Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
fathaigh-luimnigh-ag-ceiliuradh-a-dtriu-craobh-as-a-cheile-agus-na-cait-cloite-acu

Fathaigh Luimnigh ag ceiliúradh a dtríú craobh as a chéile agus na Cait cloíte acu

Luimneach 1-31 Cill Chainnigh 2-26

Cuireadh dianscrúdú orthu ach níl deireadh fós le ré órga Luimnigh agus Craobh Iomána na hÉireann buaite acu don tríú bliain as a chéile.

Thug siad greadadh do Phort Láirge agus do Chorcaigh in 2020 agus 2021, ach ní raibh tada éasca faoin a mbua stairiúil in aghaidh  Chill Chainnigh tráthnóna. Cluiche ceannais den scoth a bhí ann, coimhlint thar a bheith oscailte agus scóráil damanta déanta ag an dá fhoireann.

Rinne na Cait go leor a bhí ceart. Bhí TJ Reid ar fheabhas ar fad. Níor scóráil sé ón imirt ach bhí lámh aige i mbeagnach gach rud maith a rinne Cill Chainnigh. Bhí an-chaint roimh an chluiche chomh maith faoin tionchar a bheadh ag binse Luimnigh ach chuir gach ceann d’ionadaithe na gCat le himirt na foirne agus fuair an cúigear acu cúilín. Níorbh leor é isin go léir in aghaidh shárfhoireann Luimnigh, áfach.

Théis dóibh a bheith ciúin go maith sa chluiche ceannais in aghaidh na Gaillimhe, tháinig líne leatosaithe Luimnigh ar ais go tréan inniu. Scóráil Kyle Hayes agus Tom Morrissey ceithre phointe an duine ach níl aon amhras ach gurb é Gearóid Hegarty laoch na himeartha.

Baineadh an fathach den pháirc in aghaidh na Gaillimhe ach bhí sé soiléir luath san imirt inniu nach mbeadh an chinniúint chéanna i ndán dó inniu. Ní raibh ach trí nóiméad imeartha nuair a fuair Hegarty cúl dochreidte chun tús iontach a thabhairt do Luimneach agus d’fhág sé lorg ar an imirt arís agus arís eile ina dhiaidh sin. Chríochnaigh sé le 1-5 agus é ar an imreoir is fearr ar an bpáirc i gcluiche ceannais na hÉireann den dara huair le trí bliana anuas.

Mikey Carey agus Tom Morrissey. Pictiúr:Seán Ó Mainnín/Tuarisc.ie

Ar cheann de na laethanta is teo den bhliain, ní raibh aon stop leis an imirt i bPáirc an Chrócaigh. Thosaigh Luimneach níos fearr, agus bhí siad 1-2 chun tosaigh sula bhfuair Cill Chainnigh scór ar bith. Ach níor lig na Cait d’fhoireann John Kiely imeacht as radharc ar fad.

Ceithre phointe a bhí idir na foirne ag leath ama agus Luimneach 1-17 in aghaidh 0-16 chun tosaigh. Mhéadaigh siad an bhearna ag tús an dara leath le pointí ó Kyle Hayes agus Aaron Gillane ach réab Cill Chainnigh isteach sa chluiche le cúl. Bhí Walter Walsh tagtha chun páirce ag leath ama agus ghearr an fear mór isteach ón gcliathán leis an sliotar chun cúl a chruthú. Cé nach raibh Martin Keoghan in ann greim a fháil ar phas Walsh trasna an chúil, bhí Billy Ryan san áit cheart agus chuir sé iarracht íseal  go cúl na h-eangaí.

D’fhág an cúl trí phointe idir na foirne agus cé go bhfuair Luimneach cúilín mar fhreagra ar an bpointe boise – cé eile ach Gearóid Hegarty? – bhí gaoth anois i seolta Chill Chainnigh arís Bhí cúl eile acu agus gan ach ceathrú uaire imeartha sa dara leath.

Bhuaigh TJ Reid pas mór fada, thug sé pas trasna do Eoin Cody, a léirigh scil iontach chun an sliotar a chur i dtreo Billy Ryan, a rinne an beart. Scóráil John Donnelly pointe iontach go luath ina dhiaidh sin chun na foirne a fhágáil ar comhscór den chéad uair ó thús na himeartha.

Níor tháinig scaoll ar Luimneach, áfach. Fuair Tom Morrissey, a bhí ciúin sa chéad leath,  dhá phointe agus fuair Diarmuid Brynes ceann eile chun bearna a chur idir na foirne arís. Ach ní raibh deireadh déanta ag na Cait agus tháinig siad ar ais arís le trí phointe as a chéile, an ceann deireanach acu ón seanfhondúir Richie Hogan, cúil a d’fhág go raibh comhscór arís ann théis 62 nóiméad.

Kyle Hayes agus Eoin Murphy. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuarisc.ie

Tháinig tréimhse chinniúnach an chluiche ansin. B’fhéidir gur bhuail tuirse Cill Chainnigh ach bhain Luimneach leibhéal eile amach chun cúig phointe as a chéile a fháil, ceann an duine ó Kyles Hayes, Cathal O’Neill, Conor Boylan, Aaron Gillane agus Gearóid Hegarty. Bhí bearna mhór anois  idir na foirne agus gan aon scór faighte ag Cill Chainnigh ar feadh ocht nóiméad, achar rófhada i gcluiche a bhí chomh oscailte. Cé nár ghéill na Cait, a fuair na trí phointe deireanacha den chluiche, ní bhfuair siad an cúl a bhí ag teastáil.

Tháinig Luimneach slán ó ghéarchoimhlint i gcluiche ceannais na Mumhan agus cluiche leathcheannais na hÉireann agus thug siad na cosa leo i gceann eile sa chluiche ceannais. Mheasadh i mbliana nach raibh siad chomh maith agus a bhí blianta eile, agus b’fhéidir nach raibh, ach tabharfaidh an chraobh seo, inar sháraigh siad Cill Chainnigh i gcluiche ceannais iontach, sásamh ar leith do mhuintir Luimnigh.

Luimneach: N Quaid; S Finn, M Casey, B Nash; D Byrnes (0-5, 0-3 ó phocanna saora, 0-1 ó ‘65), D Hannon (0-1), D Morrissey (0-1); D O’Donovan, W O’Donoghue; G Hegarty (1-5), K Hayes (0-4), T Morrissey (0-4); A Gillane (0-7, 0-4 ó phocanna saora)), S Flanagan (0-2), G Mulcahy. Fir Ionaid: P Casey in áit Mulcahy (48 nóim), D Reidy in áit O’Donovan (51 nóim), C Boylan (0-1) in áit Flanagan (59 nóim), C O’Neill (0-1) in áit T Morrissey (63 nóim).

Cill Chainnigh: E Murphy; M Butler, H Lawlor, T Walsh (0-1); M Carey (0-1), R Reid (0-1), P Deegan (0-1); C Kenny, C Browne; A Mullen (0-3), P Walsh (0-2), E Cody (0-1); TJ Reid (0-8 ó phocanna saora), M Keoghan (1-1), B Ryan (1-0). Fir Ionaid: C Fogarty in áit Browne (16-24 nóim, fuill), W Walsh (0-1) in áit Kenny (leath ama), J Donnelly (0-1) in áit P Walsh (46 nóim), D Blanchfield (0-1) in áit Browne (53 nóim), R Hogan (0-1) in áit Cody (59 nóim), A Murphy (0-1) in áit Deegan (70+1 nóim).

Réiteoir: Colm Lyons.

Níos mó