Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
sceideal-an-phubaill-gaeilge-ag-electric-picnic

Sceideal an Phubaill Gaeilge ag Electric Picnic

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Oslófar na láithreacha campála ar an Sráidbhaile i gcontae Laoise tráthnóna agus beidh na Gaeil ag triall ina gcéadta ar an Electric Picnic idir seo agus an tráthnóna amárach. Bhí an t-ádh ar roinnt mhaith cainteoirí Gaeilge áit a fháil sa láthair speisialta campála do lucht labhartha na Gaeilge ach ná bíodh aon imní ar aon Ghael nach bhfuair áit ann i mbliana – beidh neart imeachtaí Gaeilge ar siúl ar an dá ardán Ghaelacha san Airéine Mhór – an Puball Gaeilge agus an Chollchoill.

Tá an clár ama don Phuball Gaeilge, a bheidh ar siúl sa Mindfield, fógartha anois ag lucht a heagraithe agus an sceideal ag cur thar maoil le himeachtaí, taispeántais, díospóireachtaí agus ar ndóigh ceolchoirmeacha iontacha ó thráthnóna Dé hAoine go hoíche Dé Domhnaigh.

Beidh ceithre phodchraoladh á dtaifeadadh beo sa Phuball i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Cuirfidh Na Seansálaithe tús luath le cúrsaí tráthnóna Dé hAoine ag 16.00, agus Áine Mhaoir, Hugh Carr, agus James Ó Flátharta ar an ardán agus iad ag plé “achan rud faoin spéir”.

Is iad na BAEs an chéad phodchraoladh eile a bheidh ar an ardán sa Phuball – sin iad Áine Ní Bhreisleáin, Siún Ní Dhuinn, agus Sinéad Ní Uallacháin agus a bpodchraoladh iomráiteach Beo Ar Éigean á thaifeadadh acu ag 15.00 tráthnóna Dé Sathairn.

Beidh dhá thaifeadadh i ndiaidh a chéile ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh nuair a bheidh mná Meon na mBan Raidió na Life ar an ardán ag 14.00 – sin iad Emma Ní Chearúil, Róisín Ní Mhaoláin, Niamh Ní Chróinín, agus Jill McMahon. Fanfaidh Emma Ní Chearúil os comhair an mhicreafóin dá clár Brisim Achan Riail le Seán Ó Dubhchon an tí seo agus Cian Mac Cárthaigh ina bpléifidh siad chuile shórt faoi chúrsaí ceoil agus féilte i saol na Gaeilge.

Beidh duine de Na Seansálaithe – Hugh Carr – ar an ardán arís ag 17.00 Dé Sathairn nuair a bheidh a seó ag GaelGÁIRÍ, compántas grinn na Gaeilge. Beidh Oisín Mistéil, Louisa Ní Éideáin, agus Seán Begley ar an ardán ag an seó sinn freisin.

Glacfaidh lucht Fhéile Nasc agus lucht Fhéile na Gealaí seilbh ar an bPuball Gaeilge Dé hAoine agus Dé Sathairn faoi seach agus a gcuid ceoltóirí féin á n-óstáil ag lucht eagraithe an dá fhéile. Beidh Féile Nasc i bhfeighil an tí ó 18.00 – 23.00 Dé hAoine agus leithéidí Feart, Spásas, Karl James, Róisín Chambers agus Natalie Ní Chasaide á gcur i láthair acu. Is iad Féile na Gealaí agus Raidió Fáilte a chuirfidh ‘Fáilte na Gealaí’ i láthair ag an am céanna tráthnóna Dé Sathairn agus Júcbox, Tuath, Lia Lawrence, and Dara Comaoineach, agus na Fae ar an ardán acu sin.

Beidh dhá sheisiún ag ‘Imbolc – Ted Talks na Gaeilge’ i gcaitheamh an deireadh seachtaine – an chéad cheann ar an Satharn ag 11.00 agus an dara ceann ar an Domhnach ag meán lae. Ar na haoichainteoirí a ghlacfaidh páirt sna cainteanna spéisiúla seo beidh Ruth Nic Aibhne, léiritheoir leis an Áisíneacht Spás Eorpach; Nóirín Ní Bhraoin, bunaitheoir Gaelgoer; Eoghan Mac Cormaic, údar an leabhair Ar an bPluid; Niamh Ní Charra, cartlannaí Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe; Caitríona Frost, cnaguirliseoir; Jenny Ní Ruiséil, múinteoir ióga; agus an scannánóir Dónal Ó Céilleachair.

Beidh an Teachta Dála Thomas Byrne, tuairisceoir polaitíochta RTÉ RnaG Eoin Ó Catháin, Jack Mac Íomhair, agus Conchúr Ó Faoláin ar an ardán ag 16.20 tráthnóna Dé Sathairn le labhairt faoi thodhchaí na Gaeilge san Aontas Eorpach. Beidh Eoin ar an ardán díreach roimhe sin freisin in éineacht le Pól Penrose (Bród na Gaeltachta), Lisa Nic an Bhreithimh, agus Cúnla Morris don seimineár ‘An Pobal LADT+ – Dúshláin, Cearta, Dóchas’.

Ar na ceoltóirí a bheidh ag casadh ceoil ó thús deireadh na féile beidh Mory (Aoine 23.20); Lewwab (Aoine, 11.50); Tuan Ó Baoill, Étain, agus Odhrán Mac Ruairí (‘Uair an Ghlóir Úir’, Satharn 13.00); Risteard Ó hAodha agus Róis Ní Chonghaile (Satharn, 14.00); Dáibhí Corvid mac Calim agus Oisín Mór Mac Eo, Súil Amháin, Ponxi agus Screamhound (Satharn 23.20); Marc Langan agus Niamh Ní Chatháin (‘Uair an Ghlóir Úir’, Domhnach 13.00); Eric de Buitléir, Oisín Mac, Blue Orchard, Tom Gaffney, Aduaine, Rónán Ó Snodaigh, Stonemasons, Ispíní na hÉireann (‘Club Puball G’, Domhnach 15.30).

Níos mó