Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
beal-atha-an-ghaorthaidh-ina-seaimpini-i-gceantar-na-noilean-tar-eis-sardheireadh-seachtaine-peile

Béal Átha an Ghaorthaidh ina seaimpíní i gCeantar na nOileán tar éis sárdheireadh seachtaine peile

Ba mhaith le muintir Bhéal Átha an Ghaorthaidh go mbeadh Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil i Leitir Móir gach bliain. Ní amháin gur bhain muintir Mhúscraí taitneamh as an sár-jab a rinne Naomh Anna ag reáchtáil comórtas na bliana seo ach ní chéad uair d’fhág siad Ceantar na nOileán go buacach.

Scór bliain ó bhuaigh siad an Chraobh Shóisir ar an Máimín, thug Béal Átha an Ghaorthaidh Craobh Shinsir na bhFear leo den chéad uair riamh an deireadh seachtaine seo tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Conaill i gcluiche ceannais an Luain, 2-10 in aghaidh 0-11.

Chun an fhírinne a insint, is beag duine a bhí ag tuar an go mbeadh an toradh seo ar an gcomórtas ag tús an deireadh seachtaine. Measadh cinnte go mbeadh Naomh Conaill san iomaíocht do Chorn an Aire i mbliana agus an comórtas buaite ag na Conallaigh faoi dhó le blianta beaga anuas, ach ní raibh an chinnteacht chéanna ann faoi fhir Chorcaí. Tá siad sa ghrád sinsir sa bhaile cinnte, agus i bpríomhroinn na sraithe freisin, ach ní raibh fiú cluiche ceannais chraobh  na sinsear ag an gComórtas bainte amach acu f roimhe seo. Níl aon amhras ann anois, áfach, ach gurb iad an fhoireann is fearr a bhí i Leitir Móir an deireadh seachtaine seo.

Bhí an bua ar éigean ag Béal Átha thar Bhearna na Gaillimhe le haon phointe amháin sna babhtaí ceathrú ceannais ach bhíodar i mbarr a maitheasa sa chéad bhabhta eile in aghaidh na Gaeltachta agus curaidh 2019 curtha de dhroim sheoil acu Corcaígh, 2-17 in aghaidh 0-11.

Choinnigh siad orthu ar an gcaoi sin sa chluiche ceannais agus bhí an liathróid báite san eangach ag an bhfear mór láir páirce, Conchúr Ó Loingsigh, gan ach trí nóiméad imeartha sa chluiche ceannais.

Ní bhuaitear go héasca ar fhoireann seo Naomh Conaill, áfach, agus níor thóg sé i bhfad orthu teacht isteach sa choimhlint. Tá Odhrán Doherty agus Charles McGuinness ar phainéal sinsir Dhún na nGall i mbliana ach tugadh cead dóibh beirt imirt i gConamara an deireadh seachtaine seo. Bhíodar lárnach sa teacht aniar a rinne Naomh Conaill agus bhí na Conallaigh chun tosaigh, 0-4 in aghhaidh 1-0, faoin deichiú nóiméad.

Bhí sé deacair ag Béal Átha an Ghaorthaidh seilbh na liathróide a fháil le linn na tréimhse sin ach d’fheabhsaigh cúrsaí dóibh idir sin agus leath ama a bhuíochas cuid mhór lena sárthosach, Ben Seartan. Scóráil Béal Átha cúig phointe as a chéile sa 15 nóiméad den chéad leath agus fuair Seartan, a scóráil 1-7 in aghaidh na Gaeltachta an oíche roimhe, a fuair cúig cinn acu.

Imreoirí Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag iarraidh Naomh Conaill a choinneáil amach. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhi Béal Átha 1-7 in aghaidh 0-5 chun cinn ag leath ama agus tugadh tuilleadh muiníne dóibh nuair a cuireadh Brendan McDyer ó Naomh Conaill den pháirc gan ach cúpla nóiméad imeartha sa chéad leath. Mar sin féin, thosaigh Naomh Conaill ag teacht ar ais sa chluiche arís agus ní raibh siad ach pointe chun deiridh leath bealaí tríd an dara leath, a bhuíochas de shárimirt ó Charles McGuinness den chuid is mó.

