Beidh Sinn Féin ar an bpáirtí is mó in Stormont nuair a chríochnófar an comhaireamh i dtoghchán an tionóil agus dul chun cinn stairiúil déanta acu.
Cor cinniúnach é bua Sinn Féin i stair an stáit a bunaíodh chun go mbeadh móramh buan ag aontachtaithe.
Thagair ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, do bhunú Thuaisceart Éireann agus í ag caint faoin scéal gur dócha go mbeidh Michelle O’Neill, ceannaire an pháirtí ó thuaidh, i dteideal na céad-aireachta.
“Bunaíodh an áit seo breis is 100 bliain ó shin ar bhealach a raibh sé d’aidhm aige a chinntiú nach mbeadh leithéid Michelle O’Neill i ról an chéad-aire go deo, agus mar sin is lá iontach don chomhionannas atá ann ,” arsa Mary Lou McDonald.
Buille tromchúiseach don aontachtas a bhí sa toghchán agus bua mór a bhí ann do Shinn Féin agus an náisiúnachas. Más lá dá saol a bhí ann do Shinn Féin, lá maith a bhí ann do pholaitíocht an láir chomh maith agus borradh faoi vóta Pháirtí na Comhghuaillaíochta.
Sinn Féin a fuair an líon is mó vótaí céad rogha agus breis agus ceathrú milliún vóta céad rogha acu, 29% den iomlán.
250,388 vóta céad rogha a bhí ag Sinn Féin agus iad i bhfad chun cinn ar an DUP, a bhí sa dara háit.
184,002 vóta céad rogha a bhí ag an DUP, thart ar 40,000 níos lú ná mar a bhí acu sa toghchán tionóil cúig bliana ó shin. B’ionann sin agus 21.3% de na vótaí céad rogha, rud a chiallaíonn gur chailleadar ceann de gach ceithre vóta a bhí acu.
Tháinig méadú mór ar líon na vótaí céad rogha a fuair Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance) agus 116,681 vóta acu, ardú thart ar 44,000.
13.5% de na vótaí céad rogha a bhí ag Alliance, léiriú ar dhíscaoileadh an tseanreachta faoinar vótáil daoine de réir na scoilte traidisiúnta idir ‘oráiste’ agus ‘glas’.
63.6% de na daoine a bhí ar chlár na vótóirí chaith vóta, mórán mar a chéile leis an toghchán deireanach in 2017.
Bhí sé á thuar aréir go mbeadh 28 den 90 suíochán sa Tionól ag Sinn Féin faoin am go mbeidh an comhaireamh críochnaithe, ceann níos mó ná mar a bhí acu in 2017 nuair a d’éirigh leo 27 suíochán a bhuachan.
Dhealraigh sé go gcaillfeadh an DUP roinnt mhaith den 28 suíochán a ghnóthaigh siad in 2017.
D’fhéadfadh go mbeadh dhá oiread suíocháin ag Páirtí na Comhghuaillíochta is a bhí in 2017, nuair a bhuaigh siad ocht gcinn. Drochlá a bhí ann don UUP, don SDLP agus don Chomhaontas Glas.
Leanfar leis an gcomhaireamh sna trí ionad inniu– ionad an Titanic i mBéal Feirste, Machaire Fíolta i nDoire agus Jordanstown in Aontroim.
Vótaí aistrithe a shocróidh cá rachaidh an cúigiú suíochán in go leor de na 18 toghcheantar.