Tá MacDara Ó Conaola as Inis Oírr ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga in Inis i gcontae an Chláir. Tá Inis aitheanta mar Líonra Gaeilge anois agus beidh MacDara Ó Conaola lonnaithe in oifigí An Clár as Gaeilge. An ról atá aige ná an Ghaeilge a chur chun cinn ó lá go lá.
“Tá mé thar a bheith sásta agus ríméadach gur roghnaigh coiste An Clár as Gaeilge mar Oifigeach Pleanála Teanga do Bhaile na hInse mé,” a deir MacDara Ó Conaola agus é ag labhairt le Tuairisc.
“Tá mé ag súil go mór an Plean Teanga a chur i bhfeidhm i réimsí cosúil le deiseanna foghlama taobh amuigh den Chóras Oideachais a fhorbairt agus tuilleadh seirbhísí don Óige agus tacaíocht teaghlaigh a chur ar fáil.”
Ba mhaith le Ó Conaola dul chun cinn a dhéanamh freisin ó thaobh na Gaeilge san earnáil ghnó agus tráchtála agus beidh sé ag obair chomh maith i gcomhar le heagraíochtaí agus grúpaí pobail, leis na hÚdaráis Áitiúla, le lucht seirbhísí poiblí agus pleanála, leis na meáin chumarsáide agus le lucht seirbhísí sóisialta agus caitheamh aimsire.
“Tá sé i gceist agam úsáid na Gaeilge i measc an phobail i gcoitinne a spreagadh,” ar sé. “Agus rud beag Gaeilge Inis Oírr a mhúineadh do mhuintir na hInse, agus an ceangal idir an dá áit a threisiú!”
Deir Ó Conaola go bhfuil ‘an-fháilte go deo’ curtha roimhe an tseachtain seo uilig ó thosaigh sé Dé Máirt seo caite.
“Agus tá an-tsuim ag gnáthmhuintir na hInse sa teanga, rud atá an-tábhachtach le cabhrú linn, lenár bhfís dhearfach a chur i bhfeidhm,” ar sé. “Cabhraíonn sé freisin gurb as Co. an Chláir mo shin-sin-seanmháthair! Ar ais ar mo dhúchas!”
Chuir Cathaoirleach An Clár as Gaeilge, Dónal Ó hAiniféin, fáilte roimh Ó Conaola go hInis freisin agus dúirt go bhfuil an-chuid oibre déanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar le 40 bliain anuas.
“Seo todhchaí fhorbairt na Gaeilge in Inis agus i gContae an Chláir,” ar sé. “Tá dualgas orainn go léir páirt a ghlacadh ar bhealach éigin sa phróiseas pleanála a bheidh á dhéanamh ag MacDara.”