Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
fuaim:-le-cabhair-na-farraige-a-chuir-pobal-chorca-dhuibhne-agus-muintir-chonamara-aithne-ar-a-cheile…

FUAIM: Le cabhair na farraige a chuir pobal Chorca Dhuibhne agus muintir Chonamara aithne ar a chéile…

Troid na mBó Maol

Tá breis is chúig fichead muirmhíle idir Calafort an Daingin agus Dug na Gaillimhe ach is le cabhair na farraige a chuir pobal Chorca Dhuibhne agus muintir Chonamara aithne mhaith ar a chéile.  

Téann traidisiún na mbád sna dúthaí seo siar na mílte bliain. 

Sheol húicéirí ó ché Chill Rónáin in Árainn go Cuan Ard na Caithne i gCiarraí i mí an Mheithimh 1987.  

Is minic do mhuintir Chualáin ó Inis Mhic Cionnaith nó na Bairéid ó Leitir Mealláin an ceann is fearr a fháil ar lucht rámhaíochta Chorca Dhuibhne ag an regatta.

Bhí dámh riamh idir iascairí Uíbh Ráthaigh, Chorca Dhuibhne, Chonamara agus Árann.  Is mó iascaire as Árainn a d’ól piúint sa Star Inn sa Daingean agus a fuair an fry don tae tráthnóna ó Martina Flannery.  

Bhí aithne mhaith ag leithéidí Brendan Flaherty ó Chúilín sa Daingean ar iascairí na Gaillí, Pat Cheoinín, a rugadh i bhFinis, Carna i 1915 ach a chaith blianta ag iascach as Calafort na Gaillimhe.

Johnny Báille, máistir bád mhóir, as an Doirín Glas ach a chónaigh ní rófhada ón gCladach sa Ghaillimh.  Ba mhinic Brendan Flaherty i tTigh Phaugine sa Daingean ag aithris ainmneacha a gcuid bád: Ros na Rí, Star of Faith, Naomh Cáilín, an Capall.  Bhí cleachtadh ag cleas Ros a’Mhíl agus na Gaillí ar bháid iascaigh an Daingin: Maid of Nazareth, Star Immaculate agus an Roving Swan.

Níos faide ó bhaile d’oibrigh muintir Chiaraí agus na Gaillí i dteannta a chéile ar an Holloway Road agus i gCamberwell i Londain.  D’éirigh cairdeas etarthu san Archway Tavern, sa Swan nó sa Crown i gCricklewood.

Bhíodar siúd ón dá chontae a thug ceol agus amhráin na hÉireann go Meiriceá siar:  Maidhc Dainín Ó Sé, Carrachán, Terry ‘Cuz’ Teahan ó Chordal, in aice le hOileán Ciarraí, Joe Cooley ó Thobar Pheadair na Gaillí, Joe Burke ó Chillín a Díoma, Baile Locha Riach.

Liosta le háireamh an léann, an fhoghlaim agus an seanchas a thug Corca Dhuibhne d’Ollscoil na Gaillimhe: an tOll. Seán Ó Cinnéide, an tOll. Mícheál Ó Cinnéide, an tOll. Pádraig Ó Héalaí. 

Ar eagla an iomad ragairne agus ceiliúrtha ag muintir Chiarraí, cuireadh gardaí ó Chonamara ó dheas:  Seosamh Ó Curraoin, ó Mhaíros, Carna, Albert Mac an Rí a bhí i dTrá Lí, ó Dhumhaigh Ithir in Iorras Aithneach, Seosamh Seoige ó Mhuintir Eoghain, láimh leis an Líonáin atá fós go láidir i nDaingean Uí Chúise!

Chuaigh gardaí ó Chiarraí go Gaillimh chomh maith céanna….chun súil a choimeád ar cheadúnais ghadhar agus nithe neafaiseacha eile, gan dabht, tá fhios ag an saol fodhlach go dtéann muintir Chonamara a chodladh go luath: Mícheál Ó Conchúir na Mine Airde, Pat O’Connor, ó Dhoire Uí Ghormáin, a bhí i stáisiún na nGardaí in Indreabhán, Muiris Ó Súilleabháin ón mBlascaod a báthadh i mBóthar na Trá in 1950.

Beidh laochra na Gaillimhe ag súil leis an 10ú Craobh Uile-Éireann ar an nDomhnach, fearaibh na Ríochta sa tóir ar an 38ú corn!

Pé foireann a bhuafaidh, beidh amhrán tráthnóna ag Róisín Seoighe i Ros a’Mhíl agus Pádraig Jack ‘Ag déanamh Gainní’ in Árainn, beidh véarsa ag Eilís, Pauline agus Muireann i gCorca Dhuibhne, casfar stave sna flaithis: Nell Ní Chatháin, Cloichear, Caitlín Maude, Ros Muc, Joe Éinniú, Seán de hÓra agus Colm Ó Caodháin.

Go raibh an lá ag an bhfoireann is fearr ach is troid na mbó maol a bheidh idir an dá dhream seo agus beidh ceol, craic, cumann, cairdeas agus cuileachtan pé áit go mbuailid le chéile!  

Ciarraí abú!

  • Craoladh an mhír seo ar ‘An Saol Ó Dheas’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo

Níos mó