Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘an-cailin-ciuin’-le-cur-chun-cinn-chuig-na-hoscars-ag-ifta

‘An Cailín Ciúin’ le cur chun cinn chuig na hOscars ag IFTA

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Ta an scannán An Cailín Ciúin, a bhfuil moladh agus gradam faighte aige i gcóngar is i gcéin ó eisíodh níos luaithe i mbliana é, le cur chun cinn mar iontráil na hÉireann i rannóg na scannán idirnáisiúnta is fearr ag Gradaim an Acadaimh (‘Na hOscars’). Is é seo an tríú bliain as a chéile a bhfuil scannán ón scéim CINE4 roghnaithe ag IFTA le cur chun cinn chuig na gradaim.

Tá An Cailín Ciúin bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Claire Keegan, agus dráma casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig. 

“Is mór an onóir dúinn go bhfuil An Cailín Ciúin roghnaithe d’iontráil na hÉireann don 95ú Gradaim an Acadaimh sa chatagóir Fadscannán Idirnáisiúnta is Fearr. Ár mbuíochas ó chroí le IFTA agus a choiste roghnúcháin. Chreideamar i gcónaí sa smaoineamh go bhféadfadh scannán Gaeilge seasamh gualainn ar ghualainn le scoth na scannánaíochta domhanda agus mothaímid chomh bródúil as a bheith ag déanamh ionadaíochta thar ceann ár dtír agus ár dteanga ar an mbealach seo.

“Ba mhór an phribhléid é Foster le Claire Keegan a chur in oiriúint don scáileán mór agus ní féidir linn fanacht lenár scannán a chur os comhair baill den Acadamh agus An Cailín Ciúin ag leanúint lena leathadh amach ar an ardán idirnáisiúnta. Ní bheadh aon chuid de seo indéanta gan fís TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann a chomh-mhaoinigh an scéim cheannródaíoch Cine4, a bhfuil glúin nua de scannáin Ghaeilge cruthaithe aige atá á aithint ar fud an domhain,” a dúirt Colm Bairéad, stiúrthóir an scannáin.

Is é An Cailín Ciúin an chéad fhadscannán ficsin de chuid Choilm. Bronnadh Gradam an Grand Prix don scannán is fearr air ag féile Berlin. Ba é an chéad scannán a taispeánadh ag Féile Scannán Bhaile Átha Cliath níos luaithe i mbliana agus bronnadh gradam don scannán Éireannach is Fearr agus Duais an Lucht Féachana air.

Thug an scannán Gaeilge an chraobh leis sa gcatagóir ‘An Scannán Is Fearr’ ag na Gradaim IFTA i mí an Mhárta – an chéad uair a bhuaigh scannán Gaeilge an duais mhór i stair na ngradam. Ocht ngradam ar fad a bronnadh ar An Cailín Ciúin ag an ócáid sin: an gradam don Stiúrthóir is Fearr ar Cholm Bairéad; gradam don Aisteoir Mná is Fearr ar Catherine Clinch; an gradam don Chineamatagrafaíocht is Fearr ar Kate McCullough; an gradam don Eagarthóireacht is Fearr ar John Murphy; an gradam don Dearadh Léirithe ar Emma Lowney; an gradam don Cheol is Fearr ar Stephen Rennicks; agus gradam an ‘Rising Star’ ar Cholm Bairéad.

Tá an scannán fós sna pictiúrlanna in Éirinn agus sa Bhreatain, agus caitheadh os cionn €800,000 in oifig na dticéad go dtí seo. Tá sé ar taispeáint freisin sa Nua Shéalainn agus beidh sé á eisiúint i mí Mheán Fómhair san Astráil, chomh maith le bheith ar taispeáint ag féilte scannán idirnáisiúnta eile sa Téaváin, áit ar bronnadh Gradam an Lucht Féachana air ag Féile Scannán Taipei, i Hong Cong agus Féile Scannán Sydney.   

Níos mó