Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

An bia is fearr agus is aistí sa Fhrainc

| PEIG |

Aoife Ní Chrualaoich

Nuair a smaoinítear ar an Fhrainc agus bia na Fraince cad a shamhlaítear? B’fhéidir go samhlaítear an íomhá steiréitipiciúil den ghnáthdhuine Francach barr stríocach á chaitheamh acu, le ‘baguette’ faoi lámh amháin agus buidéal fíona dearg faoin lámh eile. Dar ndóigh tá clú agus cáil ar ‘croissants’, ‘baguettes’, fíon saor agus cáis mar phríomhbhia na Francaigh.

Ceaptar go forleathan gurb iad na seilidí an bia is coitianta sa Fhrainc ach níl sé sin fíor in aon chor. Cinnte, faightear an bia seo i mbialanna i bPáras ach tá bia éagsúil agus uathúil le fáil i ngach réigiúin sa Fhrainc. 

Áfach, cé go bhfaightear bácuis blasta ag gach coirnéal, tá go leor bia traidisiúnta le blaiseadh chomh maith. Táim lonnaithe i Lille sa Tuaisceart faoi láthair, áit a bhfuil clú agus cáil mar gheall ar an mbeoir láidre (12% an pionta), an fíon, an cáis, na daoine muinteartha agus canúint an tuaiscirt: ‘Cht’i’. 

Ceaptar go forleathan go bhfuil an bia is aistí sa Fhrainc ná seilidí nó cosa froganna áfach tá go leor béilí conspóideacha ag na Francaigh nach bhfuil ró-cháiliúil ar fud an domhain. 

An bia is aistí:

Stéig tartare

Bhí ionadh an domhain orm nuair a chonaic mé stéig tartare den chéad uair. Is breá leis na Francaigh feoil amh. Ach ar an taobh eile, b’fhearr leis an mhórchuid de na hÉireannaigh feoil atá cócareáilte go maith nó beagnach dóite. Ar aon nós, is bia speisialta na háite í stéig tartare. Níl ach mionfheoil le hubh amha, blastán agus oinniún i gceist le stéig tartare. Caithfidh mé a rá nach bhfuil cuma róbhlasta air. 

‘The Welsh’   

Tá an ceann seo an-cháiliúil i dTuaisceart na Fraince, go háirithe i Lille. Faightear bialanna i Lille ina bhfuil cáis mar phríomhábhar de gach béile ar an mbiachlár; clár cáise le fíon, fondú cáise, ‘galettes’, ‘croque monsieurs’. Is béile traidisiúnta é ‘the Welsh’. Is gá duit cáis a bhruith i mbeoir, agus an meascán sin a chur ar phíosa tósta le liamhás. Tá an mhias iomlán bruite ag teocht an-ard. Mar bhreis ar an donas, cuirtear ubh friochta ar bharr. Bhain mé triail as agus i ndáiríre, is trua liom go ndearna mé é. 

Bíonn an tóir ag na Francaigh ar an bhfeoil, feictear ruipleog (bolg na bó) ar na mbiachláir i Normainn, inchinní, agus b’fhéidir an ceann is measa, ‘couilles de mouton’ as fraincise, nó uirí na gcaorach.

Samhlaím go mbeadh sé deacair a bheith ina céiliach, veigeán nó a bheith éadulangach ar lachtós sa Fhrainc toisc go bhfuil feoil, glútan agus déiríocht i bhformhór na béilí acu. 

É sin ráite, den chuid is mó, tá bia na Fraince simplí agus ar ardchaighdeán:

Baguettes

Bia clasaiceach is ea iad na ‘baguettes’ sa Fhrainc. D’fhéadfá a rá gur phríomhbhia é an ‘baguette’. Is fíor é sin. Níl a fhios agam cén fáth ach tá an t- arán níos blasta agus níos úire sa Fhrainc ná in aon tír eile. Caithfidh mé a admháil, ní chuirfidh ‘baguette’ le liamhás, cáis agus beagán ime aon mhairg ort. Is mór againn go léir na rudaí simplí. 

Na cístí agus na croissants

Ní gá a rá go bhfuil cístí riachtanach sa Fhrainc. ‘Pain au chocolats’, ‘macarons’, ‘cannelés’.  Áfach, ní itheann muintir na Fraince mórán ‘croissants’. B’fhéidir go bhféadfá a rá go bhfuil siad dírithe ar an turasóireacht ach ní dhéanfaidh mé gearán faoi. Níl aon rud níos fearr ná ‘croissant’ úr le cupán caife láidir ar maidin. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar na ‘crèpes’ agus na ‘galettes’ ón Bhriotáin. Díreach cosúil leis na bácúis, tá na ‘crèperies’ ar fáil ar gach sráid i mBriotáine agus bíonn gach saghas ‘crèpe’ nó ‘galette’ le feiceáil ann; ó liamhás agus cáis go seacláid agus uachtar.

Sceallóga: Sa Tuaisceart 

Is cinnte go bhfeictear tionchar na Beilge agus na Pléimeannach anseo i dTuaisceart na Fraince. Réigiúin le stair ón Dara Cogadh Domhanda is ea Tuaisceart na Fraince le cultúr saibhir. Creid é nó ná creid, tá clú agus cáil ar Lille maidir leis na sceallóga nó ‘frites’ as Fraincis. Tagann na sceallóga ón mBeilg agus tá Lille an-ghar do theorainn na Beilge. Faightear ‘crèpes’ i ‘crèperies’ ach faightear sceallóga nó ‘frites’ i ‘friteries’ anseo sa Fhrainc!

Is é cheann de na rudaí is iontaí faoin taisteal ná bia difriúil a bhlaiseadh den chead uair. Cé nach bhfuil cuma róbhlasta ar gach béile, blais é! B’fhéidir go mbeadh sé uafásach ach beidh scéal greannmhar agat gan dabht. Ar an iomlán, an ceacht atá le baint as an scéal seo ná, bí cúramach agus tú ag ordú sa Fhraincis!

Léigh tuilleadh ó PEIG.ie anseo