Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, leis na ceannairí G7 atá tagtha le chéile i mBaváir na Gearmáine dá gcruinniú bliantúil gur theastaigh uaidh an cogadh a chríochnú “sula mbeidh sé ina gheimhreadh”.
Rinne an tUachtarán Volodymyr Zelensky glaoch físe ar na ceannairí ag cruinniú mullaigh an G7 agus d’iarr sé tuilleadh arm dá thír.
Ar an gcúnamh a d’iarr Zelensky orthu bhí córais chosanta fhrith-aerárthaí, tuilleadh smachtbhannaí ar an Rúis, barántais slándála agus cúnamh le grán a easpórtáil as an Úcráin agus leis an tír a atógáil.
Tuigtear go bhfuil rún ag an seachtar ceannairí tuilleadh cúnamh míleata a chur ar fáil don Úcráin agus go gcuirfear tuilleadh smachtbhannaí ar an Rúis. Tá sé i gceist ag roinnt tíortha cosc a chur ar iompórtáil ór na Rúise.
“Coinneoidh muid orainn ag cur tacaíocht airgid, dhaonnúil, mhíleata agus taidhleoireachta ar fáil don Úcráin agus seasfaimid léi chomh fada agus is gá sin,” a dúradar ina ráiteas.
Cháin na ceannairí arís an úsáid “gan ghá” a bhí an Rúis a bhaint as an “reitric núicléach” agus dúirt go gcaithfí ligean don Úcráin a cinneadh féin a dhéanamh faoi cibé socrú síochána a dhéanfaidh sí amach anseo “gan aon bhrú ná tionchar seachtrach”.
Dúirt ceannairí Ghrúpa an tSeachtair leis an Rúis go gcaithfidh sí cead a thabhairt bia a sheoladh amach as an Úcráin gan aon bhac.
D’eisigh na ceannairí comhráiteas lena n-éileamh a dhéanamh: “Iarraimid ar an Rúis ar bhonn práinne, éirí as a cuid ionsaithe ar infreastruchtúr talmhaíochta agus iompair agus longa soláthar talmhaíochta a ligean amach as calafoirt na hÚcráine ar an Muir Dhubh agus sin a dhéanamh gan aon choinníollacha.”
Chuir siad in iúl chomh maith gur “údar mór imní” dóibh na pleananna atá ag an Rúis diúracáin a bhfuil ar a gcumas soic phléascáin núicléacha a iompar a chur ar fáil sa Bhealarúis sna míonna beaga seo.
“Iarraimid ar an Rúis a bheith freagrach agus stuaim a léiriú,” a dúirt siad ina ráiteas.
Tá sé ráite ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu go bhfuil siad ag déanamh a mbealaigh isteach go Lysychansk, an t-aon chathair mhór atá fós faoi cheannas thrúpaí na hÚcráine i gcúige Luhansk.
D’éirigh le trúpaí Mhoscó Severodonetsk, comhchathair Lysychansk, a chur faoi smacht ar an Satharn. Sprioc a bhí ag Moscó ó thús an dá chúige san oirthear Luhansk agus Donetsk a ghabháil do na scarúnaithe. D’iarr gobharnóir Luhansk, Serhai Haidai, ar shibhialtaigh cathair Lysychansk a fhágáil mar go raibh cúrsaí ansin “an-dian”.
Ag an deireadh seachtaine ghéaraigh an Rúis ar a hionsaithe ar an Úcráin agus rinne ionsaithe ón aer ar áiteanna éagsúla, an phríomhchathair Kyiv san áireamh.