Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘is-trua-nar-thugamar-cluas-eisteachta-do-alexei-navalny-nios-luaithe’

‘Is trua nár thugamar cluas éisteachta do Alexei Navalny níos luaithe’

| Eoin O Croinin | ,

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Putin ag dul ar mire i bhfianaise an ionraidh thubaistigh atá déanta aige ar an Úcráin. 

Dar le tráchtairí agus polaiteoirí áirithe gurb é meath a mheabhairshláinte is cúis lena dhúil chun cogaíochta – dá mbeadh sé ar a chéill, a deir siad, ní dhéanfadh sé ionradh chomh míloighchiúil sin atá ag déanamh an oiread sin dochair dá chlú féin agus do stádas na Rúise.

Ach sílim go léiríonn an dearcadh sin easpa tuisceana ar a fhainicí atá Putin mar náisiúnaí agus ar a thíoránaí atá a réimeas le fada – ní inniu ná inné a thosaigh sé ag gríosú cogaíochta agus ag tromaíocht ar thíortha máguaird.

 Tá meon na cogaíochta agus fonn díoltais i gcoinne “naimhde na Rúise” á gcothú ag Putin i measc a phobail le scór blianta anuas. Is léir óna chuid óráidí agus scríbhinní gur foinse mhór inspioráide dó stair na máthairthíre, idir impireacht na sár agus an ré Sóivéadach.

Shíl na sáir riamh go raibh ceart diaga acu reacht, reiligiún agus réim na Rúise a scaipeadh chomh fada agus ab fhéidir leo. Sa tslí chéanna, ba é aidhm na mBoilséiveach an cumannachas a leathadh, leis an lámh láidir dá mba ghá, beag beann ar mhianta na bpobal a bhí á gcoilíniú acu.

Ó tháinig Putin i réim in 2000, tá sé ar a dhícheall ag iarraidh forlámhas agus flaitheas na Rúise a mhéadú arís. Sular ordaigh sé an t-ionradh is déanaí ar an Úcráin, bhí forghabháil déanta aige ar thíortha agus réigiúin eile máguaird i gcaitheamh na mblianta – an tSeisnia agus codanna den Úcráin agus den tSeoirsia ina measc. 

Tá athmhíleatú déanta ar an tsochaí Rúiseach faoi stiúir Putin. Faoin am seo tá arm ollmhór curtha le chéile aige a bhfuil trealamh sofaisticiúil acu mar aon le taithí chomhraic ó fheachtais mhíleata sna tíortha comharsanachta agus sa tSiria.    

Bíonn mórshiúlóidí míleata mórthaibhseacha ann gach bliain ar fud na Rúise ina gcuirtear an teicneolaíocht chogaidh is déanaí ar taispeáint. Glacann páistí páirt iontu, iad gléasta in éide mhíleata agus ag canadh amhrán agus iomann ina moltar éachtaí cogaíochta na tíre san am atá thart agus béim á cur ar an onóir a bhaineann le troid ar son na máthairthíre, í a chosaint óna naimhde agus bás a fháil ar a son. 

Múintear ábhar dar teideal ‘Ullmhúchán Míleata Bunúsach’ i scoileanna na Rúise agus ligtear do pháistí airm agus trealamh cogaíochta eile a láimhseáil i gclubanna míleata don óige. Is geall le hómós reiligiúnach a thugtar do shaighiúirí Sóivéadacha an Dara Cogadh Domhanda – ‘an Cogadh Mór Tírghrách’ a thugtar air – agus is tabú é do staraithe Stailín a cháineadh in ainneoin na milliún a cuireadh chun báis lena linn. 

Tá na meáin faoi smacht ag Putin agus bíonn bolscaireacht leanúnach á craobhscaoileadh acu i gcoinne tíortha daonlathacha, é á mhaíomh acu gur mian le Meiriceá an bonn a bhaint de thraidisiúin spioradálta, stairiúla agus thírghrácha na Rúise agus í a choinneáil faoi chois trí mheán NATO. 

Tá sé ráite go minic ag Putin nach bhfuil san Úcráin ach náisiún bréagach atá dlite don Rúis. Ach tá méadaithe ar a naimhdeas leis na hÚcránaigh le déanaí toisc go bhfuil siad ag glacadh leis an daonlathas agus le luachanna an Iarthair a fhad agus atá seisean ag cur na rudaí céanna faoi chois sa Rúis. 

Tá dlús curtha aige leis an gcogaíocht mhífhaisnéise i gcoinne na hÚcráine freisin. De réir taighdeoirí a bhíonn ag faire ar na meáin Rúisise, tá os cionn 300 alt bréagach frith-Úcránach foilsithe acu ar líne le sé mhí anuas. Maítear iontu go bhfuil gníomh cogaidh á bheartú ag na Stáit Aontaithe le hairm cheimiceacha san Úcráin, cuir i gcás, agus nach bhfuil fórsaí na Rúise ach ag iarraidh síocháin a chur chun cinn san Úcráin. 

Is baolach an ní é cur i gcoinne Putin go poiblí sa Rúis – seachas Alexei Navalny, duine atá sa phríosún anois, tá cuid mhór de naimhde na Creimile tar éis teitheadh chuig an Eoraip le cúpla bliain anuas. Sin nó dúnmharaíodh iad. 

Is léir go raibh an bealach á réiteach le fada ag Putin d’ionradh den sórt atá á dhéanamh ar an Úcráin, mar sin. Ar chúiseanna éagsúla, dhúnamar ár súile in Iarthar na hEorpa ar an mbaol a bhain leis, faraor, in ainneoin na bhfoláireamh ar fad a thug Navalny agus easaontóirí eile dá leithéid a chuir i gcoinne Putin i gcaitheamh na mblianta. Is léir anois go raibh an ceart acu faoi Putin – is trua é nár thugamar cluas éisteachta dóibh níos luaithe.

Níos mó