Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘nuair-a-bheidh-gach-rud-foghlamtha-agat,-beidh-tu-marbh’

‘Nuair a bheidh gach rud foghlamtha agat, beidh tú marbh’

| Slaine Ni Chathallain | ,

Táim dulta go Paróiste Dhún Chaoin den gcéad uair sa tsraithín ‘Carachtairí na Leithinse’. Siar chomh fada le Feargal Mac Amhlaoibh a chuas lá breá gréine agus is sa ghairdín aoibhinn ar chúl an tí a thugamar tamall ag caint. Seo mar a bhí againn.

Cad í an chuimhne is sia siad id’ cheann?

“Bhuel, saolaíodh mé i mBleá Cliath in 1943. Bhíos ceithre bliana d’aois is dócha, an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ag an aois sin ná an sneachta. Bhí sneachta trom ar fud na tíre ar fad is dócha in 1947. Do lean sé ansan, lean sé i mBleá Cliath ar feadh cúpla seachtain. Ní raibh éinne in ann dul amach ná dul ag obair. Is cuimhin liom rudaí difriúla i mBleá Cliath nuair a bhíos ana-óg ar fad, is dócha, ag taisteal ar na tramanna. Bhí an chathair lán de thramanna an uair sin. B’in é an modh taistil a bhí ann, ní raibh busanna ann in aon chor, agus nuair a chuimhním anois air, tá siad ag teacht thar n-ais arís agus gach éinne á lorg. Níor fhéadaidís fáil réidh leo tapaidh go leor nuair a bhí na Sasanaigh ag déanamh an ruda chéanna! Is cuimhin liom a bheith ag taisteal timpeall, in aice le Sráid Ghrafton agus Coláiste na Tríonóide ansan, bhíos istigh i gceann acu siúd le mo mháthair chríonna. Is cuimhin liom, bhí fir ag tochailt poll ar an sráid agus bhí orthu seasamh siar nuair a bhí an tram ag dul thar an bpoll!”

Cén lá ab fhearr a bhí riamh id’ shaol agat?

Deir sé liom gur ceist ana leathan í sin! 

“Bhuel, is dócha, chuirfinn gach rud a bhaineann leis an gclann is dócha, chuirfinn in aon phackageamháin iad siúd. An lá a phósamar, na laethanta a saolaíodh ár mbeirt (Muireann agus Malachaí), na laethanta gur phósadar siúd agus na laethanta gur saolaíodh a gcuid leanaí. Is package é sin agus sin an rud ab ansa dom, agus tugann sé sin sásamh dom, iomlán, is cuma faoi aon rud eile, má tá an méid sin bainte amach agam. Tugann siad san ciall agus míniú d’ár saol.”

Dá mbeadh aon chomhairle agat d’ógánaigh, chun an saol is fearr a chaitheamh, cad a déarfá leo?

“Téir le do mhian, aon rud atá uait. Tá sé go hiontach sa lá atá inniu ann gur féidir le daoine óga athrú ó rud amháin go rud eile. Bhí bac iomlán air sin nuair a bhíosa ag fás suas. Deineann tú rud amháin agus fanann tú leis sin go deireadh do shaoil go dtí go gcaithfeá éirí as agus ansan an rud a thugas faoi ndeara agus mé ag fás suas, ana-chuid daoine a bhí pósta leis an jab a bhí acu, nuair a bhí orthu éirí as, ní rófhada a mhaireadar ina dhiaidh sin. Ní raibh faic eile ina saol agus le daoine óga anois, tá ana-chuid roghanna acu, má tá fonn orthu tabhairt fúthu agus gan bheith gafa le haon rud amháin mar táimid ag foghlaim an t-am ar fad. 

