Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
na-cuig-ait-is-fearr-chun-snamh-iontu-i-gcontae-na-gaillimhe

Na cúig áit is fearr chun snámh iontu i gContae na Gaillimhe

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Tá sé ina fhómhar arís agus an tonn teasa curtha dínn ach ní hin le rá nach mbeidh muintir chróga na hÉireann ag tarraingt ar na tránna áille atá fud fad na tíre le n-iad féin a thumadh sa sáile agus iad sa tóir ar fhaoiseamh na farraige sna seachtainí amach romhainn. Má bheidh tú féin agus do bhicíní ina measc, agus más i gContae na Gaillimhe a bheidh tú, ofrálaim anseo duit mo mholtaí maidir leis na háiteanna is fearr chun snámh iontu sa chontae. 

Uimhir a cúig: An Charraig Dhubh, Bóthar na Trá 

Is bríomhar agus breá an snámh a gheobhaidh tú i mBóthar na Trá agus más é sruth aidréanailín atá uait, is deacair an léim ó na cláir thumtha a bhualadh. B’fhéidir go gcuirfidh sé iontas ar chuid de léitheoirí NÓS go bhfágaim an suíomh cáiliúil seo ag uimhir a cúig ar an liosta ach toisc go bhfuil teacht éasca ar an gCarraig Dhubh ón gcathair, is minic an áit a bheith dubh le daoine. Mar sin ar lá breá, seans go mbeidh ort fanacht tamall le do dheis a thapú chun léime! 

Rud eile faoin gCarraig Dhubh ar fiú a bheith ar an eolas faoi ná go bhfuil difríocht shuntasach le brath san uisce. Mar gheall ar an méid mór fionnuisce a ritheann ón gCoirib isteach go Cuan na Gaillimhe, níl an bhuacacht chéanna i mBóthar na Trá agus mar a bheadh san fharraige de ghnáth toisc níos lú salann a bheith inti. Mar sin ní mór dó shnámhaithe a bheith rud beag níos cúramaí anseo agus gan snámh ann mura bhfuil garda tarrthála i láthair. 

Uimhir a ceathair: Trá na gCeann, Bearna

(Íomha: Visit Galway)

Tá Trá na gCeann suite idir Bóthar na Trá agus Bearna agus fuair sé an lámh in uachtar ar an gCarraig Dhubh ar mo liosta mar gheall go bhfuil níos mó gainimh ar Thrá na gCeann ná na spotaí snámha eile i nGaillimh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil sé níos deise chun do thuáille a leagan anuas ann, ach níos mó ná sin, súnn an gaineamh an teas isteach i rith an lae agus má fhanann tú go mbeidh an taoide lán um thráthnóna, beidh an fharraige féin níos teo le tú féin a thumadh inti. 

Uimhir a trí: Trá an Dóilín, an Cheathrú Rua

Tá suaimhneas speisialta le brath ag an trá coiréalach seo i gcroílár Ghaeltacht Chonamara. Is fiú go mór an tiomáint siar chuig an gCeathrú Rua chun snámh san uisce gléghlan seo. Le bheith cruinn beacht faoi, is gairbhéal bithghineach atá sa trá seo seachas coiréal agus is uathúil an tírdhreach a chruthaíonn siad ag Trá an Dóilín. Mar sin féin, bíonn siad dian ar na cosa! Bí cinnte do flip-fleapanna a thabhairt leat don aistear gearr ón gcarrchlós chuig an uisce. 

Uimhir a dó: Poll na bPéist, Árainn 

Tá an linn snámha nádúrtha seo ar na radharcanna is cáiliúla ar Árainn, ní nach ionadh. Líontar an linn dhraíochtúil ó thollán faoin talamh agus ó na tonnta móra a thagann isteach ón Atlantach. Is eisceachtúil an snámh agus an radharc é ach bí cinnte go bhfágann tú do dhóthain ama chun taisteal ann agus filleadh má bheidh tú ag súil leis an mbád a fháil tráthnóna. Tá an poll suite ar na haillte i gCill Mhuirbhigh, níos mó ná ocht gciliméadar ón gcéibh i gCill Rónáin. 

Uimhir a haon: Iomaí, Baile na hInse

Is seoid í Iomaí nach raibh cloiste agam féin fúithi go dtí le déanaí fiú. 15 chiliméadar siar ón gClochán, is anseo a bheidh an snámh is fionnuaire, fuinniúla agat i gContae na Gaillimhe ar fad. Cuid de dhraíocht an oileáin seo ná nach mbíonn fáil air ach amháin ag lag trá, nuair is féidir siúil nó fiú tiomáint thar an ngaineamh leis an oileán a bhaint amach (eispéireas ann féin, gan trácht ar an snámh!). Tá rogha cladach ar an oileán chun snámh iontu agus is spota snorclála den scoth é leis. Cuir glaoch ar shiopa Sweeney’s ar an gCladach Dubh chun an t-eolas is cruinne a fháil i dtaobh na dtaoidí sula mbuaileann tú bóthar, tabhair leat picnic bheag agus bíodh snámh aoibhinn agat sa tearmann síochánta seo. 

Níos mó