Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
learscail-nua-de-chorca-dhuibhne-a-reiteach-ag-eastwest-mapping

Léarscáil nua de Chorca Dhuibhne á réiteach ag EastWest Mapping

| Maitiu O Coimin | ,

Tá súil ag an léarscálaí aitheanta Barry Dalby, ón gcomhlacht léarscálaíochta EastWest Mapping, go mbeidh an léarscáil nua de Chorca Dhuibhne atá á réiteach aige ar fáil an bhliain seo chugainn. Tá cáil ar EastWest Mapping agus ar Barry féin i measc lucht siúil sléibhte, rianadóirí, agus daoine eile a bhíonn amuigh faoin aer as feabhas a gcuid léarscáileanna.

Tá léarscáiliú déanta aige de 12% den tír agus beidh 15% den tír déanta aige nuair a bheidh an léarscáil nua seo de Ghaeltacht Chiarraí curtha i gcrích aige.

“An plean atá againn ná sonraí léarscáilithe 25 Series a chur le chéile don leithinis ar fad ó na Blascaodaí go Trá Lí. As sin, beifear in ann léarscáil mhionsonraithe 1:20,000 de cheantar Bhréanainn, dhá léarscáil 1:40,000 a mbeidh comhrianta 10 méadar orthu den leithinis ar fad, agus léarscáil iomlán digitithe a chur ar fáil. Beidh cuid den cheantar céanna le feiceáil ar an léarscáil seo is atá le feiceáil ar an léarscáil de na Cruacha Dubha a chur muid amach níos luaithe i mbliana,” a dúirt Barry Dalby.

Seo an tríú ceantar Gaeltachta atá mapáilte ag Barry – foilsíodh léarscáil eile dá chuid d’Acaill i Maigh Eo cúpla bliain ó shin agus foilsíodh léarscáil de shléibhte Chonamara in 2020. Dúirt sé le NÓS go meallann ceantair “a bhfuil brí ag na logainmneacha áitiúla go fóill” go mór é agus é ag roghnú áite le léarscáiliú a dhéanamh uirthi.

“Agus ceantar cósta agus sléibhe á roghnú agam [le léarscáiliú] is é an rud is tábhachtaí ná an rochtain phoiblí atá ar an áit. Is iondúil go roghnaím ceantair nach bhfuil an oiread sin forbartha déanta orthu agus go bhfuil brí ag na logainmneacha áitiúla go fóill. Mar sin féin, tá an díolachán tábhachtach freisin, mar ní thugtar aon maoiniú poiblí dúinn agus caithfidh muid na costais a chúitimh le díolachán mapaí. 

“Mar sin féin, rinne mé mapaí de cheantair ar nós Néifinne, Cliara, Stua Laighean agus an Staighre Dubh, áiteanna nach gcúiteodh an díolachán na costais agus an obair. Ach is léarscáileanna tábhachtacha iad seo, ar a mbealach féin,” a dúirt sé.

Tá spéis nach beag ag Barry sna logainmneacha ach bíonn cinntí le déanamh maidir le cé na hainmneacha, agus na gnéithe eile, a chuirfear ar an léarscáil chríochnaithe.

“Is féidir mapaí a chur le chéile ar chúpla bealach éagsúil agus bhain mé leas as a bhformhór acu. Bunaítear léarscáil topagrafaíochta mar seo ar íomhánna ón aer agus múnlaí digiteacha. Fágann sé sin go gcaitear ciall a bhaint as na grianghraif chomh maith le dul amach agus sonraí nach bhfuil soiléir ón íomhá a sheiceáil ar an talamh. Is obair ar leith atá i mbailiú agus rangú na logainmneacha. An chéad chéim ansin ná foinsí páipéir a sheiceáil agus ansin dul amach faoin tuath ag labhairt leis na daoine atá ina gcónaí nó ag obair san áit leis an eolas atá ar na taifid a dheimhniú nó a athrú, de réir eolas an phobail.

“Is í an aidhm a bhíonn agam de ghnáth na logainmneacha a bhaineann le topagrafaíocht na háite a chur ar an mapa — idir bhailte fearainn, abhainníní, ghleannta, phortaigh agus ghnéithe den chósta. Ní bhacaim le hainmneacha páirce den chuid is mó ach amháin sa chás go mbaineann siad le leadhbanna móra talún nó go bhfuil tábhacht staire ag baint leo. Tá go leor oibre ann!” a dúirt Barry.

Ní fios go fóill cén uair a bheidh an léarscáil nua ar fáil ach amháin gur in 2023 atá EastWest Mapping ag súil lena fhoilsiú.

Níos mó