhar bunmhúinteora féin na hábhair is rogha leis nó léi féin don bhunchéim atá ar siúl acu—gan barántas ar bith a bheith ann go mbeidh líofacht an mhúinteora chomhaimseartha teanga acu sa teanga a bheidh siad a mhúineadh, is é sin, sa Ghaeilge.

D’aon bhuille amháin d’fhéadfadh aon Rialtas a cheangal ar mhac léinn le haghaidh céim bunmhúinteora an Ghaeilge a roghnú mar chuid den bhunchéim B.Ed. sin. Réiteofaí formhór na faidhbe sa tslí sin. Cén fáth nár dhein aon Rialtas é sin an chéad lá ná ó shin? Is doiligh domsa gan an focal ‘comhcheilg’ a lua! Le fírinne, rogha idir comhcheilg Rialtais agus neamhinniúlacht Rialtais atá ann.

Deirtí linne sna Nótaí d’Oidí (bunscoile) fadó gurbh í an Ghaeilge labhartha a bhíomar ceaptha a mhúineadh sa bhunscoil.

Nemo dat quod non habet.

Liam Prút, Tuairisc.ie