Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
stair-i-dtir-na-mbascach-–-cuntas-turasora

Stáir i dTír na mBascach – cuntas turasóra

| Slaine Ni Chathallain | ,

Bhí sé ar an mbucket list le fada, mar sin is ann a bheartaíomar dul ar ár gcéad turas i gcéin i ndiaidh na plá. Más duine (saghas) corrthónach tú, ar mo dhála féin agus ná féidir leat fanacht socair faoin ngréin ar feadh seachtaine, b’fhéidir go dtaitneodh an saoire bheag seo leat. 

D’eitlíomar le Aer Lingus ó Bhaile Átha Cliath go Bilbo. Bhí mo chroí im’ bhéal, ag cuimhneamh ar scuainí an aerfoirt, mar sin, d’fhágamar ar bhus ó Luimneach ar a 5.30 ar maidin. Is ar a 13.15 a bhí an eitilt. Mo léir is peacaí mo shaoil, is ar éigean a bhí deichniúr romhainn sa scuaine, agus bhí cheithre uair a chloig le spáráil againn i gCríochfort 2.Níl sé leath chomh maith le Críochfort 1, ach bhíomair ag braith chugainn is uainn is ag caitheamh airgid ar leabhair is ar bhia gan dealramh!

Avae linn pé scéal é agus chaitheamar dhá oíche i gcathair Bhilbo. Ní raibh an aimsir thar mholadh beirte, bhí sé bog, ceathach, ceobhránach. Bhíomair scoite chun na bothanna pinxtos a thriail. Baineadh ó bhonn sinn, má tá, ach a gcuamar go dtí’n gcéad cheann, a chonaiceamar molta in iris éigin. 

Bhuel! An ramhaireacht a bhí sna fearaibh a bhí ag tindeáil orainn, i ngach áit dá gcuamar, geall leis. Bús is griothal fúthu agus drochbhéasaí, rud a thuigim anois, go bhfuil a gcáil amuigh mar gheall air. Gan aon chéad míle fáilte. Is ar éigean a labhraíodar linn. Ní raibh focal Béarla acu, nó ceann éigin, ní rabhadar chun í a labhairt linne. D’fhoghlaimíomar go tapaidh conas ‘Éireannaigh is ea sinn’ a rá! Soy Irlandesa. Bhíodar ábhairín beag níos deise linn, ach bhí meas agam orthu, ná labharfaidís Béarla linn, ach Spáinnis amháin agus thosnaíosa ag déanamh iarrachta níosa mhó leo, á rá liom féin, go mbeinn ana-shásta in Éirinn dá labhródh eachtrannach Gaolainn liom.

Pé scéal é, ní raibh cliú againn cad a bhíomar ag ordach mar bhíodar laistiar de ghloiní, na smeatháin ar fad. Bhí ainseabhaithe ins na haon rud, i bhfolach! Thaitníodar liom tar éis tamaill, áfach. Bhí mórán iasc leasaithe ann, uibhe, cáis, tuinnín, agus liamhás dos na haon tsórt, anuas ar arán na Fraince, an baguette.

Is mar sin a thugamar an cúpla lá in Bilbo. Tá siúlóid aoibhinn ann cois na habhann, chomh fada le músaem aitheanta an Guggenheim agus tá an tseanchathair go hálainn ar fad le siúl timpeall uirthi. Ar aghaidh linn ar bhus ansan go Donostia. Cathair ana-mhór í seo agus ar mo leabhar breac, n’fhaca riamh oiread daoine in aon áit. Bhí 200,000 duine ag siúl timpeall, má bhí duine, mórán, is dócha gur ag freastal ar fhéile Bhascach a bhíodar. Muintir na háite 99% acu agus is iad a bhí go dea-ghléasta, idir fhir, mhná, leanaí is mhadraí!

Bhí tinte ealaíne ar bun thíos cois na trá gach oíche, agus na mílte sínte ar an dtráigh ag faire orthu. Caithfidh mé a rá, go sileas deor ann. Bhí an bhraistint a fuaireas i measc na ndaoine chomh láidir. Chuaigh a ndlúthpháirtíocht go smior ionam, iad ag amhrán is ag bualadh bos le chéile. Meangadh ar aghaidh chách agus an saol á thógaint breá bog acu. 

Bhí an teas sa chathair seo dochreidte, ach d’fhéadfá síneadh ar an dtráigh dá mba mhian leat. Caithfidh mé a admháil go n-itheamar píotsa anseo. Bhíomar saghas breoite des na pinxtos tar éis tamaill! Ag síorphiocadh, is gan aon ní substaintiúil á ithe. Bhí an fíon nótáltha! ¾ de ghloine a gheofá. Mórán rioja, crianza agus albarino, dá mb’áil leat é, ar €1.40 an gloine.

Siúd linn ansan, ar bhus eile go Biarritz don oíche dheireanach. Ba í seo an áit ab ansa liomsa, cé go raibh an chathair ana-dhaor. D’fhanamar in AirBnB ana-chóngarach don dtráigh, ar a raibh na tonnta iomráiteacha san. Parthas an tonnmharcaigh, agus is ann a bhíodar ina slaoda. D’fhanamar stáir san uisce, báite, smísteáltha ag na tonnta. Bhí ana-chraic againn! Bhí an bia daor anseo, pé acu an crêpe nó sailéad a bhí uait. Bhí beáranna fíona agus cáise timpeall na cathrach, agus tithe aoibhne bána den tseanré le feiscint i ngach áit. Abhaile linn go Baile Átha Cliath an lá arna mháireach ón aerfort, ná fuil ach 15 nóiméad ó lár chathair Bhiarritz. 

Éachtaint ana-thapaidh é seo ar an dturas! Súil agam go bhfoghlaimeoidh sibh rud éigin as seo.  

Tá fáilte is fiche roimh bhainistíocht NÓS eagraí taistil a dhéanamh díom agus íoc as mo chuid raimleála an chéad bhabhta eile! 

Níos mó