Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘leargas-maith-ar-dhuine-a-d’fhag-a-lorg-ar-an-saol’

‘Léargas maith ar dhuine a d’fhág a lorg ar an saol’

| oisin uibh eachach | ,

“You’re probably going to find out about it anyway so here’s a little pre-emptive truth-telling: There’s no happy ending.” Anthony Bourdain

Scannán faisnéise a chuimsíonn léargas an-suimiúil ar shaol agus ar shaothar Anthony Bourdain is ea Roadrunner: A Film About Anthony Bourdain.

Údar, cócaire, agus láithreoir ab ea Anthony Bourdain a bhain cáil mhór amach mar thoradh ar an gcur chuige ar leith a bhí aige, cur chuige a mhúscail dáimh leis i measc lucht féachana na gcláracha teilifíse a bhí aige agus i measc lucht léite a chuid leabhar. 

Bhí de bhua aige a bheith ábalta léargas a bhí éagsúil lena raibh ar fáil go dtí sin a thabhairt ar an mbia, agus is cinnte gur ceannródaí ab ea é ó thaobh an tionchair a d’imir sé ar an tuiscint agus an meas atá againn ar an mbia sa lá atá inniu ann. 

Chuireas féin spéis sa tsraith teilifíse Parts Unknown tamall de bhlianta ó shin agus léigh mé Kitchen Confidential: Adventures in the Culinary Underbelly ina dhiaidh sin. Bhaineas an-taitneamh as an leabhar, go háirithe. Tháinig Bourdain go hÉirinn faoi dhó. Bhí sé in Éirinn mar chuid den chlár No Reservations, agus arís ina dhiaidh sin mar chuid den chlár The Layover. Tharraing sé aird ar chadal Bhaile Átha Cliath, dar ndóigh, agus cuairt aige ar The Gravediggers i mBaile Átha Cliath, áit ar ith sé babhla de. Shínigh sé leabhar na gcuairteoirí in The Gravediggers mar seo a leanas: “Your pig’s feet are sublime, your coddle is amazing! Heaven looks just like this!”

Thaitin Roadrunner liom ar an iomlán toisc, cé nach léargas iomlán ar shaol Bourdain atá ann, go bhfuil léargas ar leith ann ar mhórghnéithe áirithe dá shaol, gnéithe nach raibh go mór i mbéal an phobail go dtí gur craoladh an scannán. 

I measc na ngnéithe sin, tá an saothar Kitchen Confidential a bhain cáil amach dó agus trí bliana agus dhá scór d’aois aige, an obair iomráiteach a dhein sé mar láithreoir le CNN, an andúil a bhí aige go déanach ina shaol i leith jiu jitsu agus an caidreamh a bhí aige le hAsia Argento i dtreo dheireadh a shaoil.

Tá an t-ábhar crua in áiteanna, dar ndóigh. Ba andúileach é Bourdain, agus do chuir sé lámh ina bhás féin i mí an Mheithimh, 2018. Déantar an t-ábhar sin a chíoradh go mion in Roadrunner. Is é an ghné sin den scannán faisnéise seo, bás Bourdain, is mó a fhágfaidh lorg ar an lucht féachana. Tá léargas ar leith ag na daoine a raibh dlúthchaidreamh acu le Bourdain ar an tréimhse sin i dtreo dheireadh a shaoil, agus, toisc gur deineadh na hagallaimh leis na daoine sin go luath i ndiaidh bhás Bourdain, tá íogaire ag baint leis an léargas a thugann siad ar an bhfear.

Rinneadh cáineadh ar an domhainbhrionnú a deineadh ar ghuth Bourdain in áiteanna éagsúla sa scannán, agus is cinnte go raibh fearg ar dhaoine áirithe maidir leis an gcinneadh an modh sin a úsáid agus maidir leis an gcinneadh gan daoine a chur ar an eolas roimh ré maidir leis an úsáid a baineadh as sa scannán.

Tá easnaimh áirithe ar Roadrunner in áiteanna anuas air sin ach, ina ainneoin sin ar fad, d’éirigh le Morgan Neville (stiúrthóir an scannáin) léargas maith a thabhairt ar dhuine a d’fhág a lorg ar an saol agus a bhfuil oidhreacht chruthaitheach fágtha ina dhiaidh aige. Don té a raibh spéis aige in Anthony Bourdain, mar láithreoir, mar phearsa teilifíse, mar scríbhneoir cruthaitheach, agus as an tábhacht a leag sé ar bhéile a chaitheamh i gcuibhreann duine nó daoine, is fiú féachaint ar an scannán spreagúil seo.

Níos mó