Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
airithinti-a-nglacadh-do-‘ghaeltacht’-electric-picnic

Áirithintí á nglacadh do ‘Ghaeltacht’ Electric Picnic

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Is féidir áit a chur in áirithe don suíomh campála ‘Gaeltachta’ a bheidh ag an Electric Picnic an deireadh seachtaine seo ag teacht. Cuirfear láthair ar leith ar fáil arís eile i mbliana do chainteoirí Gaeilge ar mian leo campáil i gcomhluadar Gaelach ag an bhféile cheoil is mó in Éirinn.

Tá ‘Gaeltacht’ oifigiúil ag Electric Picnic ó bhí 2018 ann, cé go gcruinníodh na Gaeil sna gnáthláithreacha campála i bhfad roimhe sin le leagan neamhoifigiúil a chruthú. Tá na ticéid uilig do Electric Picnic 2022 díolta cheana féin ach is gá dóibh siúd a bhfuil ticéad acu clárú leis an láthair champála Ghaeltachta ar líne roimh an bhféile lena n-áit ann a chinntiú. Bíonn suas le 200 spás ar fáil sa láthair ‘Ghaeltachta’ a bhíonn lonnaithe sa ngarraí ‘Oscar Wilde’ ar imeall na láithreach campála.

Anuas ar an suíomh campála do chainteoirí Gaeilge beidh dhá ardán Gaeilge ann arís i mbliana – an Puball Gaeilge agus an Chollchoill.

“Táimid ag súil leis an nGaeilge a chur ag croí na féile arís eile. Tugann Conradh na Gaeilge cuireadh do lucht freastal na féile dul ar seachrán go dtí an Chollchoill, áit ina mbeidh cultúr, ceol agus teanga á gceiliúradh ag Croí na Féile le Conradh na Gaeilge. Ó rapálaithe go banríonacha drag, idir ghrúpaí traidisiúnta agus ghrupaí omóis na 80idí, beidh clár na bliana seo ag treorú lucht na féile tríd an gcoill, agus á gcur faoi gheasa le ceol álainn agus bannaí spleodracha – a leithéidí Jiggy, Súil Amháin agus an Shandrum Céilí Band.

“Beidh cóisir cheilte choille go maidin faoi chlúdach na gcrann agus solas na gealaí. Éist leis na scéalaithe agus na hamhránaithe a thiocfaidh le chéile cois tine ar imeall phríomhláthair na féile.  Beidh deis agaibhse bhur scéalta féin a roinnt freisin agus sibh ar bhur sáimhín só i gcúinne Raidió Rí-Rá, a bheidh ag craoladh beo ón láthair. Nó bíodh comhrá agat le lucht an ghníomhachtuithe soghluaiste, a bheidh ag guairdeall thart leis an moladh ‘úsáid do theanga’,” a dúradh i bpreasráiteas a d’eisigh Conradh na Gaeilge faoi imeachtaí an deiridh seachtaine.

Leagfar béim arís i mbliana ar chúrsaí athchúrsála agus aire don timpeallacht sa suíomh campála, agus beidh áiseanna athchúrsála agus eolas maidir leis an láthair – agus an domhan! – a choinneáil glan postáilte timpeall na háite.  Beidh áit chruinnithe i lár an cheantair do na Gaeil a bheidh ag campáil,  ina mbeidh “cannaí agus caint” ar siúl. Is í an Ghaeilge teanga an tsuímh agus iarrtar ar dhaoine a chuirfidh a n-áit in áirithe cloí le riail na Gaeilge agus iad ar an láthair.

“Is bunchloch riachtanach d’fhéilire shóisalta an tsamhraidh iad féiltí ceoil, Picnic Leictreach ach go háirithe. Ceann de na príomhchúiseanna a fhreastlaíonn muid ar fhéiltí ceoil ná deis a bheith againn ár bhféiniulacht a chur in iúl i mbealach a bhfuil saoirse ag baint leis, nach mbíonn againn sa ghnáthsaol – agus cad is teanga ann ach do chuid féiniúlachta. Chonaiceamar an tionchar dearfach a bhí ag láithreacht na teanga agus an chultúir ar lucht freastal na féile i 2018 agus 2019, agus táimid ag súil le fás agus forbairt an ardáin agus an láthair champála i mbliana,” a dúirt Síomha Ní Ruairc, bainisteoir óige na heagraíochta.

Níos mó