Shocraigh Béal Átha an Ghaorthaidh síos nuair ba ghá, áfach. Scóráil an t-ionadaí Diarmaid Mac Tomáis agus Conchúr Ó Loingsigh pointí tábhachtacha dóibh agus cé gur tháinig Naomh Conaill ar ais le dhá scór eile, bhí sé ionann is cinnte go mbeadh Corn an Aire ag dul ó dheas nuair a scóráil Ben Seartan an dara chúl sa 53ú nóiméad. A dheartháir, Donagh, a fuair an scór deireanach sa chluiche agus Corcaíoch eile, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Larry McCarthy, a bhronn an corn ar chaptaen Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Cian Ó Duinnín.

Corn an Aire ardaithe ag captaen Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Cian Ó Duinnín. Uachtarán CLG, Larry McCarthy (ar chlé) agus Cathaoirleach Choiste Náisiúnta CPnaG, Seán Ó hEarcáin (ar dheis) atá taobh leis. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

D’fhág bua Bhéal Átha nach ó thuaidh a bheadh na coirn uile a bronnadh Dé Luain ag dul.

I gCraobh Shinsir na mBan, fuair Gleann Fhinne an ceann is fearr ar an bhfoireann baile, Naomh Anna, 0-9 in aghaidh 0-4. Bhí na Conallaigh d’uireasa leithéidí Yvonne Bonner, Karen Guthrie agus Katy Herron – iad gafa le foireann an chontae – ach bhíodar fós róláidir do Naomh Anna.

Beidh díomá ar mhná Chonamara leis an dtaispeántas a thugadar ach caithfear an-mholadh a thabhairt don sárchosaint a bhí ag Gleann Fhinne ar éirigh leo triúr a bhí ar fheabhas do Naomh Anna sna babhtaí leathcheannais, Sarah Ní Loingsigh, Mairéad Ní Loingsigh agus Ríona Ní Fhlatharta, a stopadh arís agus arís eile. Scóráil Danielle McGinley trí phointe den scoth do Ghleann Fhinne agus bhí an dá phointe a fuair Brenda Carr sa dara leath cinniúnach agus chuir siad deireadh le haon seans a bhí ag Naomh Anna.

I gCraobh Shóisir na bhFear, bhuaigh Gaeil Fhanada ar Chill Chomáin ó Mhaigh Eo théis am breise, 2-11 in aghaidh 2-10. Bhí cuma na maitheasa ar Chill Chomáin nuair a scóráil Eoin McGrath cúl dóibh chun iad a chur dhá phointe chun cinn sa 54ú nóiméad ach d’éirigh le Gaeil Fhanada comhscór a fháil le pointí ó Bernard Mac Eiteagáin, a bhí ar fheabhas dóibh, agus Darren Mac Giolla Bháin. Chuir cúl ón ionadaí Séamus Mac Giolla Chearra Gaeil Fhanada ceithre phointe chun cinn luath sa dara leath den am breise agus cé gur laghdaigh Cill Chomáin an bhearna go dtí aon phointe amháin, theip orthu cúilín an chomhscóir a fháil agus bhí Corn Ghael Linn ag dul go Fanad cen chéad uair ó 2013 agus don dara huair riamh.


Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir na bhFear

Béal Átha an Ghaorthaidh (Corcaigh) 2-10 Naomh Conaill (Dún na nGall) 0-11

Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir na mBan

Gleann Fhinne (Dún na nGall) 0-9 Naomh Anna, Leitir Móir (Gaillimh) 0-4

Cluiche Ceannais Chraobh Shóisir na bhFear

Gaeil Fhanada (Dún na nGall) 2-11 Cill Chomáin (Maigh Eo) 2-10

Níos mó