Údar mór ceiliúrtha ar an gCeathrú Rua aréir agus dhá chraobh na hÉireann buaite ag foirne díospóireachta Scoil Chuimsitheach Chiaráin i gComórtas Uí Chadhain Gael Linn.
Tráthnóna aréir in Óstán an Hudson Bay in Áth Luain a reáchtáladh Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.
Ceithre fhoireann a bhí páirteach ag leibhéal na sóisear agus ceithre fhoireann ag leibhéal na sinsear.
Ba iad Coláiste Pobail Ráth Chairn, Coláiste Eoin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua na foirne sóisir a bhí ag plé rún tráthúil na bliana seo – ‘Ba cheart dúinn ár gcuid laethanta saoire a chaitheamh in Éirinn in 2022’.
Dháréag cainteoirí óga cumasacha a chuir a gcuid argóintí meáite inár láthair go cumasach cruinn agus iad faoi chathaoirleacht Emer Ní Chonaola ó TG4, a bhí tráth ina mbróga sa gcomórtas céanna.
Thug an moltóirí ardmholadh do na cainteoirí paiteanta go léir as an “ardú croí” a thug siad dóibh as a líofacht agus a gcumas. Scoil Chuimsitheach Chiaráin a thug leo an chraobh agus iad ag moladh dúinn ár n-aghaidh a thabhairt thar farraige sall tar éis a bheith sáinnithe ar an oileán beag seo le dhá bhliain agus a ndóthain go maith acu den Atlantach Fhiáin.
‘Tá éacht déanta ag Teilifís RTÉ le 60 bliain anuas’ a bhí le plé ag na sinsir agus ceithre fhoireann a thug faoin dúshlán díospóireachta seo – Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil, Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Coláiste Pobail Ráth Chairn.
Comhghairdeas le @ScoilCC_Rua a bhuaigh Craobh na Sóisear anocht. Éacht déanta ag gach cainteoir gan aon dabht! #CraobhUíChadhain #Gaeilge pic.twitter.com/eNITgkGj65
— Gael Linn (@GaelLinn) January 31, 2022
Is léir go bhfuil dháréag Gaeilgeoirí cumasacha lán muiníne againn atá breá ábalta ar an taighde agus toradh an taighde sin a chur in iúl go soiléir don lucht féachana a bhí san halla nó ag breathnú orthu ar YouTube Gael Linn.
Is mairg a déarfadh nach spéis leis an dream óg an teilifís níos mó agus is maith ab fhiú do Dee Forbes, Ardstiúrthóir RTÉ, cluas a thabhairt don dream óg seo.
Seans gur astu seo a thiocfaidh an chéad ghlúin eile abhcóidí, iriseoirí, feachtasóirí agus ceannairí pobail. Ba mhór an chreidiúint dóibh féin agus dá gcuid múinteoirí a bheith i gCraobh Díospóireachta na hÉireann inniu d’ainneoin a chráite agus a shrianta a bhí saol na scoile agus na ndéagóirí ó tháinig an phaindéim ina mbealach.
Chinn na moltóirí gurb iad triúr cainteoirí Scoil Chuimsitheach Chiaráin a thuill Craobh na hÉireann agus thug an scoil léi an dá chorn siar go Conamara.