Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
zelensky-ag-suil-go-mbeidh-an-cogadh-criochnaithe-‘sula-mbeidh-se-ina-gheimhreadh’- 

Zelensky ag súil go mbeidh an cogadh críochnaithe ‘sula mbeidh sé ina gheimhreadh’  

| Tuairisc.ie | ,

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, leis na ceannairí G7 atá tagtha le chéile i mBaváir na Gearmáine dá gcruinniú bliantúil gur theastaigh uaidh an cogadh a chríochnú “sula mbeidh sé ina gheimhreadh”.

Rinne an tUachtarán Volodymyr Zelensky glaoch físe ar na ceannairí ag cruinniú mullaigh an G7 agus d’iarr sé tuilleadh arm dá thír.

Ar an gcúnamh a d’iarr Zelensky orthu bhí córais chosanta fhrith-aerárthaí, tuilleadh smachtbhannaí ar an Rúis, barántais slándála agus cúnamh le grán a easpórtáil as an Úcráin agus leis an tír a atógáil.

Tuigtear go bhfuil rún ag an seachtar ceannairí tuilleadh cúnamh míleata a chur ar fáil don Úcráin agus go gcuirfear tuilleadh smachtbhannaí ar an Rúis. Tá sé i gceist ag roinnt tíortha cosc a chur ar iompórtáil ór na Rúise.

“Coinneoidh muid orainn ag cur tacaíocht airgid, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta ar fáil don Úcráin agus seasfaimid léi chomh fada agus is gá sin,” a dúradar ina ráiteas.

Cháin na ceannairí arís an úsáid “gan ghá” a bhí an Rúis a bhaint as an “reitric núicléach” agus dúirt  go gcaithfí ligean don Úcráin a cinneadh féin a dhéanamh faoi cibé socrú síochána a dhéanfaidh sí amach anseo “gan aon bhrú ná tionchar seachtrach”.

Dúirt ceannairí Ghrúpa an tSeachtair leis an Rúis go gcaithfidh sí cead a thabhairt bia a sheoladh amach as an Úcráin gan aon bhac.

D’eisigh na ceannairí comhráiteas lena n-éileamh a dhéanamh: “Iarraimid ar an Rúis ar bhonn práinne, éirí as a cuid ionsaithe ar infreastruchtúr talmhaíochta agus iompair agus longa soláthar talmhaíochta a ligean amach as calafoirt na hÚcráine ar an Muir Dhubh agus sin a dhéanamh gan aon choinníollacha.”

Chuir siad in iúl chomh maith gur “údar mór imní” dóibh na pleananna atá ag an Rúis diúracáin a bhfuil ar a gcumas soic phléascáin núicléacha a iompar a chur ar fáil sa Bhealarúis sna míonna beaga seo.

“Iarraimid ar an Rúis a bheith freagrach agus stuaim a léiriú,” a dúirt siad ina ráiteas.

Tá sé ráite ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu go bhfuil siad ag déanamh a mbealaigh isteach go Lysychansk, an t-aon chathair mhór atá fós faoi cheannas thrúpaí na hÚcráine i gcúige Luhansk.

D’éirigh le trúpaí Mhoscó  Severodonetsk, comhchathair Lysychansk, a chur faoi smacht ar an Satharn. Sprioc a bhí ag Moscó ó thús an dá chúige san oirthear Luhansk agus Donetsk a ghabháil do na scarúnaithe. D’iarr gobharnóir Luhansk, Serhai Haidai, ar shibhialtaigh cathair Lysychansk a fhágáil mar go raibh cúrsaí ansin “an-dian”.

Ag an deireadh seachtaine ghéaraigh an Rúis ar a hionsaithe ar an Úcráin agus rinne ionsaithe ón aer ar áiteanna éagsúla, an phríomhchathair Kyiv san áireamh.

Níos mó