Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘an-seans-ag-eirinn-eacht-ollmhor-a-bhaint-amach-maidin-amarach’

‘An-seans ag Éirinn éacht ollmhór a bhaint amach maidin amárach’

| jeff neville | ,

Cé gur bhuaigh Éire in aghaidh na Nua-Shéalainne an tseachtain seo caite, ní bheidh imreoir ar bith (nó tacadóir ar bith ar an oileán seo) sásta le bua amháin sa tsraith stairiúil seo. Bhuaigh Éire cluiche den chéad uair riamh ar thalamh na Nua-Shéalainne i gcluiche a chríochnaigh 12-23 do na cuairteoirí ach an rud faoi spórt proifisiúnta ná gurb é an chéad rud eile atá le teacht an rud atá tábhachtach, ní an rud a rinne tú seachtain ó shin.

Gaisce a bhí ann seachtain ó shin, cinnte, ach tá seans ag Éirinn anois sraith a bhuachan sa Nua-Shéalainn, rud nach ndearna siad riamh. Sin an rud faoin stair: nuair a  athscríobhtar í, caithfidh tú scéal éigin nua a chruthú.

Ní raibh ionadh ar bith ar aon duine nuair a ainmníodh an fhoireann maidin inné. Níl ach athrú amháin ann ón bhfoireann a d’imir seachtain ó shin, agus Garry Ringrose fágtha amach (gortaíodh seachtain ó shin é). Líonann Bundee Aki an áit sin, le Keith Earls ar an mbinse. Má léitear roinnt de na barúla uilig ar na meáin shóisialta, cheapfá nach raibh seans ar bith acu éacht stairiúil a bhaint amach, ach tá.

Sa chéad chluiche, ní raibh an réiteoireacht thar mholadh beirte agus bhí an ceart againn a bheith buartha faoi  faoi chaighdeán na réiteoireachta. Níorbh é sin an fáth ar chaill Éire an cluiche sin, ach níor chabhraigh sé. Scóráladh úd nár aithníodh agus tharla go leor rudaí lasmuigh den imirt nach ngearradh aon phionós astu. 

Ach sa dara cluiche, scéal eile a bhí ann. Cinnte, bhí botúin ann. Ba cheart go mbeadh an Nua-Shéalainn ag imirt le 12 in áit 13 ar feadh píosa agus fós ní thuigim conas a cheap an fhoireann réiteoireachta go raibh Jordi Barrett in ann greamú a dhéanamh ar Garry Ringrose, ag diúltú úd d’Éirinn ag an am céanna. Chomh maith leis sin, bhí an t-ádh ar Sam Cane go raibh riail an bhuntáiste ag Éirinn nuair a tháinig sé isteach sa chliseadh ón taobh; is dóigh mura raibh bheadh cárta buí eile bronnta orthu. Ach tugadh cártaí d’imreoirí a bhris na dlíthe, rud nár tharla sa chéad chluiche.

Ní raibh cluiche maith ag líne thosaigh na Nua-Shéalainne ach an oiread. B’fhéidir go raibh sé deacair orthu fáil isteach ar an gcluiche mar thoradh ar na cártaí a bronnadh agus a bheith ag teacht agus imeacht ón bpáirc. Ach chonaiceamar droch-chosaint uatha agus d’aimsigh Éire (Sexton chun an fhírinne a rá) go raibh bearnaí ann eatarthu. 

Ní raibh ionsaí na Nua-Shéalainne iontach ach an oiread. Tá an stíl imeartha céanna acu atá ag Éirinn. Leanann siad orthu ag imirt go dtí go gcruthaíonn siad bearnaí. Bíonn cúlaí ag fanacht taobh thiar de thosaithe ag fanacht ar phas nuair a aimsíonn siad an deis ach, seachtain ó shin, ní raibh na cúlaithe san áit cheart chun an pas sin a thógáil. Thit an t-ionsaí as a chéile arís agus arís eile mar thoradh ar dhrochphas nó duine ina sheasamh san áit mhícheart.

Rud eile a bheidh an Nua-Shéalainn ag iarradh a dheisiú ná an chlibirt. Bhí an lámh in uachtar ag Éirinn sa chlibirt. Sa dara leath, ghéill Nua-Shéalainn trí chic éirice in aghaidh a chéile, ciceanna éirice a d’eascair ón gclibirt. Tar éis an chárta dheirg, níor chuir siad ach seachtar isteach sa chlibirt fiú nach raibh siad in ann smacht a choinneáil ann. Ní tharlóidh sé sin arís.

Beidh Sam Whitelock ar ais dóibh don lá amárach agus bogann Scott Barrett (fear nár cheart a bheith in ann imirt sa chluiche seo ach ní fiú a bheith ag gearrán) ar ais go dtí taobh na clibirte ag uimhir a sé, díreach cosúil leis an gcéad chluiche. Cruthaíonn sé sin go leor cumhachta ar an taobh sin den chlibirt agus beidh Andrew Porter faoi go leor brú. Bhí cluiche iontach aige sa dara cluiche; teastaíonn níos mó uaidh arís amárach.

Tá gaisce bainte amach ag Éirinn ar an turas seo cheana féin. Ach anois tá deis acu rud éigin ollmhór a dhéanamh maidin amárach. Tá an-seans acu é a dhéanamh.

Níos mó