Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
lucht-feachana-491,000-ag-cluiche-ceannais-peile-na-mban-ar-tg4

Lucht féachana 491,000 ag Cluiche Ceannais Peile na mBan ar TG4

Bhreathnaigh 491,000 duine ar Chluiche Ceannais Peile na mBan ar TG4 Dé Domhnaigh seo caite, de réir figiúirí féachana atá curtha ar fáil ag TAM Ireland. Bhí 30.6% de lucht féachana na teilifíse in Éirinn ag breathnú ar an gcluiche ceannais a imríodh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Domhnaigh. Bhí 204,900 ag breathnú ar an gcluiche ar an meán ach bhí uasmhéid 279,800 duine ag breathnú ar TG4 agus Corn Bhreandáin Uí Mháirtín á thabhairt leo ag mná na Mí den dara huair as a chéile.

Ní in Éirinn amháin a bhíothas ag breathnú ar an cluiche peile idir Ciarraí agus an Mhí ach i 50 tír ar fud an domhain trí sheinnteoir TG4. Bhí an cluiche á shruthú thar lear ag 14,000 duine ar shuíomh idirlín an stáisiúin Gaeilge chomh maith le 20,000 anseo in Éirinn. Bhí os cionn 46,000 duine i láthair i bPáirc an Chrócaigh ar an lá freisin, laghdú ar líon na ndaoine a bhí i láthair in 2021.

“Mo bhuíochas ó chroí leis na contaetha ar fad, Loch Garman agus Ciarraí go háirithe, a throid go dtí an deireadh i gcaitheamh na Craoibhe an séasúr seo, comhghairdeas le Laois agus leis an Mí agus táim ag súil go mór le ath-imirt Aontroma agus Fhear Manach a bheidh á chraoladh beo ar TG4. Gabhaimid buíochas ar leith leis an slua ollmhór a thaistil chuig na Cluichí Ceannais as gach cearn d’Éirinn.

Tá Contae na Mí ach go háirithe mar eiseamláir do chontaetha eile maidir le cén chaoi slua tacaíochta ollmhór a chothú don LGFA sa dá inscne agus ag gach aois.  Is moladh an-mhór don chontae ar fad é, an léiriú de ‘fandom’ na Mí a chonaic muid i bPáirc an Chrócaigh.Dé Domhnaigh craoladh an 22ú heagrán de Chraobhchomórtas TG4 i bPeil na mBan, stair uathúil de spórt a mhionlaigh an sochaí á chur chun cinn ag meán teanga a mhionlaigh an stát. Ag seasamh go comhfhiosach le chéile táimid ag fás le chéile.  Faoin am a bhainimid 50 bliain den LGFA amach in 2024, tá súil againn go mbeimid go léir níos faide ar an mbóthar i dtreo fíor chomhionannais deiseanna do Pheil Ghaelach na mBan agus do na meáin Ghaeilge,” a dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont.

Níos mó