Tá an Bille Adhlacthaí Institiúidí 2022 sínithe ag an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn, bille a ritheadh san Oireachtas an tseachtain seo caite.
Faoin reachtaíocht seo ceadaítear láithreacha adhlactha in ionaid máithreacha agus leanaí amhail an ceann i dTuaim i gContae na Gaillimhe a thochailt, anailís a dhéanamh ar aon taisí a fhaightear ansin agus iad a adhlacadh go cuibhiúil ina dhiaidh sin.
Ceadaíonn an reachtaíocht seo taighde DNA a úsáid le cuidiú le daoine cinniúint a ndaoine muinteartha san áras sin a fháil amach faoi dheireadh.
D’fhéadfaí anailís dá réir a dhéanamh ag ionaid eile ach go ndéanfaí an obair chasta i dTuaim ar dtús.
Mí Eanáir na bliana seo caite a foilsíodh tuarascáil an Choimisiúin Fiosrúcháin faoinar tharla in Árais Máithreacha agus Leanaí sa tír seo idir 1922 agus 1998. Díol uafáis a thug an Taoiseach ag an am ar an 796 páiste a bhásaigh ansin agus ghabh sé leithscéal thar ceann an Stáit sa Dáil.
In earrach na bliana seo a d’fhógair an tAire Roderic O’Gorman go ndéanfaí ‘uaigh’ na leanaí a thochailt chun na páistí atá curtha sa bpoll sin i dTuaim a aithint agus a chur i gcré na cille faoi dhínit. Bhí feachtas naoi mbliana ann á iarraidh sin sular éirigh leo.
Agus an reachtaíocht seo á seoladh aige mí Feabhra, dúirt an tAire O’Gorman go mbeadh an tochailt fhóiréinseach seo ar an gceann is casta a rinneadh in aon áit ar domhan.