Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
geimhreadh-fada-romhainn agus-an-rialtas-ag-snamh-in-aghaidh-an-easa

Geimhreadh fada romhainn agus an rialtas ag snámh in aghaidh an easa

| Eoin O Cathain | ,

Bíonn daoine áirithe neirbhíseach sula dtéann siad ag an bhfiaclóir. Tá aithne agam ar shaor-iriseoirí a dhiúltaíonn teagmháil a dhéanamh leis an gcuntasóir ag deireadh na bliana cánach mar go bhfuil faitíos orthu a fháil amach cé mhéid atá amuigh orthu. An geimhreadh seo, gach seans go mbeidh eagla orainn ar fad an bille aibhléise a oscailt. Táthar á thuairisciú le míonna anuas go dtiocfaidh ardú ‘as cuimse’ ar chostais fuinnimh i mbliana – taibhsítear dom nach bhfuil seachtain a ghabhann thart nach dtugtar foláireamh dúinn faoi mhéadú de 50% nó níos mó a bheith á chur i bhfeidhm.

Is iomaí cúis atá leis seo – an cogadh san Úcráin agus cluichí polaitiúla na Rúise agus easpa fadbhreathnaitheachta na hEorpa (an Ghearmáin, go háirithe) i leith cúrsaí fuinnimh. Go bunúsach, bhí an Eoraip ag brath an iomarca ar an Rúis dá fuinneamh. Tá an pobal buailte go trom ag na laigí sa slabhra soláthair agus ag an ardú sa ráta boilscithe. Ach is cuma faoi na cúiseanna sin ar fad mar is ar an rialtas a chuirfear an milleán.

Ar bhealach, bheadh trua agat don Chomhaontas Glas. Níor athraigh siad a bport le tamall fada – iad den tuairim go gcaithfidh an tír seo foinsí nua fuinnimh a aimsiú agus a fhorbairt, agus gur cheart droim láimhe a thabhairt leis an bhfuinneamh neamh-inathnuaite. Aontaíonn na páirtithe eile agus an pobal leo, ach toisc go bhfuil muid i lár éigeandála níl mórán daoine buíoch don dream a raibh an ceart acu ón tús, ach nár éisteadh leo.

Sin an ceacht polaitiúil atá foghlamtha ag Éamon Ryan, an tAire Comhshaoil. Ní chabhraíonn sé féin lena chás uaireanta, áfach. Cúpla mí o shin, nuair a bhí ganntanas domhanda peitril agus díosail ann bhí praghas an bhreosla os cionn dhá euro in aghaidh an lítir, chuir Ryan fearg ar an bpobal nuair a chomhairligh sé dóibh tiomáint níos moille ar an mbóthar chun úsáid breosla a laghdú. Cuireadh ina leith nár thuig sé gnáthshaol an duine, nó  – buille marfach d’aon pholaiteoir – go raibh meon uasal le híseal aige.

Cuireadh na líomhaintí céanna i leith an Aire arís an tseachtain seo nuair a chuir sé comhairle ar an bpobal gan an meaisín níocháin nó triomadóir éadaí a úsáid ag tréimhse áirithe den lá agus a chinntiú nach mbíonn an teas ar siúl i ngach seomra sa teach. Nach suarach an íomhá a chuir Ryan os ár gcomhair? Dickensian, ar bhealach. D’éirigh cúrsaí níos measa arís nuair a tuairiscíodh go raibh an rialtas den tuairim go ngearrfadh an pobal siar ar úsáid aibhléise go nádúrtha san fhómhar mar go mbeadh an chéad bhille leictreachais eile chomh hard sin go scanrófaí an t-anam astu.

Comhairle ‘mhaslach’ a bhí sa mhéid seo, dar le Sinn Féin, agus ní réiteach dáiríre ar dhúshlán an gheimhridh. Tá an ceart ag lucht cáinte an Rialtais. Tá plean i bhfad níos fearr ag teastáil ón bpobal má tá siad le muinín a bheith acu as cur chuige an rialtais i leith na géarchéime agus an gheilleagair. an eacnamaíocht arís. Is é an laige is mó atá an rialtas faoi láthair, áfach, ná go bhfuil siad diongbháilte faoi go bhfanfaidh siad ar an mBuiséad lena bpacáiste cúnaimh a fhógairt. Braitheann an-chuid ar chinntí a ghlacfar san Eoraip chomh maith. Beidh Eamon Ryan ag freastal ar chruinniú éigeandála sa mBruiséil ag deireadh na seachtaine seo. Idir an dá linn, tá an rialtas ag impí ar an bpobal fanacht tamall eile.

Ach an bhfuil briste ar fhoighne an phobail cheana féin? An bhfuiltear tar éis buntáiste a thabhairt don fhreasúra a bhainfidh leas polaitiúil as an tsáinn ina bhfuil muid?

Níos mó