Faoi mar a dúirt m’athair, “nuair a bheidh gach rud foghlamtha agat, beidh tú marbh”. Agus tá sé fíor, tánn tú ag foghlaim, foghlaim, foghlaim. Táimse fós ag foghlaim. Fiú amháin nuair a thagann sé go dtí ceol, táim fós ag foghlaim. Sin rud amháin, nuair a bhíos ag foghlaim an veidhlín, dúradh liom cloí leis sin, ná téir go dtí aon uirlis eile mar ní bheidh tú in ann aon cheann acu a dhéanamh i gceart. An chleas óg anois, tá siad ag seinmt dhá cheann, trí cinn, cheithre cinn agus iad go hiontach. Tá sé ar nós teanga, sin í an fhadhb atá in Éirinn, daoine a labhrann Béarla agus gan aon chur amach acu ar aon teanga eile. Daoine óga sa Ghaeltacht, tá an tarna teanga acu agus níl aon strus an tríú ceann a bheith acu, nó an ceathrú ceann.”

Cén píosa ceoil/amhrán is ansa leat?

Bhí sé ana fhuirist d’Fheargal é seo a fhreagairt! 

“Port na bPúcaí,” arsa é, cruinn díreach liom! “Bhíos ag éisteacht le ceol Mháire Breathnach ar maidin ar an ríomhaire, agus chonac go raibh Port na bPúcaí déanta aici agus chuireas ar siúl é agus tháinig an draíocht orm arís agus tá mé ag seinmt Port na bPúcaí le 50 bliain go maith. 

Fuaireas ar dtús é ó Sheán Cheaist agus ansan ní raibh sé de nós ag Seán dul amach an uair sin go dtí’s na pubanna, so bhíos ag dul amach le Dálaigh agus Tom, a dheartháir, agus bhí sé ag Tom chomh maith agus sheinmeamar é sin le chéile go minic agus ba é Tom a thug na focail dom agus bhí a fhios ag gach éinne go raibh na focail ag Tom ach ní raibh sé sásta scaoileadh leo mura gcreid an duine sa scéal. Dá dtabharfadh sé na focail do dhuine nár chreid sa scéal, thiocfadh mí-ádh éigin ar féin agus b’fhéidir ar an nduine. Aon am a chloisim é, cuireann sé draíocht orm.”

An nath cainte is fearr leat?

“Ó, an nath cainte is fearr liom: Is fearr rith maith ná drochsheasamh.” 

Bhí sé ar bharr a ghoib aige ach a gcuireas an cheist! 

“Clúdaíonn sé sin gach rud. Mura bhfuil rudaí ag oibriú amach, bailigh leat! Ná fan ann, chun drochsheasamh a thógaint.”

An clár teilifíse/raidió is fearr leat?

“Éistím ana chuid leis an raidió agus féachaim ar roinnt mhaith teilifíse leis. Níl aon dabht faoi, deinim an suirbhé gach seachtain ar chláir theilifíse agus ar chláir raidió don Ollscoil i nGaillimh. An clár is mó go gcuirim tic leis, na cláracha ceoil gan dabht. Gan dabht bím ag éisteacht le Muireann, ach lasmuigh de Mhuireann, measaim go bhfuil Áine Hensey go hiontach ar Binneas Béil, agus Caoimhín Ó Sé, tá sé nótáltha. An bheirt acu siúd, is léir go dtuigeann siad a gceird, go bhfuil a n-obair baile déanta acu agus go dtuigeann siad cad atá ón éisteoir. 

“Maidir le cúrsaí teilifíse, is maith liom cláracha faisnéise, cláracha a bhaineann le stair. Ní bhacaim le soaps ná rudaí mar sin, ach caithim a adhmháil, gach oíche sula dtéim go dtí an leaba, cuirim Sky News ar siúl. Tá ana-mhuinín agam as Sky News.” (Mheabhraigh sé dom go bhfuil an córas nuachta neamhspleách ar Rupert Murdoch.)


Tá Feargal agus a bhean Áine, buailte fúthu i mBaile na Rátha Thuaidh ó 1986 agus iad sáite i gcoistí pobail, imeachtaí ealaíona, cúrsaí forbartha agus caomhnaithe teangan agus i ngach gné de shaol Chorca Dhuibhne, agus táim buíoch go gcuireadar fáilte chomh mór romham, chun scéal Fheargail (nó beagáinín ana-bheag de), a thaifead. Gura fada buan iad.

Níos mó